Ag deireadh na bliana seo caite, scríobh mé sa cholún seo go measaim go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh leis an suíomh pearsanta agus saol na meán sóisialta sa riocht ina bhfuil sé faoi láthair – ina chíor thuathail.
Ach ní i gcónaí a dhéanaim beart de réir mo bhriathair agus chuir mé ar an méar fhada an chothabháil a bhí le déanamh go práinneach ar mo shuíomh féin.
Lena chois sin, ní raibh an t-am agam: bhí úrscéal le críochnú agam.
Ach an iarraidh seo, ní raibh éalú uaidh. Agus an t-úrscéal sin críochnaithe, táim ar thóir foilsitheora – ach cén mhaith sin agus mo shuíomh féin go hiomlán as dáta?
Gan dabht bhí seoladh idirlín mo shuímh luaite sna sonraí teagmhála nuair a chuir mé m’úrscéal chun bealaigh. Ach fiú mura mbeadh, an chéad rud a dhéanfadh foilsitheoir a mbeadh maith ar bith ann ná m’ainm a ghúgláil.
Agus céard a d’aimseodh sé ansin?
Lear mór cuntas ar na meáin shóisialta éagsúla atá as feidhm nó nach mbainim úsáid astu a thuilleadh, agus suíomh pearsanta nach ndearnadh uasdátú air ó bhí mí na Samhna 2021 ann – agus nár thug ach dornán daoine cuairt air ó shin.
Dia á réiteach, a déarfadh an foilsitheoir gúgaileach leis féin ansin, ní thuigeann an scríbhneoir seo cúrsaí poiblíochta, an dtuigeann?
Is baolach go dtuigeann, ach diúltaím a thuilleadh gleo ar mhaithe leis an ngleo a dhéanamh ar na meáin shóisialta.
Anuas air sin, tá amhras orm arbh fhiú an tairbhe an trioblóid: sa lá atá inniu ann, a bhuíochas le halgartaim rúndiamhra na n-ardán sóisialta éagsúla, mura ndéanfaidh tionchaire éigin athphostáil ar phostáil de do chuid, drochsheans go bhfeicfidh daoine é.
Ach ord agus eagar a chur ar mo shuíomh féin, a chinntiú go mbeadh eolas cruinn agus suas chun dáta fúm féin le fáil don té a mbeadh sé uaidh … ba é sin an rud ba lú a d’fhéadfainn a dhéanamh.
Ar aghaidh liom mar sin, agus an tseachtain seo caite chrom mé ar an obair. Shíl mé nach dtógfadh sé orm ach lá nó dhó ach idir an t-uasdátú a bhí le déanamh ar nascanna nach raibh ag obair (bíonn an diabhal ar fhoilsitheoirí agus ar eagraíochtaí liteartha seoltaí URL na n-alt faoi mo chuid leabhar a athrú ar a gcuid suíomhanna), idir sin agus ábhar nua a chur suas chaith mé an tseachtain ar fad ag plé leis. An tuin cheart a aimsiú ba mhó a thug deacrachtaí dom – gan dabht is í an fhéinphoiblíocht raison d’être an tsuímh phearsanta, ach cá bhfuil an teorainn idir féinphoiblíocht agus buaileam sciath? Ar ámharaí an tsaoil bhí cuid de na léitheoirí cabhracha céanna a chabhraigh liom agus bailchríoch á cur agam ar m’úrscéal sásta a dtuairimí a thabhairt.
Caithfidh sé go bhfuil an chothabháil a bhíonn le déanamh ar shuíomh idirlín de do chuid féin ar cheann de na jabanna is mó a chuireann cantal agus strus ar scríbhneoirí, ach ní féidir liom a shéanadh go bhfuil sásamh éigin ag baint leis freisin.
Ní hamháin go bhfuil an pléisiúr a bhaineann le hobair láimhe shimplí ag baint le huasdátú na scórtha nascanna briste – cóipeáil, greamú, sábháil; cóipeáil, greamú, sábháil; cóipeáil, greamú, sábháil agus mar sin de – ach faigheann tú léargas arís ar gach a bhfuil bainte amach agat, na gaiscí liteartha sin a raibh dearmad déanta agat orthu san áireamh.
Fág freagra ar 'Mórchuid nascanna briste agus gannchuid cuairteoirí – mo shuíomh idirlín'