Muinín á cailliúint ag Bord RTÉ san fheidhmeannas – Ní Raghallaigh

Tá ag géarú ar an mbrú ar fheidhmeannaigh shinsearacha RTÉ roimh a gcruinniú is déanaí i dTithe an Oireachtais

Muinín á cailliúint ag Bord RTÉ san fheidhmeannas – Ní Raghallaigh

Tá sé curtha in iúl ag Cathaoirleach RTÉ d’Aire na Meán go bhfuil muinín á cailliúint ag an mBord i bhfeidhmeannas an chraoltóra.

Dúirt an tAire Catherine Martin gur thuig sí do Chathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh a muinín i bhfeidhmeannaigh shinsearacha á bheith ag trá.

Labhair Catherine Martin le Siún Ní Raghallaigh inniu faoin tslí “míshásúil” atá  eolas atá á chur ar fáil ag an bhFeidhmeannas faoi chonspóid na n-íocaíochtaí folaithe.

“Chuir sí  [Siún Ní Raghallaigh] in iúl dom go bhfuil an Bord tar éis scríobh anois chuig an Leas-Ard-Stiúrthóir agus chuig an Ard-Stiúrthóir nua ag cur in iúl go bhfuil sé seo do-ghlactha, agus gur chaill siad muinín san Fheidhmeannas,” arsa Aire na Meán.

“Sa chomhthéacs seo, d’iarr an Bord go ndéanfaí beart go tapa. Labhróidh an Cathaoirleach faoin gceist seo ag Coiste na Meán inniu.

“Tuigim go hiomlán an cailleadh muiníne sin agus go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh soiléireacht iomlán maidir leis sin, agus na fadhbanna go léir, le fáil gan aon mhoill eile.”

Tá feidhmeannaigh ó RTÉ os comhair Choiste Oireachtais na Meán arís tráthnóna chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid maidir leis na híocaíochtaí breise ceilte, arbh fhiú €350,000 san iomlán iad, a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy thar thréimhse sé bliana.

Tháinig sé chun solais aréir gur trí cinn de chuntais bhabhtála a bhí ag RTÉ seachas ceann amháin, mar a thug príomhoifigeach airgeadais an chraoltóra le fios an tseachtain seo caite ag coiste na meán.

Beidh cruinniú ag Aire na Meán amárach le Cathaoirleach, Ard-Stiúrthóir Gníomhach agus Ard-Stiúrthóir nua RTÉ. Bhí an cruinniú le bheith ar siúl Dé hAoine ach tugadh chun cinn é i bhfianaise na conspóide is déanaí.

Dúirt an tAire go mbeidh an cuntasóir fóiréinseach atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar chuntais RTÉ ag dul i mbun oibre an tseachtain seo chugainn.

Dhearbhaigh Cathaoirleach RTÉ chomh maith go ndéanfaí imscrúdú breise faoi chás Toy Show the Musical, seo ar chaill RTÉ €2.2 milliún air.

Léiríonn eolas nua go raibh RTÉ ag súil le €3.125 milliún de theacht isteach ó dhíol ticéad don cheoldráma ach nár díoladh ach luach €450,961.

Fág freagra ar 'Muinín á cailliúint ag Bord RTÉ san fheidhmeannas – Ní Raghallaigh'