CIARRAÍ
Baile an Fheirtéaraigh
Ag Áras Bréanainn ag 11am a thosóidh an pharáid a rachaidh siar tríd an mbaile as sin. ‘Sprid, croí. caid agus teanga’ téama na bliana seo agus beidh daltaí bhunscoileanna na Gaeltachta ar fad páirteach ann.
Ar ndóigh, deir muintir Bhaile na nGall gur acusan is túisce sa tír a mbíonn paráid acu. Ag nóiméad tar éis meán oíche a shiúlann scata beag daoine ó Thigh TP go dtí Tigh Bheaglaoich.
An Daingean
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig 2026 ar siúl sa Daingean ag 12:45pm. Tiocfar le chéile ar Bhóthar Faoisimh an Daingin, in aice leis an bPobalscoil, roimh thús na paráide agus leanfaidh sí an gnáthbhealach tríd an mbaile go barr Shráid na nGabhar. Beidh flótaí ó ghnólachtaí áitiúla, clubanna agus grúpaí pobail páirteach sa pharáid, agus tá gach dream sa phobal á spreagadh le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh.
Tuilleadh eolais anseo.
CORCAIGH
Béal Átha an Ghaorthaidh
Beidh paráid ar siúl i mBéal Átha an Ghaorthaidh ag 10:30am ar shráid an bhaile. Táthar ag súil le timpeall ceithre flóta i mbliana.
Tuilleadh eolais anseo.
DÚN NA nGALL
Gaoth Dobhair
Beidh paráid ar siúl i nGaoth Dobhair ar ag 2pm. Tosóidh an pharáid in An Bun Beag agus gabhfaidh sí ar aghaidh as sin go dtí na Doirí Beaga.
Tá tuilleadh eolais anseo.
GAILLIMH
An Aird Mhóir
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig ar siúl san Aird Mhóir 1pm. Beidh ceol i dTigh Leavy mar chuid den cheiliúradh agus bronnfar trófaí agus dearbhán ar an bhflóta is fearr.
An Cheathrú Rua
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig ar siúl ar an gCeathrú Rua 12am. Tosóidh an pharáid ag an gCrompán agus bogfaidh sí tríd an mbaile go Halla Éinne. Beidh dioscó agus bronnadh duaiseanna ar siúl i Halla Éinne ag 1pm.
Tuilleadh eolais anseo.
An Spidéal
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig ar siúl in An Spidéal ag 11:40am, tar éis Aifreann 11am. Tosóidh agus críochnóidh an pharáid ag an Airdín Buí, trasna ó Shiopa Centra. Táthar ag súil le idir 25 agus 30 flóta, agus tá cuireadh tugtha do dhaoine feisteas ó na 1950idí a chaitheamh. Beidh ceol, damhsa, péinteáil aghaidheanna, duaiseanna don fheisteas is fearr agus dearbháin €5 do na páistí a bheidh gléasta go speisialta don lá mór.
Tuilleadh eolais anseo.
Cill Chiaráin
Beidh paráid Lá Fhéile Pádraig ar siúl i gCill Chiaráin ag 2pm. Beidh clárú na bhflótanna ar siúl i gcarrchlós Chill Chiaráin Éisc ag 1:30pm sula dtosóidh an pharáid. Iarrtar ar gach flóta, lena n-áirítear inneall nó feithicil, a gcuid árachais féin a bheith acu. Beidh ceol i dTigh Chadhain ag 3.30pm agus beidh céilí ar siúl in Ionad Pobail Chill Chiaráin ag 4pm agus an ceol ó Sonaí Choilm Learaí agus Mícheál Ó Domhnaill.
Inis Meáin
Beidh an cluiche CEAD traidisiúnta ar siúl ar Inis Meáin ó 12pm go dtí thart ar 4pm. Mar chuid den cheiliúradh, beidh imeachtaí eile ar siúl ag an deireadh seachtaine freisin, lena n-áirítear seoladh an leabhair Cnuasach an Chead agus seoladh an taispeántais, Inis Meáin: Mí an Mhárta.
Tá físeán ón gcomórtas anuraidh anseo.
PORT LÁIRGE
Gaeltacht na nDéise
Beidh grúpaí ó Ghaeltacht na nDéise ag glacadh páirt i mórshiúl Lá Fhéile Pádraig i nDún Garbhán ar an 17 Márta 2026 ag 2pm. Beidh duais speisialta ar fáil don ghrúpa is fearr a bhainfidh úsáid as an nGaeilge sa pharáid.
Fág freagra ar 'Lá Fhéile Pádraig – gach eolas faoi pharáidí na Gaeltachta'