Cad atá Banksy ag iarraidh a rá sa mhúrmhaisiú is déanaí uaidh atá curtha ar Instagram aige? I gceann acu tá duine ag siúl thar íomhá de ghabhar sléibhe ar a dtugtar ibeach Núibeach. An seasann an gabhar seo, ar bharr aille, do dhainséar éigin atá ag bagairt orainn? Nó an seasann sé don diongbháilteacht? Ní thitfidh an cine daonna in umar na haimléise ar fad, cé nach mór iad na comharthaí dóchais atá ann faoi láthair, ó thaobh na timpeallachta agus ó thaobh an Impirúlachais mhíleata de. An é sin atá á rá aige?
An foirgneamh a roghnaigh Banksy don ghabhar sléibhe ná comhlacht ainmphlátaí a dúnadh sa bhliain 1997. D’fhéadfadh go meabhraíonn an ealaín stionsail seo dúinn líon na bhfoirgneamh folamh sa timpeallacht.
Faightear an gabhar áirithe seo sa Phalaistín, dála an scéil, agus má thaitníonn Banksy leat, beidh a fhios agat go bhfuil sé go láidir ar son na Palaistíne. (Bhí tráth ann nuair a chuir Iosrael cosc ar an ibeach mar go raibh sé ag cur isteach ar ghlasraí agus ar fhásra na lonnaitheoirí Iosraelacha).
D’fhoilsíos cúpla haiku a bhí ag freagairt d’obair ealaíne Banksy in Gaza: https://www.culturematters.org.uk/index.php/arts/poetry/item/3989-gaza
Samhlaigh go raibh scata ealaíontóirí stionsail againn in Éirinn, thuaidh agus theas, agus gan d’aidhm acu
ach ceist na teanga a léiriú ar bhealaí spreagúla, ar bhealaí a chuirfeadh daoine ag machnamh agus ag caint. Chuirfeadh sé sin cor nua i stair na hAthbheochana, i mo thuairimse.
Gabhar á shíor-róstadh!
Cé nár fíoraíodh an aisling Mheiriceánach do na milliúin, ag féachaint duit ar na grianghraif atá sa leabhar seo ó shráideanna SAM sna 70idí agus sna 80idí, cheapfá go raibh an gabhar á róstadh gach áit.
Cá bhfuil an gabhar á róstadh? (Grianghraf le Meryl Meisler)
Is é atá sa leabhar Street Walker leis an ngrianghrafadóir Meryl Meisler, foilsithe ag Eyeshot, ná meascán d’íomhánna clasaiceacha agus grianghraif eile nach bhfacamar cheana agus an gabhar bocht á róstadh go meidhreach i Nua-Eabhrac, San Francisco, Miami Beach, New Orleans agus lárionaid ‘chultúrtha’ eile Mheiriceá. Is grianghraif dubh is bán iad, an saghas is fearr liom féin, caithfidh mé a rá. Is íomhánna atá réamhghreanta ar ár n-aigne iad a lán díobh mar go bhfacamar íomhánna mar iad in an-chuid irisí, scannán agus clár teilifíse i gcaitheamh na mblianta.
Níl aon chleasaíocht ar bun ag Meisler: is íomhá amh neamhscagtha í gach íomhá anseo. D’éirigh léi breith ar an nóiméad ceart agus sin is grianghrafadóireacht ann i ndeireadh na dála:
an soicind sin
sula bpléascann an guma bolgóideach
ina béal
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Cad atá Banksy ag iarraidh a rá?'