Na ceisteanna étiquette a thagann aníos sa bpáirc spraoi

Tá fáilte roimh chuile dhuine sa bpáirc spraoi ar ndóigh, ach, le bheith féaráilte, tá sé intuigthe go mbeadh páiste nó dhó faoi do chúram is tú ag fáinneáil thart ar na luascadáin

Na ceisteanna étiquette a thagann aníos sa bpáirc spraoi

Cheap mé go raibh mé in ann déileáil leis an gcuid is mó de na ceisteanna étiquette a thagann aníos sa bpáirc spraoi. Ach, nuair a tháinig muid ann an lá cheana bhí triúr fear fásta i seilbh na mbarraí moncaí agus caithfidh mé a rá gur tháinig sé sórt aniar aduaidh orm.

Tá fáilte roimh chuile dhuine sa bpáirc spraoi ar ndóigh, ach, le bheith féaráilte, tá sé intuigthe go mbeadh páiste nó dhó faoi do chúram is tú ag fáinneáil thart ar na luascadáin.

Mhaithfí é sin fhéin duit ach aird a thabhairt ar an gcéad riail a bhaineann leis an bpáirc spraoi; faigheann chuile dhuine seans ar na barraí moncaí. Is cuma más naíonán ceanndána nó Bodach an Chóta Lachtna thú, is í an riail chéanna í; gheobhaidh tú do sheans is caithfidh tú a ghabháil siar ansin go deireadh na líne is seans a thabhairt don chéad duine eile.

Ná bí ag súil go bhféadfaidh tú an lá uilig a chaitheamh do do luascadh féin anuas ó do cholpaí, ag Snapchattáil is ag tógáil féiníní. Cuimhnigh go bhfuil daoine eile sa bpáirc spraoi freisin agus tá fonn orthusan iad féin a luascadh anonn is anall bunoscionn ar na barraí moncaí chomh maith céanna leatsa.

Is ar Conor McGregor atá an locht, dháiríre. Chuir seisean spórt na callaistéinice, nó an traenáil sráide mar a thugtar uirthi,  i mbéal an phobail. Tá misneach tugtha aige do bhuíon leadsaí óga ar fud na tíre agus iad ar thóir matáin chnapógacha bhoilg.  

A bhuíochas de ghaiscí McGregor, is í an traenáil sráide an spórt is mó fáis in Éirinn faoi láthair. Go háirithe sna páirceanna spraoi, áit a bhfuil sí imithe chun cinn go mór ar an hopscotch, an folach bíog agus fiú ar ‘Cén t-am é, a Mhic Tíre Uasail?’.

Tá gnéithe ón ngleacaíocht, na healaíona comhraic measctha, ióga agus damhsa sa spóirt seo ina n-úsáidtear meáchan an choirp féin chun na matáin a láidriú is solúbthacht an choirp a fheabhsú.

Spórt cothromaíoch atá ann agus níl aon chall dhuit trealamh daor a cheannach nó ballraíocht sa giom a bheith agat chun máistreacht a fháil air. Níl uait ach díograis, dúthracht agus teacht a bheith agat ar bharraí moncaí.

Chuile dhuine is a bhealach fhéin agus nach fearr i bhfad d’fhir óga na tíre (agus mná) a bheith ag traenáil sa bpáirc spraoi ná a bheith caite sa mbaile?

An t-aon fhadhb atá againn anois ná go gcaithfear an chéad riail don pháirc spraoi a mheabhrú do dhaoine agus sceideal de chineál éicint a oibriú amach sa gcaoi is gur féidir le chuile duine sa bpobal leas a bhaint as na páirceanna spraoi.

Ar an gcaoi sin, gheobhadh chuile dhuine seans ar na barraí moncaí.

Fág freagra ar 'Na ceisteanna étiquette a thagann aníos sa bpáirc spraoi'