Mioneolas ar fáil den chéad uair faoi lucht féachana Nuacht TG4/RTÉ

Léiríonn eolas atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise go mbaineann guagacht mhór le figiúirí féachana Nuacht TG4

Mioneolas ar fáil den chéad uair faoi lucht féachana Nuacht TG4/RTÉ

Tá mioneolas curtha ar fáil den chéad uair faoi líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint ar fheasacháin nuachta Ghaeilge TG4 agus RTÉ.

De réir figiúirí míosúla lucht féachana a fuair Tuairisc.ie ó RTÉ faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise idir 5,600 agus 10,100 duine ar an meán a d’fhéach ar Nuacht TG4 ó Feabhra go Bealtaine 2018.



Ba é an meánfhigiúr ab airde ag Nuacht RTÉ don tréimhse chéanna ná an 88,500 duine, ar an meán, a d’fhéach ar an bhfeasachán Gaeilge ar RTÉ 1 le linn mhí Feabhra agus ba i mí na Bealtaine a bhí an meán-lucht féachana is ísle, 5,600 duine.


Táblaí bunaithe ar fhigiúirí lucht féachana Nielsen curtha ar fáil ag RTÉ faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise

D’fhéach níos lú ná 8,000 duine ar an meán ar Nuacht TG4 gach mí idir Feabhra agus Bealtaine 2017, ach tháinig méadú ar na meánfhigiúirí gach mí le linn na tréimhse céanna in 2018.

6,600 duine ar an meán a d’fhéach ar Nuacht TG4, mar shampla, i Márta 2017 i gcomparáid le 10,100 i Márta 2018. Bhí ardú níos lú i gceist i gcás na míonna eile.

Léiríonn mionbhriseadh síos a fuair Tuairisc.ie ó TG4 ar fhigiúirí Nuacht TG4 don mhí áirithe sin – Márta 2018 – an ghuagacht mhór a bhaineann le figiúirí féachana an chláir.

Dé Sathairn an 24ú Márta, an lá ab fhearr ó thaobh lucht féachana, d’fhéach 56,700, ar an meán, ar Nuacht TG4 ach ar an lá ba mheasa an mhí chéanna, Déardaoin an 15 Márta, níor fhéach ach 900 duine, ar an meán, ar an gclár. B’in ceann de chúig lá an mhí sin ar fhéach 2,000 nó níos lú ar an gclár nuachta.

Cé gur a mhalairt a bhíonn fíor go minic faoi chláir nuachta eile, is cosúil gur fearr a éiríonn uaireanta le Nuacht TG4 lucht féachana a mhealladh d’fheasacháin ghearra an deireadh seachtaine. I gcás an chainéil Ghaeilge, is léir go mbíonn baint ag cláir spóirt le lucht féachana níos mó a bheith acu deirí seachtaine áirithe.

Tráthnóna Dé Sathairn an 31 Márta, an dara lá ab fhearr ó thaobh lucht féachana de a bhí ag Nuacht TG4 i mí an Mhárta (53,700 duine), dhein an stáisiún craoladh beo ar thrí chluiche CLG i ndiaidh a chéile, cluichí ceannais roinn a 3 agus roinn a 4 den tsraith náisiúnta peile agus cluiche leathcheannais na sraithe iomána idir Luimneach agus Tiobraid Árann. Cuireadh tús le clár na hiománaíochta ag 7pm, gnáth-am craolta Nuacht TG4.

30,800 a d’fhéach ar Nuacht TG4 ar an 17 Márta, Lá Fhéile Pádraig, lá a ndéantar craoladh beo ar chluichí ceannais na gclubanna ó Pháirc an Chrócaigh agus a gcraoltar eagrán speisialta de Nuacht TG4 féin. 10 lá ina dhiaidh sin Dé Máirt an 27 Márta, 1,100 duine, ar an meán, a d’fhéach ar an gclár nuachta, an dara lá ab ísle ó thaobh lucht féachana an mhí sin.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont níos túisce an samhradh seo go raibh sé “ríthábhachtach go mbeidh RTÉ ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtúil maidir le TG4”  agus go bhfuil “imní” air faoin “leibhéal infheistíochta atá RTÉ ag déanamh in iriseoireacht na Gaeilge”.

Thángthas ar réiteach faoi dheireadh i mí an Mhárta ar an easaontas a bhí idir TG4 agus RTÉ faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin.

Faoin socrú a rinneadh sna cainteanna a bhí ar bun idir an dá stáisiún ar feadh breis is bliain, is é ‘Nuacht RTÉ le TG4’ an branda atá in úsáid  ag an bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ One tráthnóna ach is iad na “luachanna” eagarthóireachta céanna atá ag an gclár.

Cuireann RTÉ Nuacht TG4 ar fáil faoin dualgas reachtúil atá air 365 uair an chloig a sholáthar in aghaidh na bliana don stáisiún Gaeilge.

Maíonn RTÉ gur timpeall €6 mhilliún in aghaidh na bliana a chaitheann siad ar Nuacht TG4.

Fág freagra ar 'Mioneolas ar fáil den chéad uair faoi lucht féachana Nuacht TG4/RTÉ'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní chuireann na figiúirí seo aon ionadh ormsa nuair a chuimhníonn tú go bhfuil Nuacht TG4 ag teacht ar shála Six One News ar RTÉ (gan trácht ar Sky News, nó fiú CNN agus Channel Four). Tá an nuacht idirnáisiúnta ar fad ar fáil ar na cainéil sin cheana féin, agus an nuacht náisiúnta ar fáil go cuimsitheach at Six One. Ar an mbonn san, tá na figiúirí go maith: geall le 10% de lucht féachana RTÉ.
    Im thuairimse, ní ghá do Nuacht TG4 dul tríd an nuacht náisiúnta agus idir náisiúnta arís, ach achoimre a thabhairt ar na scéalta móra agus ansan díriú ar na scéalta réigiúnacha a bhaineann le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge – ar nós Raidió na Gaeltachta. Mar a sheasann sé faoi láthair, tá na scéalta réigiúnacha fágtha chun deiridh, nó ar lár ar fad de cheal ama. Ach ‘siad na scéalta seo a mheallan an lucht féachana dílis atá ag TG4 agus ní fiú a bheith ar iarraidh freastal ar lucht féachana nach bhuil acu.
    Anuas ar sin, b’ait liom an oiread tuairisceoirí nuachta a chlúdaíonn cúrsaí ón Iarthar agus cainiúint láidir Chonallach acu. Agus go bhfuil muintir Chonamara sásta glacadh leis seo. Ceacht eile le foghlam ó Raidió na Gaeltachta, b’fhéidir.

  • Liam

    Ah anois a Fheargail!
    Cad faoi nuacht i gcanúint bhéarla na Geordies i Newcastle agus i gcanúint Oirthear Bhéal Feirste dóibh siúd.
    What’s aboot ye this eenin! I hev a bit a’news for ya!

  • Art

    An bhfuil tagairt ar bith faoi linn na ndaoine atá ag féachaint ar nuacht tg4 ar líne go laethúil.