Mórdhuais ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’ buaite ag ‘Nóinín’ le Máire Zepf

Fógraíodh ag ‘Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann’ a reáchtáladh ar líne inniu dhá ghradam do shaothair i nGaeilge

Mórdhuais ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’ buaite ag ‘Nóinín’ le Máire Zepf

Tá gradam ‘Leabhar na Bliana’ buaite ag Nóinín le Máire Zepf ag na mórghradaim litríochta do pháistí ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’.

Dhá ghradam a fuair leabhair i nGaeilge ag Gradaim KPMG do leabhair do pháistí a reáchtáladh ar líne inniu.

 

An t-údar Ultach, Máire Zepf, a thug léi an mhórdhuais ‘Leabhar na Bliana’ ag na gradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí.

Bronnadh Gradam Eilís Dillon ar an mhaisitheoir Kim Sharkey dá saothar Mór agus Muilc, scéal béaloidis ón Chonallach John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla a d’fhoilsigh Éabhlóid.

Thug na moltóirí moladh mór do Nóinín, rannscéal Gaeilge a d’fhoilsigh Cois Life, faoi chailín cúthail sna déaga a chasann le fear óg ar líne.

Thug na moltóirí suntas ar leith do “saibhreas na n-íomhánna”, “an fhoclaíocht fhileata” agus “na tagairtí idirthéacsúla do scéalta sí agus do mhiotais na hÉireann” atá ar fáil i saothar Mháire Zepf.

Faoi Mór agus Muilc, thug na moltóirí suntas do “athúsáid rithimiúil na dialóige” agus “na léirithe galánta corraitheacha” atá ar fáil sa phictiúrleabhar agus dúirt siad gur cruthaíodh “gluaiseacht dhraíochtúil” i leabhar Kim Sharkey agus í ag cur leis an fhoireann carachtar agus “iad ag damhsa in éineacht le Mór fhada agus Muilc grinn i dtreo an bháis”.

Trí leabhar Gaeilge a bhí ar na deich leabhar a bhí ainmnithe ar an ghearrliosta KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2020. Bhain Scúnc agus Smúirín, pictiúrleabhar faoi scúincín agus a bhréagán a scríobh Muireann Ní Chíobháin agus agus a mhaisigh Paddy Donnelly (Futa Fata), áit amach ar ghearrliosta na mórghradam litríochta.

An craoltóir Rick O’Shea, ó RTÉ 2FM, a d’fhógair na buaiteoirí, mná ar fad, ag an searmanas fíorúil, atá ar fáil ar YouTube. 

Bronnadh gradam nua i mbliana ag na mórghradaim litríochta do leabhair do pháistí ar léitheoir óg.

Harry Darcy as Guaire, Co. Loch Garman a bhuaigh an duais nua ‘Laoch Léitheoireachta’.

Duais í seo a thugann deis d’oideachasóirí, tuismitheoirí, gaolta, cairde agus leabharlannaithe daoine óga a bhfuil dúil sa léitheoireacht acu a ainmniú di.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Leabhair Pháistí Éireann, Elaina Ryan:

“Le linn na tréimhse iontaí seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, tá muid níos bródúla ná riamh ceiliúradh a dhéanamh ar na leabhair seo den chéad scoth agus, den chéad uair, aitheantas a thabhairt do léitheoir óg ar leith as a ghnóthachtálacha freisin.”

Thréaslaigh Comhpháirtí Bainistíochta KPMG, Séamus Hand, a ngradaim leis na buaiteoirí.

“Tréaslaím le buaiteoirí uile Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann agus glacaimid buíochas le gach duine a bhí páirteach ann. Is díol bróid dúinn é tacú leis na gradaim seo, a neartaíonn tiomantas KPMG don litearthacht agus ár bpaisean don fhoghlaim i gcoitinne agus don léitheoireacht go háirithe.”

Liosta iomlán na mbuaiteoirí

BUAITEOIR LEABHAR NA BLIANA: Nóinín le Máire Sepf

BUAITEOIR AN GHRADAIM ONÓRAIGH DON FHICSEAN: Toffee le Sarah Crossan

BUAITEOIR AN GHRADAIM ONÓRAIGH DON MHAISIÚ: The Tide le Ashling Lindsay

BUAITEOIR GHRADAM EILÍS DILLON: Mór agus Muilc le Kim Sharkey

BUAITEOIR GHRADAM SPEISIALTA NA MOLTÓIRÍ: The Deepest Breath le Meg Grehan

Fág freagra ar 'Mórdhuais ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’ buaite ag ‘Nóinín’ le Máire Zepf'