Tá do leabhar críochnaithe. Agus anois?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: cúig mholadh do scríbhneoirí a bheadh ar thóir foilsitheora

Tá do leabhar críochnaithe. Agus anois?

An tseachtain seo caite chríochnaigh mé úrscéal ar chaith mé seacht mbliana ag streachailt agus ag sclábhaíocht leis. Thug mé sos lae amháin dom féin agus ansin chuaigh mé ar thóir foilsitheora.

Bhí úrscéal idir lámha agat ar feadh seacht mbliana agus ní raibh foilsitheoir agat, a deir tú?

Ní raibh. In Ísiltíris seachas i nGaeilge a scríobh mé an t-úrscéal sin agus níor fhoilsigh mé aon leabhar i mo theanga dhúchais go dtí seo.

An plean a bhí agam dáiríre ná go rachadh gníomhaire litríochta ar thóir foilsitheora dom, ach mar is eol do léitheoirí na leathanach seo theip ar an bplean sin.

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le gníomhairí litríochta. Seachnaíonn tú slush pile na bhfoilsitheoirí ach gearrann siad táille ort. An buntáiste is mó a shamhlaím leo áfach ná go sábhálann siad an crá croí ort a bhaineann le foilsitheoir a lorg: pian sa tóin cheart atá san obair sin. Ach ós rud é nach raibh mo ghníomhaire litríochta sásta ionadaíocht a dhéanamh ar m’úrscéal b’éigean dom tabhairt faoin jab sin mé féin.

Seo thíos roinnt moltaí don té a bheadh sa bhád céanna.

Ná cuir saothar amach chuig foilsitheoirí go dtí go bhfuil sé go hiomlán críochnaithe agus ar chaighdeán chomh hard agus is féidir.

Ní féidir leat dul i bhfeidhm ar fhoilsitheoir den chéad uair ach uair amháin. Mura mbíonn an chéad iarracht sách láidir, drochsheans go gcuirfidh an foilsitheoir céanna an stró air féin an dara nó an tríú hiarracht a léamh – nó fiú amháin aon saothar eile de do chuid. (Tá eisceacht ar an riail seo: más scríbhneoir aitheanta thú, seans maith go nglacfaidh d’fhoilsitheoir le dréacht luath nó le cúpla caibidil shamplach, fiú amháin.)

Déan taighde ar an tírdhreach liteartha sula gcuirfidh tú do shaothar amach chuig foilsitheoirí.

Ar ndóigh níl an oiread sin foilsitheoirí Gaeilge ann ach cá bhfios nach bhfuil saothar á scríobh agat i dteanga eile. Ach fiú i gcás na Gaeilge, b’fhiú taighde a dhéanamh ar na foilsitheoirí éagsúla sula gcuirfidh tú do shaothar amach, féachaint an oirfidh do shaothar dóibh agus go deimhin an oirfidh foilsitheoir áirithe duitse. An dteastaíonn uait go mbeadh uimhir ISBN ar do leabhar, mar shampla? Ar mhaith leat go bhfoilseodh comhlacht a mbeadh taithí na mblianta acu do shaothar nó arbh fhearr leat comhlacht nuabhunaithe a mbeadh úire ag baint lena bhfís? Agus ar ndóigh ní fiú úrscéal a chur chuig foilsitheoir nach bhfoilsíonn ach filíocht, nó saothar earótach chuig foilsitheoir nach bhfoilsíonn ach leabhair faoi chúrsaí creidimh, agus mar sin de.

Tabhair am duit féin an t-iarratas a réiteach agus lean treoirlínte an fhoilsitheora.

Arís, más i nGaeilge a bhíonn tú ag scríobh beidh jab níos éasca agat: ní bhíonn oiread éilimh ag foilsitheoirí na Gaeilge maidir le leagan amach na ndréachtaí a chuirtear chucu. Ach más i dteanga eile a bhíonn tú ag scríobh, bí cinnte go leanfaidh tú treoirlínte na bhfoilsitheoirí maidir le leagan amach an dréachta, maidir leis an achoimre ar do shaothar agus maidir le nóta beathaisnéise (ba chóir go mbeadh na treoirlínte sin ar fáil ar shuíomh an fhoilsitheora.) Agus fiú más i nGaeilge a bhíonn tú ag scríobh: drochsheans go nglacfadh foilsitheoir le dréacht lámhscríofa sa lá atá inniu ann agus as ucht na mBé ort, seachain an fhoireann chló Comic Sans.

Tá sé ceart go leor do shaothar a chur amach chuig níos mó ná foilsitheoir amháin, ach …

Níl cáil an luais ar earnáil na litríochta agus má shocraíonn tú fanacht go dtí go ndéanfaidh foilsitheoir amháin suas a intinn faoi do shaothar sula gcuirfidh tú amach chuig foilsitheoir eile é, seans go mbeidh bliain caite sula mbeidh foilsitheoir faighte agat. Ní haon dochar mar sin do shaothar a chur chuig níos mó ná foilsitheoir amháin ag an am – déanann chuile dhuine é. Ach bíodh litir nó nóta ríomhphoist pearsanta agat do gach foilsitheoir agus ná feiceadh aon fhoilsitheoir seoltaí ríomhphoist na bhfoilsitheoirí eile!

Bíodh foighid agat agus glac le cinneadh an fhoilsitheora.

Bíonn gach foilsitheoir gann ar fhostaithe agus bíonn carn oibre le déanamh ag na fostaithe sin gach lá. An rud is measa a d’fhéadfá a dhéanamh ná iad a chéasadh le teachtaireachtaí ríomhphoist (nó níos measa fós, le glaonna gutháin) ag iarraidh fáil amach an bhfuil do shaothar léite acu fós. Go hiondúil, tógann sé ar a laghad trí mhí ar fhoilsitheoir saothar a léamh, cinneadh a ghlacadh agus teachtaireacht a chur chugat. Agus má dhiúltaíonn foilsitheoir do do shaothar, glac leis: drochsheans go mbeidh suim ag an bhfoilsitheoir céanna i saothar eile de do chuid amach anseo má théann tú ag argóint leis.

Fág freagra ar 'Tá do leabhar críochnaithe. Agus anois?'