‘Míniú iomlán’ á lorg faoi cheadú deontas ‘ar eagla go gceapfaí’ go raibh an tAire Joe McHugh ag tabhairt ‘tús áite’ dá dháilcheantar féin

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil ceisteanna le freagairt faoin scéal gur baineadh leas trí huaire as scéim áiseanna pobail de chuid Roinn na Gaeltachta chun deontas a íoc le bunscoileanna Gaeltachta – agus gur scoileanna i nDún na Gall atá sna trí scoil a bhí i gceist

McHugh-0014
Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní mór do Roinn na Gaeltachta “míniú iomlán” a thabhairt ar an scéal nach bhfuair ach scoileanna i nDún na nGall maoiniú faoi scéim dá gcuid, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Dúirt Ó Clochartaigh go gcaithfí an míniú sin a thabhairt “ar eagla go gceapfaí” gur ‘leas polaitiúil’ Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, a bhí i gceist le ceadú an mhaoinithe.

Bhí  Ó Clochartaigh ag tagairt don scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie inné gur baineadh leas trí huaire le breis agus bliain anuas as scéim áiseanna pobail de chuid Roinn na Gaeltachta chun deontas a íoc le bunscoileanna Gaeltachta – agus gur scoileanna i nDún na Gall atá sna trí scoil a bhí i gceist.

Dúirt Seanadóir Shinn Féin go raibh sé “fíorthábhachtach, go háirithe aimsir toghcháin” go dtabharfadh an Roinn “míniú iomlán” ar an scéal.

“Caithfear a bheith go hiomlán trédhearcach oscailte faoi na rudaí seo agus míniú iomlán a thabhairt ar an scéal gur scoileanna i ndáilcheantar an Aire Stáit amháin a bhain leas as an scéim sa tréimhse bliana sin, mar gan an míniú iomlán sin, d’fhéadfaí an bhrí a bhaint as an scéal go raibh an tAire ag tabhairt tús áite dá dháilcheantar féin,” a dúirt Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir go raibh sé cinnte go raibh an maoiniú a fuair na trí scoil i nDún na nGall faoi Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga na Roinne “ag dul dóibh agus ag teastáil go géar”, ach go raibh go leor ceisteanna fós le freagairt faoin scéal.

14532355891_6fa1389aa3_b
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Shinn Féin ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta

“Cár fógraíodh an scéim seo agus ar fógraíodh go bhfuil sé oscailte do bhunscoileanna? Ar cuireadh na bunscoileanna eile ar fud na Gaeltachta ar an eolas go bhfuil siad i dteideal cur isteach ar an scéim agus mura bhfuil an t-eolas sin acu, cén fáth?

“Cé mhéad iarratas ó scoileanna i gceantair Ghaeltachta eile a frítheadh le bliain anuas agus cé mhéad acu ar diúltaíodh dóibh? Céard iad na critéir a bhíonn i gceist le go gcáileodh scoil don scéim?” a dúirt Trevor Ó Clochartaigh.

De réir eolais a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie, níor bhain aon bhunscoil Ghaeltachta in aon chontae Gaeltachta seachas Dún na nGall buntáiste as an scéim áirithe seo ó thús mhí Eanáir 2015.

Dúirt urlabhraí na Roinne nach raibh aon rud eisceachtúil ag baint leis an scéal gur i nDún na nGall atá na trí scoil ar ceadaíodh deontas dóibh.

Thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc.ie go bhfuil an Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga “teoranta do choistí/eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht”, ach nach aon eisceacht atá ann tacú le bunscoileanna Gaeltachta faoin scéim.

€40,450 a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do na trí scoil Ghaeltachta a bhain leas as an scéim le breis agus bliain anuas. €28,000 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga, chun halla ilghníomh a thógáil; €10,250 a ceadaíodh do Scoil Naomh Fionán, An Fál Carrach, chun trealamh a cheannach do pháirc spraoi; agus €2,400 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Caiseal, chun trealamh spóirt a cheannach.

Fág freagra ar '‘Míniú iomlán’ á lorg faoi cheadú deontas ‘ar eagla go gceapfaí’ go raibh an tAire Joe McHugh ag tabhairt ‘tús áite’ dá dháilcheantar féin'

  • padraig

    Cén t-iontas? Nach in nós seanbhunaithe na bpolaiteoirí a bheith ag séideadh ar a mboilg féin chun na vótóirí a shásamh agus iad a bhréagadh? Déanann said ar fad é ffs.