Diúltaíodh do m’úrscéal nua, ach ní lia duine ná tuairim

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: diúltaíodh don saothar is deireanaí ó pheann ár gcolúnaí agus d’iarr sé cabhair ar a chairde

Diúltaíodh do m’úrscéal nua, ach ní lia duine ná tuairim

Díreach roimh an Nollaig fuair mé teachtaireacht ríomhphoist a raibh mé ag súil léi le roinnt mhíonna anuas. Faoi dheireadh, bhí m’úrscéal nua i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris (is ea, an saothar sin ar léigh léitheoirí an cholúin seo oiread ina thaobh), bhí an saothar sin léite ag mo ghníomhaire litríochta in Amsterdam.

Teachtaireacht dheas mhúinte a bhí ann, ach diúltach mar sin féin: ní raibh an gníomhaire litríochta ‘sách meallta’ ag m’úrscéal le go ndéanfadh sí ionadaíocht air. (Aimsíonn gníomhairí litríochta foilsitheoirí do shaothair litríochta. Ní hann dóibh, chomh fada le mo bharúil, i saol foilsitheoireachta na Gaeilge ach tá siad sách coitianta i margaí liteartha na mórtheangacha – agus i gcás an Bhéarla tá siad nach mór riachtanach.)

Bhí díomá orm, ar ndóigh – go háirithe toisc nach raibh an gníomhaire in ann a mhíniú go beacht cén fáth gur theip ar m’úrscéal í a mhealladh. Ach bhí loinnir dhóchais sa teachtaireacht, leis: bhí súil aici, a dúirt sí, go n-aimseoinn duine – gníomhaire litríochta eile nó foilsitheoir – a bheadh ‘céad faoin gcéad meallta’ ag an scéal.

Níorbh é an chéad uair é gur diúltaíodh do shaothar de mo chuid ach ar an iomlán bhí an t-ádh orm go dtí seo maidir le cúrsaí foilsitheoireachta; b’fhéidir go raibh sé sa chinniúint go n-eiteofaí don saothar ba mhó riamh ar chaith mé am agus dua leis.

Ach níor chaith mé an ríomhaire glúine trasna an tseomra, ná níor chuir mé mallacht ar an ngníomhaire litríochta (go deimhin chuir mé nóta buíochais chuici; bhí sí tar éis an t-am a dhéanamh le m’úrscéal a léamh, tar éis an tsaoil.)

Chuimhnigh mé ar an gcomhairle bhunúsach úd a bhíonn ag saoithe na scríbhneoireachta cruthaithí maidir leis an diúltú: ní bhíonn i dtuairim duine ar bith ach tuairim duine amháin.

Ach chuimhnigh mé, leis, ar cliché eile: ní bhíonn ach deis amháin agat chun dul i bhfeidhm ar fhoilsitheoir den chéad uair, agus rith sé liom nár mhiste aiseolas a lorg ó léitheoirí cabhracha sula gcuirfinn m’úrscéal amach sa saol mór arís.

An lá céanna a bhfuair mé an teachtaireacht sin ón ngníomhaire litríochta, chuir mé m’úrscéal sa ríomhphost chuig deichniúr cairde agus comhghleacaithe. Chinntigh mé go raibh idir mhná agus fir sa ghrúpa fócais sin, go raibh daoine aeracha, daoine díreacha, daoine bána agus daoine de dhath ina measc, agus go raibh éagsúlacht ann ó thaobh na haoise de – ach an phríomhchritéar a bhí agam ná go mbeadh spéis agam féin i dtuairim na ndaoine sa ghrúpa agus nach mbeadh drogall orthusan aiseolas ionraic a thabhairt.

Tá an t-aiseolas sin ag teacht isteach anois de réir a chéile, i bhfoirm teachtaireachtaí ríomhphoist agus físghlaonna fada, agus tá an chuid is mó de dearfach.

Mo mhachnamh a dhéanamh faoin gcomhairle ó na léitheoirí cabhracha agus cinneadh a dhéanamh cén chuid di a chuirfidh mé i bhfeidhm, sin é an chéad chéim eile anois.

Fág freagra ar 'Diúltaíodh do m’úrscéal nua, ach ní lia duine ná tuairim'

  • Fachtna ODrisceoil

    Dearcadh iontach.

  • Risteárd

    an-suimiúil ar fad. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart, ná proifisiúnta, saothar a eiteach gan léirmheastóireacht níos beaichte ná sin. Ní critic cheart í trácht ar ‘mhealltacht’ mar sin.

  • Eoin Cheoinín

    Maithiú, a Alex, tá dearcadh iontach agat. Beidh sé foilsithe roimh i bhfad. Go n-éirí go geal leat.

  • Eoin

    … nach raibh an ganíomhaire in ann …

    Tá súil agam gur scríobhadh ganíomhaire d’aon ghnó, ainm iontach ar ghníomhaire a dhiúltaíonn don saothar uait ;-)

  • alan titley

    Mar adeir tú, ‘Níl ann ach tuairim duine amháin’ Smaoinigh ar an oiread sin leabhar a bhain cáil amach dóibh féin, nó go díreach a foilsíodh ar ball, agus ar dhiúltaigh gníomhaire nó foilsitheoir dóibh. Liosta le háireamh iad, nó liosta do-áirithe, le fírinne.