Na Cúigí ag tabhairt aghaidh ar na comórtais ‘sinsearacha’…

Fiú murar éirigh le tír amháin as an limistéar seo babhtaí leath cheannais an Choirn Dhomhanda a bhaint amach, creideann go leor gur sa limistéar seo atá na clubanna is fearr rugbaí ar domhan

Conor Murray (An Mumhan) in aghaidh Treviso i mblianna. Beidh deis iontach ag na Muimhnigh na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Conor Murray (An Mumhan) in aghaidh Treviso i mblianna. Beidh deis iontach ag na Muimhnigh na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tar éis dó a bheith sa Nua-Shéalainn den dara huair as a chéile, tá Comórtas Rugbaí an Domhain, Corn Webb Ellis, thart agus díomá orainn nár éirigh le fiú agus aon fhoireann amháin as an limistéar seo áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais.

Fiú nuair a bhí an comórtas domhanda ar siúl bhí na clubanna ag imirt cluichí i gcomórtas an Pro 12. Ach leis an bhfírinne a dhéanamh, comórtas sóisearach atá sa bPro 12, ceann a thugann deis do chlubanna imreoirí óga ar bheagán taithí triail a fháil sa gcluiche gairmiúil. Ní hionann an cás maidir le Corn na gCuradh agus an Dúshláin, comórtais shinsearacha clubanna an limistéir seo.

Aisteach go leor, fiú murar éirigh le tír amháin as an limistéar seo babhtaí leath cheannais an Choirn Dhomhanda a bhaint amach, creideann go leor gur sa limistéar seo atá na clubanna is fearr rugbaí ar domhan agus gur eatarthu atá an comórtas clubanna is fearr freisin. Seans go bhfuil tionchar mór ag an líon imreoirí ón limistéar theas atá ag imirt san Eoraip air sin. Is dá bharr sin ar fad atá an oiread suime sna cluichí a bheas á n-imirt an deireadh seachtaine seo.

I meas na nGael, is iad na hUltaigh an chéad fhoireann a rachaidh chun páirce i gcomórtas na bliana seo. Beidh siad as baile sa bhFrainc an Satharn seo, iad ag tabhairt faoi Oyonnax, foireann ó limistéir na nAlp atá ag imirt sa gcomórtas seo den chéad uair ariamh. Tá Oyonnax sa tríú háit déag ar thábla an Top 14, gan ach dhá chluiche buaite acu i mbliana. Fágann sin seans iontach ag Cúige Uladh, agus iad faoi stiúir Les Kiss den chéad uair agus iad ag imirt san Eoraip.

Tá buntáiste baile ar fhód naofa Thuamhan ag na Muimhnigh, iad i gcoinne Treviso na hIodáile, foireann nár bhuaigh cluiche amháin féin i gcomórtas Pro 12 na bliana seo. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar an stádas sin an deireadh seachtaine seo. De bharr go bhfuil foireann as an Iodáil (Treviso) i ngrúpa 4, fágann sin go mbeidh deis iontach ag na Muimhnigh na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Bí ag súil le scór mór ón arm dearg an Satharn seo.

San RDS atá iarchuraidh an chomórtais seo faoi thrí, na Laighnigh. I ngrúpa 5 atá siad, grúpa an-chrua ar fad. Is i gcoinne Wasps Shasana atá siad an Domhnach seo, foireann a bhuaigh an comórtas faoi dhó roimhe seo, ach tá Toulon, na curaidh le trí bliana as a chéile, sa ngrúpa freisin. Seans gur leor buntáiste imirt sa mbaile do na Laighnigh agus iad i gcoinne fhoireann atá san 8ú háit ar thábla na Príomhroinne faoi láthair.

Cé nár éirigh leo áit i measc foirne atá ag imirt i gCorn na gCuradh a bhaint amach, tá  na Connachtaigh as baile agus i bhfad as baile an Satharn seo. Imreoidh siad  an chéad chluiche ariamh de Chorn an Dúshláin atá á imirt sa Rúis. Bhí orthu aistear 4,000 míle a dhéanamh le tabhair faoi Enisei-STM, i gcathair Kranoyarsk, sa tSíbéir. Seo é an chéad uair ariamh ag Enisei-STM ná go deimhin aon fhoireann ón Rúis imirt sa gcomórtas seo. Tá sé deacair dá bhrí sin tuar a thabhairt maidir leis an toradh.   Beidh fir Phat Lam ag súil le tús dearfach a chur lena bhfeachtas i gCorn an Dúshláin, mar sin féin, fiú agus iad as baile agus gann ar chúpla imreoir chéad rogha.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag tabhairt aghaidh ar na comórtais ‘sinsearacha’…'