Mura n-athraíonn cur chuige an fheachtais in aghaidh an ochtú leasú, beidh an bua ag ‘TÁ’

Tá amhras nó imní curtha ar vótóirí áirithe ag an bhfeachtas in aghaidh na haisghairme. Ach tá éirim na bhfigiúirí soiléir… 

Mura n-athraíonn cur chuige an fheachtais in aghaidh an ochtú leasú, beidh an bua ag ‘TÁ’

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ní cóir feachtas diúltach roimh reifreann a lochtú riamh toisc gur cás diúltach a chuirtear chun cinn lena linn. Ní foláir rogha a dhéanamh i ngach reifreann idir aontú agus diúltú, agus idir ‘TÁ’ nó ‘NÍL’.  

Ní fhágann reáchtáil reifrinn slí i lár báire ná spás comhréitigh.  Mura n-aontaíonn dream ar bith le hathrú a mholtar ar an mBunreacht, agus má eagraíonn siad feachtas ina aghaidh, ar ndóigh beidh caint dhiúltach ina dlúthchuid den fheachtas.

Má théann an freasúra, nó cuid de, thar fóir lena gcás, faoi mar a tharlaíonn i gcónaí, ní féidir a bheith cinnte cé mhéad sochair nó dochair a dhéanfar dá bharr. Meallann áibhéil vótóirí áirithe, ach cuireann sí olc ar vótóirí eile.

Tá dhá phóstaer crochta ar an gcuaille solais céanna ag crosbhóthar i mBaile Átha Cliath. Aisghairm an ochtú leasú molta ar cheann amháin, vóta in aghaidh aisghairme molta ar an gceann eile.

Níl ach briathra ar phóstaeir an Lucht Oibre:

 ‘FOR COMPASSION IN A CRISIS: YES’

Tá pictiúr de pháiste sa bhroinn ar phóstaeir a chuir an feachtas i bhfabhar an ochtú leasú (‘Save the Eighth’) agus na briathra seo a leanas os cionn an phictiúir:

‘A LICENCE TO KILL? VOTE NO TO ABORTION ON DEMAND.’

De réir na pobalbhreithe a foilsíodh san Irish Times Dé hAoine, tá dul chun cinn déanta ar dhóigh amháin ag na heagraíochtaí éagsúla atá ag cur in aghaidh aisghairm an ochtú leasú. Tá an céatadán atá i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú laghdaithe ó 56% go dtí 47% in imeacht trí mhí.

Mhéadaigh céatadán na ndaoine atá éiginnte nó idir dhá chomhairle sa tréimhse chéanna ó 15% go dtí 20%. Ach tháinig drochscéala don fhreasúra sa reifreann seo sna sála ar an dea-scéala sa phobalbhreith, mar go raibh laghdú 1% tagtha ar an gcéatadán (29%) a deir go vótálfaidh siad ‘NÍL’.

Tá amhras agus imní á mhéadú ag an bhfreasúra, más fíor fianaise an tsuirbhé, ach níl ag éirí leo cur le líon na vótóirí a aontaíonn leo. Má bhíonn rath ar fheachtas, neartaíonn a lucht leanúna de réir mar a théann an taobh eile ar gcúl. Ní claonadh dá leithéid ach a mhalairt a léirigh an phobalbhreith seo. 

Ar ndóigh, ní dheimhníonn bearna mhór, fiú bearna 19%,  idir an dá thaobh i reifreann ar bith gur rogha dá réir a dhéanfar faoi dheireadh. Níl lánchinnteacht ann fós gur ‘TÁ’ a déarfaidh móramh ar an 25 Bealtaine.

Is leor cuimhneamh ar an dara reifreann ar cholscaradh i 1995, nuair a thug pobalbhreitheanna le fios go raibh bearna mhór idir an dá thaobh cúpla mí roimh lá na vótála.  Níor vótáil ach móramh beag bídeach (50.28%) i bhfabhar chealú an choisc faoi dheireadh.

Gan dabht, tá ábhar beag dóchais ag an bhfreasúra sa reifreann seo, mar gheall ar an difríocht mhór idir tuairimí na n-aoisghrúpaí éagsúla. Tá 86% i bhfabhar na haisghairme san aoisghrúpa 18-24, de réir phobalbhreith an Irish Times. Tá claonadh láidir sa treo eile soiléir i measc seandaoine, agus  tá 66% i gcoinne an leasaithe i measc vótóirí atá os cionn 65 bliain d’aois. 

Má staonann go leor daoine óga ó vótáil sa reifreann, mar a staonann siad go minic, beidh deis ag an bhfeachtas in aghaidh aisghairme cuid den bhearna idir an dá thaobh a laghdú. Ach ní leor níos mó ‘an vóta liath’ chun claonadh tuairimíochta an phobail a athrú, mar a léirigh toradh an reifrinn ar phósadh aon-inscne in 2015.

Tá amhras nó imní curtha ar vótóirí áirithe ag an bhfeachtas in aghaidh na haisghairme. Ach tá éirim na bhfigiúirí soiléir.  Murar féidir leo cur ina luí ar sciar suntasach den phobal tacú lena gcás, seachas a bheith amhrasach faoi chás an taoibh eile,  beidh a rás rite agus ‘TÁ’ déarfaidh an móramh, más beag nó mór é, ar an 25 Bealtaine.  

Fág freagra ar 'Mura n-athraíonn cur chuige an fheachtais in aghaidh an ochtú leasú, beidh an bua ag ‘TÁ’'

  • Pádraig

    Cuireann sé iontas ormsa mar dhuine ar son na beatha go bhfuil an méad sin daoine san aoisghrúpa 18-24 i bhfabhar ginmhillte. Cuireann sé déistean orm freisin.

  • Pól Ó Braoin

    Beidh an la ag TÁ cheapfainn… Tháinig dalladh daoine óga amach ag vótáil don phósadh fear le fear agus bean le bean… daoine óga nach bacfaidh le teacht amach ag vótáil sna toghcháin… agus tarlóidh an rud céanna leis an rud seo… agus más rud é nach dtiocfaidh toradh an vóta le tuairim Varadcar an chéad uair, bhuel rithfear reifreann eile…

  • Laoise

    Sílim go dtuigeann daoine óga nach bhfuil rudaí chomh simplí agus dubh agus bán. Tá tuiscint acu go mbíonn cásanna liath uaireanta agus gur ag an duine féin gur cheart an cinneadh a bheith le déanamh. An rud a chuireann déistean ormsa ná daoine ag ligint orthu féin nach bhfuil ginmhilleadh ag tarlú cheana féin agus ag cur iachall ar dhaoine taisteal thar lear nuair atá siad tar éis cinneadh fíordheacair a dhéanamh. 12 bean Éireannach sa lá as baile gan tacaíocht! Cuireann sé déistean orm an chaoi go gcaitheann muid leo.