Alan Titley
Leabhar Breac, 2024
€12
Is ea, déanfaidh mé an leabhar a léirmheas ar ball, ach tá mé ag iarraidh ort tabhairt faoi thurgnamh beag ar dtús. Smaoinigh siar go dtí an t-am a raibh tú féin i do dhéagóir – aistear fada i mo chás féin, ach seans nach mbeidh an t-achar ama céanna le taisteal agatsa. Cad é a shíl tú den ábhar léitheoireachta a measadh a bheith oiriúnach don ‘ógánach’? Cén dúil a chuir tú féin sna scéalta a bhí á moladh ag tuismitheoirí, múinteoirí agus na daoine deasa sa leabharlann?
Tharla gur thug Alan Titley faoin cheist chéanna in ‘An Comic’, seoid de scéal atá sa chnuasach Ag Dul i bhFad (Cló Iar-Chonnacht, 2023). Scéal atá ann faoi ghasúr atá faoi dhraíocht ag eachtraí lúthchleasaí óig darbh ainm Lar, Ruagaire an Raoin. An mbeadh an bua ag Lar sa rás mór, nó an éireodh le Reggie, cladhaire a mbíonn gach cleas is suaraí ná a chéile aige, an chraobh a thabhairt leis? Siúd é foinse an teannais, shílfeá, ach féach go raibh an deireadh ar eolas ag an léitheoir óg gan oiread agus líne a léamh: ‘Gan amhras, bhí a fhios agam go mbeadh an bua ag Ruagaire an Raoin é féin, ach b’é méid méine mo chroí go léifinn é. Ba shamhalta an cur síos le mé a bheith ann, iad ag dul timpeall agus an slua ag liúirigh.’
Mura bhfuil meath rómhór ar mo chuimhne, ní raibh sé chomh furasta céanna mise a shásamh. (Portráid den Léirmheastóir mar Chancrán Óg.) Dar liom, bhí cuid mhór den ‘óglitríocht’ chomh sothuartha follasach le luí agus éirí na gréine. An plota foirmleach. An carnadh cliché. Gach casadh sa scéal a bheith le feiceáil tríocha leathanach roimh ré. Mór an trua nach raibh tuilleadh leabhar mar Óró le fáil an uair sin. Is éachtach mar a thagann sé slán ar an strambán a thug orm fiche leabhar a chaitheamh uaim gan a bheith leath bealaigh istigh iontu. Insint shofaisticiúil atá ann, ach níl léitheoirí óga gan a sciar féin den tsofaisticiúlacht chéanna.
Caithfear a rá nach bhfuil loinnir na hóige ar chnámha an scéil féin – beirt fhear óga a théann i bhfolach ar bord loinge atá ag triall ar an Domhan Nua. Ag iarraidh El Dorado a bhaint amach atá siad, tír an óir agus an tsaibhris. ‘Eachtra’ atá ann sa chiall is cruinne den fhocal: aistear mara agus seal ag fánaíocht i gcríocha eachtrannacha aineoil.
Agus mé i mo chriticeoir óg, bhí locht mór amháin agam ar scéalta den chineál seo, is é sin nach mbíodh aon teannas iontu i ndáiríre. B’annamh a chreid mé go raibh na carachtair i gcontúirt. Ní bhíodh ann ach sraith bagairtí gan a bheith bagartha. Priacal i ndiaidh priacail gan aon cheann acu a bheith priaclach. Ní hé sin do reacaire Óró, a chuirtear in airde ar nead an phréacháin le bheith ag faire na farraige roimhe. Gan de threoir aige ach comhairle seo an chaptaein:
‘Cuirfimid greim le n-ithe in airde chugat anois is arís. Agus ná tit i do chodladh mura bhfuil sciatháin agat. Má thiteann tú anuas, bí cinnte go dtiteann tú san fharraige. Nílimidne ag iarraidh do chorp agus do phutóga a ghlanadh den deic.’
Abair contúirt! An chéad dreapadh a rinne an t-ógánach a fhad lena bhosca faireacháin, chuir sé mearbhlán i gcloigeann an léitheora seo.
Bua eile de chuid Óró ná saoithiúlacht na n-eachtraí a bhaineann d’fhoireann na loinge agus iad ar a gcamchuairt ó oileán go hoileán. Ní ag plé le foghlaithe mara ar leathchois atáimid, ná sluaite canablach fiú amháin. Is neacha céad uair níos aistí ná sin a chastar ar mhairnéalaigh an San Cristóbal. Is túisce a chuimhneofá ar an fhicsean eolaíochta agus ar eachtraí spástaistil seachas ar Oileán an Órchiste. Pé scéal é, tá fuinneamh iontach sa teagmháil thobann idir an insint (sách) réalaíoch atá sna chéad chaibidlí agus aistíl an turais farraige. Ní déarfaidh mé níos mó faoi, ach nuair a ligeann Titley scód lena shamhlaíocht, féadann tú a bheith ag súil le spórt.
Rud eile a chuireadh goimh orm agus mé i mo léitheoir óg ná an tseanmóireacht. An léitheoireacht mar cheacht morálta a dhéanfadh duine níos fearr díot. An deireadh ina bhfreagraítear gach ceist. Cinnte, tá teagasc in Óró, a dtugtar ‘fabhalscéal eachtraíochta’ air sa bhlurba ar chúl an leabhair. Bíonn tátal le baint as fabhalscéal i gcónaí, nach mbíonn? Bíonn, is dócha, ach níl Titley chun é a fhógairt i mbloclitreacha móra leanbaí.
Tá scéal le hinsint aige maidir le saint, le creachadh agus le coilíneachas, ach tá an insint rófhairsing le dingeadh isteach i bpuilpid ná i gcrannóg. Ní i líne dhíreach a ghluaiseann an scéal. Ní reachtaireacht rialta ná cuntas cruinn ar bith é. Is iomaí poll is póirse ann a ligeann aer folláin na samhlaíochta isteach. An focal deireanach ar an leathanach deireanach, tá mar a bheadh ponc ceiste dofheicthe ar foluain os a chionn. Dar leat, níl an eachtra ach ina tús.
Fearn
“ach nuair a ligeann Titley scód lena shamhlaíocht, féadann tú a bheith ag súil le spórt.”
Nach é sin lomchlár na fírinne?
Treise leis an scríbhneoir agus leis an léirmheastóir