Ná bac na bobarúin a rinne Ladies Walk de Chosán na nAinnir agus Toornafulla de Thuar na Fola

Coinníonn ainmneacha chlubanna Chumann Lúthchleas Gael an stair agus an oidhreacht a bhaineann linn inár gcuimhne, más i ngan fhios dúinn féin é

Ná bac na bobarúin a rinne Ladies Walk de Chosán na nAinnir agus Toornafulla de Thuar na Fola

Beidh a fhios agaibhse a léann mo chuid rámhaillí anois agus arís féin go bhfuil gean faoi leith agam ar ainmneacha chlubanna Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre. Bainim an-solamar as an gcaoi a gcoinníonn siad an stair agus an oidhreacht a bhaineann linn inár gcuimhne, más i ngan fhios dúinn féin é. Liosta fada de naoimh agus de náisiúnaithe is mó atá iontu agus thar rud ar bith taisce logainmneacha áille nár ghá a mhíniú go ndeachaigh bobarúin ag plé leo – iad siúd a rinne Skeheenaranky de Sceichín an Rince, Ladies Walk de Chosán na nAinnir, Toornafulla de Thuar na Fola agus Newport do Bhaile Uí Fhiacháin.

Mar atá ráite agam is as an stair, as an tíreolaíocht sa gciall is bunúsaí di agus as an gcreideamh Caitliceach atá formhór na gcumann atá sa tír ainmnithe ach tá corr-eisceacht ann.

Long chogaidh a bhí in úsáid ag Cabhlach na Breataine ón 16ú céad go dtáinig an 19ú céad ab ea an ‘Man of War’. Chomh fada siar leis an mbliain 1595 bhí tábhairne den ainm ar an mbóthar idir na Sceirí agus Baile Brigín i dTuaisceart Átha Cliath. Le imeacht ama tugadh sin freisin ar an gceantar máguaird ina bhfuil bailte fearainn darbh ainm Cartlach, Mullach Onainn agus Baile Phámar. Tá cumann CLG ann ó 1946 agus ‘Long Cogaidh’ mar ainm air.

Le hais crosbhóthair ar an N80 i gcontae Cheatharlach atá an tábhairne a bhfuil na ‘Coiligh Throdacha’ nó na ‘Fighting Cocks’ mar ainm air. Seo teach óil eile as ar baisteadh club, ceann a bhfuil craobh shinsearach peile a gcontae buaite acu agus a bhfuil a n-ainm ar cheann de na cinn is iomráití sa tír.

Club peile a bhain le héanlaith freisin ab ea Na Sionnaigh agus na Géanna, club faraor atá tite i léig le fada agus nár chuala mé trácht riamh air go dtáinig an tseachtain seo.

Bhí na Sionnaigh agus na Géanna san iomaíocht sa gcluiche ba thúisce a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh agus ar Dhomhnach na Fola ar an 21 Samhain 1920. Beidh Cumann Lúthchleas Gael ag déanamh comóradh céad bliain ar an ócáid go gairid agus ní fada go n-osclóidh taispeántas a bhaineann leis an lá sa Mhúsaem atá acu ansiúd.

Fágadh Páirc an Chrócaigh díomhaoin ar feadh trí seachtaine de bharr an luíocháin inar maraíodh peileadóir Thiobraid Árann, Micheál Ó hÓgáin agus triúr déag eile – meastar go mba bheart díoltais a bhí ann ar mharú seisear déag gníomhairí faisnéise de chuid arm na Breataine ag an IRA níos luaithe sa lá.

As comharsanacht Chluain Dolcáin ag ea na Sionnaigh agus na Géanna a d’imir cluiche ceannais sóisear B de chuid Átha Cliath in aghaidh Eimitigh Bhaile an Mhuilinn ar an 12 Nollaig 1920. Comhscór a bhí ann.

Le teann fiosrachta rinne mé tuilleadh tochailte go bhfuair mé amach nach é amháin go mba ainm áite a bhí ar an bhfoireann ach go bhfuil seoladh an cheantair á úsáid i gcónaí sa lá atá inniu ann, cé gur fadó an lá a shlog iardheisceart Bhaile Átha Cliath an ceantar tuaithe as a dtáinig peileadóirí 1920.

I bparóiste Chluain Dolcáin atá an áit a raibh an t-ainm Coimín an tSionnaigh agus na nGéanna ar dtús air. Anois tá a fhios ag an saol go mba é a bhí sa gcoimín ná giodán talún a raibh úinéireacht ag níos mó ná duine amháin air agus cearta innilte acu ar fad ann. Ar eallach agus ar chaoirigh ba mhinice a dhéantaí beathú, ach gan amhras bhíodh éanlaith clóis i gceist freisin. Céard faoin sionnach? Tá faitíos orm go gcaithfidh tú a theacht ar dhuine níos eolaí ná mise go bhfaighidh tú freagra na ceiste sin.

Ach tá mé in ann a rá leat gur gar d’áiteacha a chuala tú luaite go minic ar ‘AA Roadwatch’ a bhí agus atá Coimín an tSionnaigh agus na nGéanna – téann an R110, nó Bóthar Nás na Rí agus Bóthar an Mhíle Fhada trína cheartlár, ritheann an Chanáil Ríoga lena ais agus thabharfadh cic mhaith den liathróid chomh fada le Timpeallán na Bó Deirge tú.

Bhí peileadóirí an tSionnaigh agus na nGéanna ar ais arís i bPáirc an Chrócaigh san athimirt den chluiche ceannais ar an Domhnach 19 Nollaig 1920, ach mo léan fuair na hEimitigh an ceann ab fhearr orthu.

D’ainneoin sin, choinnigh siad orthu ag imirt sna 1920idí agus 1930idí ach chinn orm tásc ná tuairisc a fháil ar an gcumann ón mbliain 1940 i leith.

Is dóigh gur shlog na clubanna móra eile a tháinig chun cinn sa gceantar iad mar a tharla d’fhéar glas an choimín le scaipeadh an fhásaigh mhoirtéil.

Díreach mar a shlogfadh an sionnach na géanna, ach an deis a fháil!

Fág freagra ar 'Ná bac na bobarúin a rinne Ladies Walk de Chosán na nAinnir agus Toornafulla de Thuar na Fola'

  • Pádraig

    Is mór an trua anois nach bhfuil an oiread sin measa ar ainmneacha contae na laetha seo nuair nach bhfuil ainmneacha na gcontaetha le léamh ar gheansaithe ach amháin go mion i suaitheantais ar an bhrollach. Is léir go bhfuil tosaíocht tugtha go hiomlán do lucht urraithe agus ainmneacha Gaelacha na gcontaetha tréigthe dá bharr. Cá bhfuil tiomantas an CLG i dtreo na Gaeilge?