Na All Blacks sa Nua-Shéalainn – an dúshlán is mó dá bhfuil ann

Má bhíonn freagra ar roinnt ceisteanna againn ag deireadh an turais seo, beidh muid ag dul go maith roimh an gcorn domhanda an bhliain seo chugainn

Na All Blacks sa Nua-Shéalainn – an dúshlán is mó dá bhfuil ann

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

D’éirigh le foireann idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar na All Blacks faoi thrí le sé bliana anuas, rud nár éirigh leo a dhéanamh ariamh roimhe sin. Is i Soldier Field i Chicago in 2016 a chloígh muid ceann de na foirne rugbaí is fearr ar domhan don chéad uair ariamh. 

Seachas ócáid amháin i 1973 nuair a bhí na foirne cothrom i gcluiche a imríodh ar sheanPháirc Lansdún, bhí an lámh in uachtar ag foireann na Nua-Shéalainne na trí uair is tríocha a chas na foirne seo ar a chéile ó 1905. Go deimhin, is iad na hÉireannaigh a thug an lá leo mí na Samhna 2021, an uair dheiridh ar chas na foirne seo ar a chéile ach is fiú a mheabhrú gur i Staid Aviva a imríodh an cluiche sin díreach mar a tharla in 2018 nuair a bhuaigh muid freisin.

Is cluichí dúshláin nó cluichí nach raibh tada seachas údar mórtais mar luach saothair astu a bhí sna trí chluiche sin a bhuaigh foireann na hÉireann. Ní raibh aon chraobh i gceist agus níos tábhachtaí fós i gcomhthéacs chuairt seo na dtrí chluiche tástála atá á tabhairt ag foireann Andy Farrell ar an Nua-Shéalainn. Is fiú a lua nár bhuaigh na hÉireannaigh sa limistéar sin ariamh.

Níor imir na Gaeil sa Nua-Shéalainn ó 2012 nuair a bhí siad faoi stiúir Declan Kidney ach bhí bua éasca ag foireann an bhaile sna trí chluiche a imríodh. Go deimhin náirigh na All Blacks muid sa tríú cluiche nuair a d’éirigh leo 60 pointe a aimsiú agus chinn sé orainne oiread is ceann amháin féin a chlárú. Seans maith go mbeidh an cluiche sin go mór i gcuimhne Johnny Sexton, Peter O’Mahony, Cian Healy agus Keith Earls, fir a d’imir an lá sin agus atá ar an turas seo freisin agus a bheas ag imirt arís inniu.

Mar sin féin, tá athrú suntasach ar an gcluiche gairmiúil sa tír seo ó 2012. Tháinig agus d’imigh ré órga Joe Schmidt agus níor thóg na Gaeil céim ar gcúl le teacht Andy Farrell. Ní hamháin sin, is iad na Springboks atá ar bharr thábla foirne idirnáisiúnta an rugbaí faoi láthair agus is sa tríú háit atá na All Blacks. Na hÉireannaigh atá sa gceathrú háit.

Ar an gcéadfhéachaint ar na foirne ar aon chaoi níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne seo, seachas an mórbhuntáiste atá ag foireann an bhaile. Fuair muid léargas ar an mbuntáiste sin Dé Céadaoin seo caite nuair a d’imir imreoirí dara rogha na hÉireann cluiche i gcoinne na Māori, nó foireann ‘A’ na Nua-Shéalainne.

Ach ní hionann na Māori agus na All Blacks agus is cinnte go mbeidh chuile imreoir sa ngeansaí dubh ar a mhíle dícheall ag iarraidh a chinntiú nach scriosfaidh siad an cháil iontach atá orthu sa mbaile i gcoinne cuairteoirí ón tír seo.

Is cinnte gur bhreá liomsa agus le chuile Éireannach bua nó dhó a fheiceáil le linn na dtrí seachtaine atá amach romhainn ach mura dtarlaíonn sin, beidh mise sásta má leanann muid leis an bhforbairt atá á déanamh faoi Andy Farrell. Beidh mé ag súil freisin go bhfeicfear sna cluichí seo, a bheas thar a bheith crua, go bhfuil imreoirí againn a bheadh sách maith le seasamh sa bhearna bhaoil dá mbeadh na frapaí, Furlong agus Porter, gortaithe. Tá muid freisin ar thóir imreora a bheas in ann imirt in áit Sexton, gan trácht ar an easnamh toirte agus fisiciúlachta atá dár gcrá sa dara líne tosaithe.

Má bhíonn freagra ar chuid de na ceisteanna sin ag deireadh an turais seo, beidh muid ag dul go maith roimh an gcorn domhanda an bhliain seo chugainn. Cuimhnigh go bhfuil seans maith ann go gcaithfidh muid na All Blacks a imirt sna cluichí ceathrú ceannais sa chomórtas sin.

Nárbh fhearr bua sa gcluiche sin ná ceann i gcluiche dúshláin, fiú más sa Nua-Shéalainn a imreofar é?

Fág freagra ar 'Na All Blacks sa Nua-Shéalainn – an dúshlán is mó dá bhfuil ann'