Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag dul in adharca a chéile is súil acu ar áit i gCorn na gCuradh

Beidh coimhlint an deireadh seachtaine idir Chúige Chonnacht Cúige Mumhan

Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag dul in adharca a chéile is súil acu ar áit i gCorn na gCuradh

Caithfear éachtaí Chúige Laighean agus Chúige Uladh an deireadh seachtaine seo caite a lua agus iad ag baint áit amach dóibh féin i gcraobhchluichí chomórtas Rugbaí na hEorpa.

Fiú má bhí buntáiste an bhaile ag an dá fhoireann, bhí siad i gcoinne foirne atá ag déanamh go maith ina gcuid comórtas baile féin, Toulon (Top 14) agus Exeter (Gallagher Premiership). Ní hamháin sin ach bhí lag-imirt Laighean agus Uladh i mBabhta 16 den URC mar ghríosú ag an bhfreasúra. Ach, nuair a chríochnaigh an dá chluiche, cluichí a bhí thar a bheith iomaíoch agus fisiciúil, ba iad foirne an URC a thug an lá leo, léargas go cinnte ar ardchaighdeán an chomórtais sin. Cuimhnigh gur foirne ón URC agus an Top 14 amháin a bheas san iomaíocht do Chorn an Dúshláin agus Chorn na gCuradh i mBilbao faoi cheann coicíse. Theip ar fhoirne an Gallagher Premiership an staid sin den chomórtas a bhaint amach.

Anocht, i mBéal Feirste, beidh Cúige Uladh, foireann atá tite siar go dtí an t-ochtú háit ar thábla an URC i gcoinne na foirne atá ar bharr an tábla, Stormers na hAfraice Theas. Bhí cinneadh mór le déanamh ag Richie Murphy maidir le roghnú imreoirí don choimhlint seo. Ní mór dó tuilleadh gortuithe a sheachaint agus leathshúil aige ar an gcluiche mór sin i mBilbao.

Ach ag an am céanna tá sé ag iarraidh pointe nó dhó a chinntiú ó choimhlint na hoíche anocht chun seans a thabhairt dá fhoireann críochnú sa leath uachtarach den tábla. Tá trí chluiche an-chrua roimh na hUltaigh, na Stormers sa mbaile anocht, Glaschú as baile an tseachtain seo chugainn agus Montpellier i mBilbao an tseachtain ina dhiaidh sin. Beidh Richie Murphy ag brath ar a chuid scileanna lámhchleasaíochta!

Cé nach bhfuil aon imní ar Chúige Laighean atá sa gceathrú háit maidir le críochnú sa leath uachtarach den URC, tá Leo Cullen cráite de bharr liosta fada imreoirí atá gortaithe agus leathshúil aige ar Bilbao faoi cheann coicíse freisin. Mar sin féin, tá cluiche tábhachtach baile ag Cúige Laighean amárach agus iad i gcoinne na Lions ón Afraic Theas, foireann atá ar comhphointí le foireann Átha Cliath ach áit amháin chun cinn orthu ar an tábla. Tá drogall orm toradh a thuar maidir leis an gcoimhlint seo. Is tástáil painéil é do Chúige Laighean ach ag an am céanna beidh na Lions ar thóir pointí chun fanacht sa gceathrú háit nó níos airde agus cluiche ceathrú ceannais baile mar sprioc acu.

Beidh sárchluiche ann.

Beidh coimhlint an deireadh seachtaine idir Cúige Chonnacht, foireann atá sa naoú háit agus Cúige Mumhan atá sa gcúigiú háit. Má thugann na cuairteoirí an lá leo, seans go mbeidh siad cinnte go mbeidh áit acu i gcomórtas na gCuradh an chéad séasúr eile. Ach má éiríonn leis na Connachtaigh an lámh in uachtar a fháil, tabharfaidh siad seans maith dóibh féin an stádas céanna a bhaint amach an tseachtain seo chugainn sa gcluiche i gcoinne Dhún Éideann. Sea, tá sprioc agus mian mhór ag an dá thaobh, foirne atá i mbarr a maitheasa le cúpla seachtain anuas. Tá Staid Dexcom ina chineál dún ag na Connachtaigh ó osclaíodh é. Teastóidh imirt ar leith ó na cuairteoirí más leo é sin a athrú. Ní haon ábhar iontais an tsuim atá sa gcluiche seo.

Imreofar Babhta 3 de Chomórtas Sé Náisiún na mBan amárach. Cuirfidh foireann na hÉireann chun páirce i mBéal Feirste agus iad i gcoinne fhoireann na Breataine Bige. Ábhar iontais a bheadh ann dá dteipfeadh ar mhná na hÉireann an beart a dhéanamh sa gcoimhlint seo. Tá na Breatnaigh fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas. Ní móide go dtarlóidh sé amárach.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag dul in adharca a chéile is súil acu ar áit i gCorn na gCuradh'