‘Nuacht RTÉ le TG4’ – réiteach aimsithe ar an aighneas faoin nuacht teilifíse as Gaeilge

‘Nuacht RTÉ le TG4’ an branda a bheidh in úsáid feasta ag an bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ One tráthnóna

‘Nuacht RTÉ le TG4’ – réiteach aimsithe ar an aighneas faoin nuacht teilifíse as Gaeilge

Tá réiteach aimsithe faoi dheireadh ar an easaontas idir TG4 agus RTÉ faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin.

Faoin socrú nua atá déanta sna cainteanna atá ar bun idir an dá stáisiún le breis is bliain anuas, is é ‘Nuacht RTÉ le TG4’ an branda a bheidh in úsáid feasta ag an bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ One tráthnóna ach beidh na “luachanna” eagarthóireachta céanna is a bhí roimhe seo ag an bhfeasachán a chraolfar ó stiúideo nua TG4 i mBaile na hAbhann.

Tá cainteanna ar bun le timpeall is bliain anuas idir RTÉ agus TG4 maidir leis an tseirbhís nuachta Gaeilge, ach bhí a raibh i ndán don athrú ar chur chuige na nuachta idir dhá cheann na meá ó thug RTÉ le fios do TG4 nach raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an socrú go mbeadh branda agus cur chuige eagarthóireachta Nuacht TG4 ag nuacht RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Mar thoradh ar an diúltú sin bhagair lucht bainistíochta TG4 nach gceadófaí do RTÉ a bhfeasacháin nuachta Gaeilge a chraoladh ón stiúideo nua i gceannáras Bhaile na hAbhann agus shocraigh RTÉ go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar a bhfeasacháin nuachta Gaeilge agus iad a chraoladh ó Dhomhnach Broc.

Ní dheachaigh RTÉ ar aghaidh leis an bplean sin sa deireadh ach bhí “díomá agus fearg” ar bhaill foirne na seirbhíse nuachta Gaeilge faoin gcasadh is déanaí sin san aighneas idir an dá stáisiún agus rinneadh cáineadh géar ar RTÉ as socrú a dhéanamh go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar an nuacht Ghaeilge.

Pléadh chomh maith an scéal sa Dáil nuair a cheistigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an Taoiseach faoin scéal a foilsíodh ar an suíomh seo.

Leanadh leis na cainteanna idir lucht na hardbhainistíochta i TG4 agus RTÉ ina dhiaidh sin agus ba í ceist na brandála ar fheasachán RTÉ an dris chosáin ba mhó sna cainteanna sin.

Mar chuid den phlé a bhí ar bun idir an dá stáisiún le bliain anuas faoi na socruithe nua maidir lena soláthar nuachta Gaeilge, bhí sé i gceist deireadh a chur le branda Nuacht RTÉ agus ‘Nuacht TG4’ a chur ina áit ar fheasacháin teilifíse RTÉ. Bhí sé i gceist chomh maith go mbeadh cur chuige eagarthóireachta nua ag feasachán RTÉ agus go gcuirfí múnla ‘Súil Eile’ TG4 i bhfeidhm ar an nuacht Ghaeilge ar an dá stáisiún.

Faoin socrú sin, Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ a thabharfaí feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.40 tráthnóna, agus chraolfaí na cláir nuachta Gaeilge ar fad, ar RTÉ agus ar TG4, ó stiúideo nua i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

Ach cuireadh an plean sin ó mhaith nuair a thug ardbhainistíocht RTÉ le fios d’ardbhainistíocht TG4 nach rabhthas sásta a thuilleadh go gcraolfaí ‘Nuacht TG4’ ar RTÉ. Bhí idir alltacht agus dhíomá ar lucht bainistíochta TG4 faoin scéal agus iad den tuairim go raibh an margadh déanta maidir leis na socruithe nua a bhí le teacht i bhfeidhm an mhí seo. Bhí díomá ar lucht TG4 go háirithe mar go raibh an plean nua curtha i láthair na foirne cheana féin ag triúr de lucht bainistíochta RTÉ.

Is iad RTÉ a chuireann Nuacht TG4 ar fáil mar chuid dá sholáthar reachtúil don stáisiún Gaeilge.

Agus réiteach aimsithe anois ar an scéal, tiocfaidh na hathruithe ar chúrsaí nuachta i bhfeidhm an mhí seo chugainn, nuair a chuirfear tús le craoladh na nuachta faoin mbranda ‘Nuacht RTÉ le TG4’.

I gcomhfhreagras atá feicthe ag Tuairisc.ie, d’fhógair Stiúrthóir na Nuachta in RTÉ Jon Williams do bhaill foirne go raibh “roinnt pleananna iontacha” beartaithe do Nuacht RTÉ.

Dúirt Williams go mbeadh cuma nua ar fheasachán RTÉ One ón mhí seo chugainn ach go mbeadh “na luachanna céanna eagarthóireachta” aige “a fhágann Nuacht ag croí-lár RTE News & Current Affairs”. Tabharfar le fios ar an gclár gach tráthnóna gur ón nGaeltacht agus ó stáisiún TG4 atá sé á chraoladh.

Thug Jon Williams, a bhí ar cuairt ar Bhaile na hAbhann innu, le fios go bpléifí le lucht ceardchumainn aon athrú ar chleachtais oibre a thiocfadh isteach de thoradh na n-athruithe.

Dúirt sé go raibh sé “thar a bheith bródúil as an iriseoireacht Ghaeilge a dhéanann muid – ceann de na rudaí a shainíonn RTÉ” agus ghabh sé buíochas dle hArd-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus a fhoireann “as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú”.

Chuir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont fáilte roimh an socrú nua.

“Caitheann Nuacht TG4 ‘súil eile’ ar Éirinn – súil náisiúnta, súil idirnáisiúnta agus súil áitiúil.  Tá muid an-bhródúil nach i mBaile Átha Cliath atá ár gceannceathrú agus féachaimid lena chinntiú nach bhfuil ár ndearcadh claonta an iomarca i dtreo na hardchathrach, ní hionann agus cuid de na meáin eile.

“Anuraidh rinne TG4 infheistíocht mhór inár stiúideo nuachta agus tá ríméad orainn go mbeidh fuinneog anois ag an bhfeasachán ar chainéil teilifíse RTÉ.  Tá TG4 an-bhródúil as ár gcomhpháirtíocht le RTÉ agus as caighdeán iriseoireachta RTÉ atá i gcroílár na comhpháirtíochta sin.”

 

Fág freagra ar '‘Nuacht RTÉ le TG4’ – réiteach aimsithe ar an aighneas faoin nuacht teilifíse as Gaeilge'

  • Fiosrach

    Céard tá i gceist leis an ‘le’ anseo? Nuacht RTÉ in éineacht/i gcomhar le TG4? Nó Nuacht RTÉ de chuid/ó TG4? Nó brí eile?

  • breathd2

    Maidir leis an socrú nua seo, má tá scéal mór ag iriseoir le TG4 i mBaile na hAbhann, an mbrisfear ar nuacht ‘RTÉ le TG4 é’ ag 5.45 é, nó an bhfanfar ar Six News chun an scéal a scaoileadh???