Do scoileanna i nDún na nGall amháin a cheadaigh Roinn na Gaeltachta maoiniú ‘pobail agus teanga’ ó thús 2015

Trí huaire a ceadaíodh deontas do scoileanna le breis agus bliain anuas faoi Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga na Roinne

 

00063721-642

Baineadh leas trí huaire le breis agus bliain anuas as scéim áiseanna pobail de chuid Roinn na Gaeltachta chun deontas a íoc le bunscoileanna Gaeltachta – agus scoileanna i nDún na Gall atá sna trí scoil a bhí i gceist.

Is faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga de chuid na Roinne a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an maoiniú seo do na trí scoil: Scoil Mhuire, An Caiseal; Scoil Mhuire, na Doirí Beaga; agus Scoil Naomh Fionán, An Fál Carrach.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfuil an Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga “teoranta do choistí/eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht”, ach nach aon eisceacht atá ann tacú le bunscoileanna Gaeltachta faoin scéim.

De réir eolais a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie, níor bhain aon bhunscoil Ghaeltachta in aon chontae Gaeltachta seachas Dún na nGall buntáiste as an scéim áirithe seo ó thús mhí Eanáir 2015.

Dúirt urlabhraí na Roinne nach raibh aon rud eisceachtúil ag baint leis an scéal gur i nDún na nGall atá na trí scoil ar ceadaíodh deontas dóibh.

Tugann an roinn tacaíocht faoin scéim áirithe seo do choistí agus eagrais sa Ghaeltacht le háiseanna pobail a athchóiriú nó a fhorbairt agus glactar le hiarratais faoin scéim chomh maith ar chúnamh i leith trealamh agus troscán a cheannach.

€40,450 a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do na trí scoil Ghaeltachta a bhain leas as an scéim le breis agus bliain anuas. €28,000 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga, chun halla ilghníomh a thógáil; €10,250 a ceadaíodh do Scoil Naomh Fionán, An Fál Carrach, chun trealamh a cheannach do pháirc spraoi; agus €2,400 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Caiseal, chun trealamh spóirt a cheannach.

Maidir leis an tsuim €28,000 a ceadaíodh do Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga, dúirt urlabhraí na Roinne go mbeadh an halla a thógfaí “in úsáid ag an scoil agus an pobal araon i leith gníomhaíochtaí a bheadh dírithe ar an nGaeilge”.

Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie nach eisceachtaí a bhí i gcásanna na scoileanna i nDún na nGall.

“Glactar le hiarratais ar chúnamh i leith trealaimh/troscáin faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga sa Ghaeltacht ó ghrúpaí éagsúla. Is ó choistí/eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht is mó a thagann iarratais ach tá iarratais faighte agus ceadaithe ag an Roinn ó scoileanna freisin – boird bhainistíochta agus coistí tuismitheoirí.

“Ní eisceacht na cásanna atá luaite agat. Cuirtear na critéir uile a bhaineann leis an scéim san áireamh nuair atá anailís á déanamh ar na hiarratais sin agus, ar ndóigh, baineann roinnt eagraíochtaí pobail úsáid as scoileanna sa Ghaeltacht,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh iarratais eile faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga ó scoileanna Gaeltachta eile idir lámha faoi láthair acu.

 

Fág freagra ar 'Do scoileanna i nDún na nGall amháin a cheadaigh Roinn na Gaeltachta maoiniú ‘pobail agus teanga’ ó thús 2015'