‘An tSáile sa bhFuil’ seimineár lae in Anagaire, Féile Cúirt i nGaillimh, Féile Dhomhanda na Leabhar i gCorcaigh

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

‘An tSáile sa bhFuil’ seimineár lae in Anagaire, Féile Cúirt i nGaillimh, Féile Dhomhanda na Leabhar i gCorcaigh

FÉILTE

Féile Cúirt na Gaillimhe

Beidh Féile Cúirt ar siúl i nGaillimh ón 21 go 26 Aibreán, agus tá rogha imeachtaí i nGaeilge mar chuid den chlár i mbliana. Ar an Déardaoin, 23 Aibreán, beidh an ócáid Dinnseanchas ar siúl sa Taibhdhearc (5.15pm), mar a mbeidh Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín i mbun cainte agus léamha in éineacht le Micheál Ó Conghaile. Níos déanaí an tráthnóna céanna (7pm), labhróidh Celia de Fréine faoin bpróiseas a bhaineann le saothar a thabhairt ón leathanach go dtí an stáitse.

Beidh léamha filíochta le Ola Majekodunmi agus Amano De Londra Miura ar siúl i Siopa Leabhar Charlie Byrne ag a 6pm an lá céanna.

Leanfar leis na himeachtaí ar an Aoine, 24 Aibreán, le cur i láthair ó ealaíontóirí Taibhsín, lena n-áirítear Ola Majekodunmi, Amano De Londra Miura agus Seoirsín Bashford, chomh maith le comhrá le Ciara Ní É. Cuirfear clabhsúr leis an lá le Filíocht ó Bhéal agus Ceol na nGael ag 7pm.

Tá ticéid agus clár na féile ar fáil anseo.

Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Beidh Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe ar bun ó 1 go 10 Bealtaine agus réimse imeachtaí trí Ghaeilge á reáchtáil mar chuid de chlár na bliana seo. Ina measc, beidh an dráma Neill | Páidín atá á léiriú ag Brú Theatre agus An Taibhdhearc. Saothar nua don stáitse atá ann a ghlac inspioráid ó shaothar Phádraic Uí Chonaire ina scrúdaítear téamaí a bhaineann leis an ngrá, an díoltas agus an chuimhne.

Ar chlár na bliana seo freisin tá Gan Ullmhú | Off the Cuff, ceardlann tobchumadóireachta le Neasa Ní Chuanaigh a bheidh ar bun ar an 5 Bealtaine ag 2.00pm. Beidh seó grinn dátheangach le Bláthnaid Daly, Connemarvellous, ar bun sa stiúideo in Amharclann na Cathrach ar an 5 Bealtaine ag 8.30pm. Beidh léamh stáitse den dráma nua NASC le Lorraine Stack ar stáitse sa Taibhdhearc ar an 5 Bealtaine ag 12pm, meán lae.

Gach eolas agus ticéid ar fáil anseo.

 

Laoighseach Ní Choistealbha

Dán na Caillí ag Féile Dhomhanda Leabhar Chorcaí

Beidh Féile leabhar dhomhanda Chorcaí ar siúl ó 21 go 26 Aibreán. Ar an Aoine, 24 Aibreán beidh Louis de Paor agus Halyna Kruk ar stáitse don ócáid ‘Continental Riffs’ (8pm) taifeadadh beo do RTÉ Radio 1 ina ndéanfar iniúchadh ar an bhfilíocht, aistriúchán agus aistriú cultúrtha.

Ar an Satharn, 25 Aibreán beidh an ócáid ‘Dán na Caillí’ (7.30pm) ar stáitse. Cur i láthair ilmheán atá ann a dhíríonn ar mhiotaseolaíocht na caillí i mbéaloideas na hÉireann. Beidh filíocht nua-chumtha le Laoighseach Ní Choistealbha, Dairena Ní Chinnéide agus Eithne Ní Ghallchobhair ansin chomh maith le ceol le Síle Denvir agus saothar ealaíne le Margaret Lonergan. Ticéid €10.

Clár agus ticéid ar fáil anseo.

 

Féile na gConsairtín in Inis

Thosaigh Cruinniú na gConsairtín in Inis, Co. an Chláir ar an Déardaoin 9 Aibreán agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach, 12 Aibreán. Tá lear mór imeachtaí leagtha amach don deireadh seachtaine – ceardlanna, seisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha.

