Muintir Chiarraí ag súil le freagra pras in aghaidh Chorcaí

Dá mbuafadh Ciarraí inniu, thabharfadh sé deis dóibh filleadh ar a bpaiste féin i gCill Airne do réamhbhabhta ceathrú ceannais

Muintir Chiarraí ag súil le freagra pras in aghaidh Chorcaí

Casfaidh Corcaigh agus Ciarraí ar a chéile i bPáirc Uí Chaoimh inniu agus ainneoin a bhfuil á rá faoin easpa iomaíochta a taibhsítear do dhaoine a bheith sna babhtaí seo, níl aon amhras ná go bhfuil duais mhór le buachtaint.

Ag glacadh leis go mbuafaidh Maigh Eo agus Ciarraí ina ndiaidh ar chontae Lú, séard atá i gceist, a bheag nó a mhór, don mbuaiteoir inniu ná go mbeidh cluiche cáilithe ceathrú ceannais ag baile acu agus ní beag san mar dhuais.

Dá mbuafadh Corcaigh thabharfadh sé deis eile dóibh iad féin a thástáil ag baile sara scaoilfidís fé mhachairí Pháirc an Chrócaigh. Bheadh misneach tagtha chuchu chomh maith as curaidh uile-Éireann a chloí agus b’fhéidir dóchas go bhfuil srathair na hainnise curtha díobh acu sa tsíorchoimhlint idir iad agus a namhaid thar teora siar.

Dá mbuafadh Ciarraí, thabharfadh sé deis dóibh filleadh ar a bpaiste féin i gCill Airne do réamhbhabhta ceathrú ceannais. Deis í seo a dtreascairt in aghaidh Mhaigh Eo coicíos ó shin a chúiteamh leo féin agus lena lucht leanúna toisc go ngoill sé go mór ar dhílseoirí na caide sa chontae go raibh deireadh tagtha le rith hocht mbliana is fiche gan a bheith cloíte i gCill Airne.

Tá sceanairt á déanamh ar imreoirí agus lucht bainistíochta i gCiarraí ó shin agus cé go bhfuil scata ag tuar go mbeidh speach iontu dá bharra, níl aon fhianaise againn ó thús na bliana go bhfuil an speach san i mbuíon na Ríochta.

Ní léiríonn aon cheann de na slata tomhais a bheadh ag foirne go raibh Ciarraí i dtiúin le bunriachtanais an chluiche in aghaidh Mhaigh Eo. Buadh glan orthu faoin gcaid sciorrtha, ní raibh ach seacht gcic amach as fiche buaite acu, baineadh seilbh na caide díobh naoi mbabhta dhéag ar fad agus bhí an ráta gleice chomh híseal is a facthas le tamall fada uathu. Má tá freagra pras le teacht in aghaidh Chorcaí, tá sé ana-shoiléir don uile dhuine cad as atá an feabhas le teacht.

Ní bheinnse chomh siúráilte sin go bhfuil an feabhas san iontu gan leagan amach agus cur chuige na foirne a athrú ar shlí éigin. Nílim deimhnitheach go dtuigeann painéal Chiarraí an phráinn a bhaineann leis an gcúram. Tá Adrian Spillane agus Paul Murphy ainmnithe ar an bhfoireann an uair seo agus Dylan Casey agus Tony Brosnan fágtha ar lár.

Adrian Spillane ©INPHO/James Crombie

Beirt shaighdiúirí agus beirt chapall oibre is ea Spillane agus Murphy ach is cúis imní é ná fuil aon imreoir tagtha chun cinn ó thús na bliana seo ag Ciarraí a thabharfadh splanc bheag bhreise dóibh. Sa bhliain 2006 nuair a bhí lucht leanúna an chontae casta i gcoinne Declan O’Sullivan, fágadh ar an dtaobhlíne ar feadh seal é chun a bhuille a aimsiú arís. Tá sár-imreoir eile, Seán O’Shea, sa chan céanna inniu agus deinim amach ná déanfadh sé aon díobháil dó tréimhse mharana a chaitheamh ar an dtaobhlíne.

Is dóigh liom, tar éis an taispeántais in aghaidh Mhaigh Eo, gurb í an aidhm a bheidh ag Jack O’Connor is a chriú ná daingniú a dhéanamh ar na babhaltaí sa chosaint agus soiléiriú níos fearr a thabhairt do Thadhg Morley ar a ról féin, ról a comhlíonadh go paiteanta anuraidh ach ról atá éirithe ábhar beag scaoilte le himeacht aimsire.

Maidir le Corcaigh, cúis iontais do mhórán ná raibh a bpríomhaimsitheoir, Stephen Sherlock, ag tosnú an lá deireanach in aghaidh chontae Lú ach is deacair áiteamh leis an 1-19 a aimsíodh ina éagmais agus tá Brian Hurley maith in ann na ciceanna saora a thógaint. Cé gurb é Chris Óg Jones atá ainmnithe i ngnáth-ionad Sherlock, i ndáiríre, is é Killian O’Hanlon atá istigh agus é mar sprioc ag Corcaigh rith cruaidh trí cheartlár líne chosanta Chiarraí agus a bheith ag súil ná beidh fonn fiaigh ar Chiarraí. Is sa bhfonn san atá freagraí na gceisteanna go léir do Chiarraí sna seachtainí amach romhainn. Muna gcíonn tú inniu é, tá Ciarraí i dtrioblóid.

Oisín Doherty Dhoire ©INPHO/Cathal McOscar

Thuaidh i mBealach Féich amárach chífimid cén dul chun cinn atá déanta ag foireann na háite agus iad ag iarraidh teacht ó dhúshláin an earraigh. Cúis mhór mhisnigh dóibh a gcaptaen, Paddy McBrearty, bheith thar n-ais ar an bpainéal agus ní bheinn ag déanamh beag is fiú ach an oiread dá dteacht aniar as baile coicíos ó shin in aghaidh chontae an Chláir.

Is furaist aithint canathaobh ná raibh oiread is bua amháin acu idir an chéad bhabhta sraithe in aghaidh Chiarraí i ndeireadh mhí Eanáir agus an bua úd ar chontae an Chláir ach más fíor na tuairiscí go bhfuil fuinneamh agus fuadar sa traenáil arís agus Páirc Mhic Cumhaill i mBealach Féich mar dhún daingean go stairiúil dóibh, tá cogar mogar arís ann go mb’fhéidir go bhfuil na Conallaigh á múscailt féin athuair.

Má thógann siad na ceachtanna a thóg Muineachán ar bord agus iad ag cur scáthán le cur chuige Dhoire agus má fhéachann siad ar an tslí a bhfuair Ard Mhacha earraíocht éigin ó bheith ag fáscadh isteach (más mall féin) ar Dhoire i gcluiche ceannais Uladh, b’fhéidir go mbeadh Dún na nGall ag foghlaim de réir mar a théitear isteach sa dara leath. Shamhlófá, áfach, go ndéanfaidh Doire na rudaí céanna is a dhéanfaidh Dún na nGall ach go ndéanfaidh Doire ábhar beag níos fearr iad.

 

Fág freagra ar 'Muintir Chiarraí ag súil le freagra pras in aghaidh Chorcaí'