Mór-ócáid ‘carbhat dubh’ le ceiliúradh a dhéanamh ar Athbheochan na Gaeilge

Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina aoi oinigh ag ‘Féasta 100’ a bheidh ar siúl san ardchathair

Mór-ócáid ‘carbhat dubh’ le ceiliúradh a dhéanamh ar Athbheochan na Gaeilge

Déanfar ceiliúradh ar ‘Athbheochan na Gaeilge’ ag ócáid ‘carbhat dubh’ i mBaile Átha Cliath faoi Nollaig na bliana seo.

Is ar an 3 Nollaig a bheidh ‘Féasta 100’ ar siúl in Óstán an Double Tree Hilton san ardchathair le “comóradh agus ceiliúradh foirmiúil”  a dhéanamh ar an nGaeilge.

Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ina aoi oinigh ag ‘Féasta 100’ atá á eagrú ag na sé cheanneagraíocht Ghaeilge agus Foras na Gaeilge. Is é an t-aisteoir Diarmuid de Faoite a bheidh ina fhear a’ tí ag an ócáid agus beidh ceol ann ón ngrúpa Preabmeadar.

Beidh béile ceithre chúrsa ann agus gealltar clár siamsaíochta “atá nuálach, beomhar agus uathúil” le ceiliúradh a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge le 100 bliain anuas. Gealltar go ndéanfar an ceiliúradh sin ar “bhealach úr comhaimseartha” a “fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine a fhreastalóidh uirthi”.

Deirtear gur “imeacht náisiúnta” a bheidh ann a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus “gach a mbaineann léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh di”.

Tá 700 ticéad don ócáid ar fáil ar Eventbrite anois agus costas €80 an duine orthu nó €800 do bhord do dheichniúr.

Fág freagra ar 'Mór-ócáid ‘carbhat dubh’ le ceiliúradh a dhéanamh ar Athbheochan na Gaeilge'

  • AnRógaire

    Súil agam go n-éireoidh leis an ócáid, murab ionann agus an Ravelóid!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Céard go díreach atá le ‘ceiliúradh’? Cé chomh maith is a d’éirigh le ‘Aithbheochan na Gaeilge’?

  • Concubhar Ó Liatháin

    Bfhiú go mór a leithéid d’ocáid dá bhféadfaí cuid den airgead a chur I dtreo cúiseanna fónta Ghaeilge is/nó charthanachta.

  • séamus mac seáin

    níl a fhios agam an gcuirfidh an MISNEACH nua picéid ar ar an cheiliúradh “bogha dicí” seo mar a chuir an sean MISNEACH tráth comóradh 50 bliain an Éirígh amach i 1966 nuair a bhailigh maithe móra na bunaíochta Gaeilge le chéile sa Shellburn i mBaile Átha Cliath. sílim. Bíodh a fhios agat nach raibh siad leath shâsta go raibh na hÍochtaráin ag cac ar an pharáid.

  • Tuirseach

    Oh féach ag caitheamh anuas ar an ócáid cheana féin! Nach féidir le daoine ceiliúradh a dhéanamh ar an bpobal Gaeilge atá againn faoi láthair. Oíche le casadh lena chéile, aithne a chur ar chéile, píosa spraoi. Teastaíonn níos mó ócáidí mar seo. Sé an peacadh nár éirigh le Ravelóid.

  • Gerry sona

    What would sir like to order? We have ‘togha gach bí agus rogha gach dí’ on the menu for this occasion.Red or white, sir?

  • AnRógaire

    Nach fiú ceiliúradh a dhéanamh ar RnaG, Raidió na Life, Raidió Fáilte, TG4, Oireachtas na Gaeilge,Glór na nGael, Gael Linn……….?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    €80 an duine!! An scothaicme ag ceiliúradh agus féach an meath millteanach atá tagtha ar an Ghaeilg sa Ghaeltacht!