Beidh ‘Ceol sa Séipéal’ ar siúl inniu, Dé hAoine, 10 Aibreán ag 4.30pm, agus na ceoltóirí Aoibheann Quelly, Shane Creed agus Alisha McMahon ag seinm. Cuirfear ceolchoirm mhór ar bun tráthnóna inniu le buíon ceoltóirí éagsúla, Paul Clesham, Joanne Quirke, Fionn O’Hanlon agus Alan Finn.

Tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí.

 

Féile cheoil thraidisiúnta an Chlocháin

Cuireadh tús ar an Déardaoin leis an Clifden Trad Fest agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach agus rogha mhór ceardlann, seisiún, agus ceolchoirmeacha ar bun i gcaitheamh na féile. Tá cosán an cheoil leagtha amach trí shráidbhaile an Chlocháin mar chuid d’fhéile na bliana seo. I measc na mbuaicphointí beidh cur i láthair beo amuigh faoin aer ag Banna Céilí Pipers Cross ar chearnóg an mhargaidh.

Clár na féile ar fáil ag anseo.

CEARDLANN

 

Ceardlann cumadóireachta amhrán le John Spillane

Beidh ceardlann sa chumadóireacht amhrán á tabhairt ag John Spillane trí Ghaeilge i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an Satharn, 9 Bealtaine ó 10.30am go 12pm. Ceardlann réchúiseach atá á gealladh ag an lucht eagraithe agus fáilte á cur acu roimh dhaoine atá ag tosú amach agus daoine a bhfuil amhráin scríofa acu cheana. Táille £6 atá ar an gceardlann agus tá líon teoranta spásanna ar fáil.

 

‘An tSáile sa bhFuil’ – seimineár lae

Tá seimineár lae á eagrú ag Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt i gcomhar le Líonra Litearthachta Mara na hÉireann le plé a dhéanamh ar an ngeilleagar gorm agus ról an phobail ann. An teideal atá ar an seimineár ná ‘An tSáile sa bhFuil: Ár stair a mhapáil chun ár dtodhchaí a loingsiú’ agus beidh seisiúin líonraithe, cainteanna agus taispeántais mar chuid d’imeachtaí an lae.

I measc na gcainteanna a bheidh ann beidh Máire Ní Éinniú ó Údarás na Gaeltacht ag caint faoi obair an Údaráis ag tacaíocht le pobail Ghaeltachta sa Gheilleagar Gorm. Beidh Cormac Mac Giolla Easpaig ag caint ar an ábhar ‘Litearthacht Aigéin agus Aitheantas Mara’, ceiliúradh agus aitheantas don eolas áitiúil ar chúrsaí mara. I measc na n-imeachtaí eile, beidh painéal plé ar fhéiniúlacht mhuirí le Muireann Kavanagh, Diane Cannon, John O’Brien agus Fergal Mac Grianna faoi stiúir Dhónaill Uí Chnáimhsí.

Beidh an seimineár ar bun in Óstán Chaisleáin Óir, Anagaire i gCo. Dhún na nGall ar an 23 Aibreán ó 9.30am go 3.30pm.

Cláraigh ag an nasc seo.

AMHARCLANNAÍOCHT

An tÉalú, ceoldráma nua i mBéal Átha an Ghaorthaidh

Beidh an ceoldráma nua An tÉalú ar stáitse sa Halla i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gCo. Chorcaí ón 7 go 9 Bealtaine, agus ón 14 go 16 Bealtaine ag a 8pm. Scríofa ag Seán Óg Ó Duinnín agus á léiriú ag Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh is scéal é An tÉalú atá suite i dteach altranais ina bhfuil grúpa daoine ag iarraidh éalú as.

Leanann an dráma carachtar Shíle agus a cairde agus iad ag streachailt leis an saol laethúil sa teach altranais agus ag brú in aghaidh na srianta atá orthu. Tá greann, ceol agus spraoi fite fuaite sa léiriú seo ach é ag plé le téamaí móra a bhaineann leis an aois, an neamhspleáchas agus dínit an duine.

Táille €20/25 atá ar na ticéid agus tá siad ar fáil ar Eventbrite ag an nasc seo.

Fág freagra ar '‘An tSáile sa bhFuil’ seimineár lae in Anagaire, Féile Cúirt i nGaillimh, Féile Dhomhanda na Leabhar i gCorcaigh'