‘Céard é pasfhocal mo shuímh féin arís?’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus earnáil na meán sóisialta ina cíor thuathail, b’fhiú go mór do scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí seifteanna margaíochta eile a fhorbairt

‘Céard é pasfhocal mo shuímh féin arís?’

Bhí mo dheirfiúr mhór ar an bhfón, ag iarraidh fáil amach arbh fhiú di cuntas a chlárú ar an ardán sóisialta nua úd a bhfuil oiread cainte faoi, Mastodon.

‘Bhuel!’ a dúirt mé. ‘An bhfuil cúpla uair an chloig agat?’

Go dtí le gairid bhí cuntas ag mo dheirfiúr ar Twitter, ach fearacht go leor daoine eile, scrios sí a cuntas nuair a cheannaigh Elon Musk an t-ardán sóisialta sin. Agus anois tá sí i bponc.

Ceoltóir proifisiúnta í mo dheirfiúr. Ach oiread le mórchuid ceoltóirí, scríbhneoirí, grianghrafadóirí agus ealaíontóirí féinfhostaithe eile bhí sí ag brath go mór ar Twitter chun a cuid tograí a chur os comhair an phobail. Tá cuntas Facebook aici fós, a dúirt sí, toisc go mbíonn cuid mhór daoine san aoisghrúpa ar a mbíonn a cuid tograí dírithe gníomhach ar an ardán sin i gcónaí; ní fiú di dul ar Instagram, gan trácht ar TikTok, toisc nach gcuirtear mórán spéise ar na hardáin sin i gceol feadóige na Meánaoiseanna. Ach ar Twitter, bhí dornán leantóirí aici.

Mar scríbhneoir féinfhostaithe, tá mé sa chás ceannann céanna. Ní hionann agus mo dheirfiúr, níor scrios mé mo chuntas ar Twitter fós – ach nílim cinnte an bhfanfaidh mé thart ar feadh i bhfad eile.

Inseoidh mé rún daoibh: thart ar mhí ó shin chláraigh mé cuntas ar Instagram, féachaint an bhféadfainn tairbhe a bhaint as an ardán sin. Radharc ar Ifreann a fuair mé agus dhá nóiméad i ndiaidh dom clárú scrios mé an cuntas sin.

Chláraigh mé dhá chuntas ar Mastodon freisin; ceann ar an bhfreastalaí Éireannach Mastodon.ie agus ceann eile ar fhreastalaí i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Ar chúiseanna éagsúla d’fhág mé slán le Mastodon.ie tar éis trí seachtaine; téim ar Mastodon.nl uair nó dhó sa lá i gcónaí ach ní chomh minic céanna agus sna laethanta tosaigh. Tá dua ar leith ag baint le Mastodon – caithfidh duine a bheith fíor-idirghníomhach chun leantóirí a mhealladh – agus mar bharr ar an donas d’ealaíontóirí a bheadh ag iarraidh aird a tharraingt ar a gcuid tograí, ní bhreathnaítear go ceanúil ar fhógraíocht ar chuid mhaith freastalaithe Mastodon.

An ceacht atá le baint as an scéal seo ar fad agam féin, ag mo dheirfiúr mhór agus ag ealaíontóirí eile, dar liom, ná nár chóir dúinn brath ar na meáin shóisialta, nó ar na meáin shóisialta amháin, chun ár gcuid tograí a chur i láthair an phobail.

Léiríonn ar tharla le Twitter le mí anuas nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh ardán sóisialta tráchtála fadbhunaithe (nó ár gcuid leantóirí ar an ardán sin) ann an chéad lá eile. Ós rud é go bhfuil formhór na bhfreastalaithe Mastodon (Mastodon.ie ina measc) ag brath ar shíntiúis agus ar obair dheonach ó fhoirne beaga, tá todhchaí an ardáin sin níos éiginnte fós.

Uaireanta caithfear céim siar a thógáil le céim a chur chun tosaigh, agus feictear dom gurb é seo ceann de na huaireanta sin i saol an ealaíontóra fhéinfhostaithe.

Bhí lá ann, agus má tá tú sách sean beidh cuimhne agat air, go mbíodh blag nó suíomh dá gcuid féin ag mórchuid ealaíontóirí. Ar ndóigh bhíodh dua agus trioblóid ag baint leis sin agus nach muidne a bhí sásta nuair a rinne na meáin shóisialta – ar micreabhlaganna iad dáiríre – an saol níos éasca dúinn.

Ach tá feabhas agus forbairt tar éis teacht ar an teicneolaíocht dhigiteach ó bhí laethanta an bhlag ann agus, chomh maith leis sin, ar ár dtuiscint féin ar céard a oibríonn agus céard nach n-oibríonn chun ár gcuid tograí a chur i láthair an phobail. Suíomh de do chuid féin mar phríomhghné den straitéis mhargaíochta phearsanta, neamhspleách ar aon ardán seachtrach – creidim gurb é sin an bealach chun tosaigh dom féin, do mo dheirfiúr mhór, agus dár leithéidí.

Anois, céard é pasfhocal mo shuímh féin arís?

Fág freagra ar '‘Céard é pasfhocal mo shuímh féin arís?’'

  • Art

    Go n-éirí go geal libh!