Tá níos mó daoine i dTuaisceart Éireann “muiníneach” as a gcumas sa nGaeilge ná mar a bhí le blianta fada, de réir taighde nua.
Deir 15% den phobal ó thuaidh in 2025 go bhfuil muinín acu i labhairt na Gaeilge, méadú ó 6% deich mbliana ó shin. Deir 20%, duine as gach cúigear, go bhfuil muinín acu ina gcumas an Ghaeilge a thuiscint, ardú ó 8% in 2015.
Tá na figiúirí bunaithe ar thorthaí suirbhé nua a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.
Tá an pobal ó dheas níos muiníní as a gcumas sa teanga ná mar a bhí le cúpla bliain anuas freisin.
Dúirt 22% den phobal ó dheas go raibh siad muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a labhairt (ardú ó 20% anuraidh) agus 37% a dúirt go raibh siad muiníneach go bhfuil siad in ann an Ghaeilge a thuiscint (ardú ó 35% in 2024).
Tá na figiúirí sin ó dheas fós níos ísle ná mar a bhí in 2017 – 31% a bhí muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a labhairt agus 40% a bhí muiníneach as a dtuiscint ar an nGaeilge an bhliain sin – ach deir Conradh na Gaeilge gur athraíodh an mhodheolaíocht don suirbhé idir an dá linn agus nach féidir comparáid dhocht a dhéanamh.
De réir na ndaonáireamh is déanaí, bhí 13% den daonra trí bliana nó os a chionn ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ó dheas agus 2% a bhí i gceist ó thuaidh.
I nDaonáireamh 2022, cuireadh ceist ar dhaoine ó dheas den chéad uair faoina líofacht sa Ghaeilge agus 3.9% de dhaoine a dúirt go raibh Gaeilge an-mhaith acu agus 30% a dúirt go raibh Gaeilge mhaith acu.
Deir Cassie Ní Chatháin ó Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí ón suirbhé nua dul chun cinn soiléir maidir le cumas teanga, go háirithe sna sé chontae, ach go bhfuil tuilleadh tacaíochta ag teastáil ón dá rialtas má tá muinín ina gcumas sa teanga le spreagadh i measc tuilleadh daoine.
“Má tá muid ag iarraidh go dtiocfaidh fás suntasach ar na huimhreacha seo sna blianta amach romhainn, beidh gá le leibhéal uaillmhéine i bhfad níos airde ó na rialtais, thuaidh agus theas,” a deir Ní Catháin.
“Ní tharlóidh dul chun cinn de thaisme – tá infheistíocht leanúnach, pleanáil fhadtéarmach, agus fíorthiomantas de dhíth chun tacú le pobail, le foghlaimeoirí agus le cainteoirí ag gach leibhéal. Is gá deiseanna labhartha, úsáide agus foghlama a chruthú do dhaoine ionas gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid go rialta achan lá fud fad na tíre.”
Deir Ní Chatháin go bhfuil “bealach chun tosaigh” leagtha amach i bPlean Fáis Chonradh na Gaeilge chun deiseanna úsáide a sholáthar do dhaoine.
Rinneadh an taighde mar chuid de shuirbhé bliantúil Chonradh na Gaeilge, ‘Céard é an Scéal?’. Beidh tuilleadh de thorthaí an tsuirbhé á bhfoilsiú ar Tuairisc sna laethanta amach romhainn.
Daoine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó thuaidh agus ó dheas agus rinneadh na hagallaimh mí Iúil. Rinneadh 1,648 agallamh ó dheas agus 1,051 agallamh ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.1% ó thuaidh.
Fág freagra ar 'Muinín daoine as a gcuid Gaeilge méadaithe ó thuaidh agus ó dheas'