Mídhleathach parlaimint Westminster a dhíscor – cinneadh na Cúirte Uachtaraí

Cinneadh d’aonghuth ag aonar déag breithiúna gur chuir díscor na parlaiminte stop le comhlíonadh dualgas bunreachtúil

Mídhleathach parlaimint Westminster a dhíscor – cinneadh na Cúirte Uachtaraí

Uachtarán na Cúirte Uachtaraí sa Bhreatain, an Bhantiarna Hale

Bhí cinneadh Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson parlaimint Westminster a chur ar fionraí go dtí an 14 Deireadh Fómhair mídhleathach agus gan bhunús, dar le Cúirt Uachtarach na Breataine i gcinneadh a fógraíodh níos luaithe ar maidin.

Rialaigh an t-aonar déag breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí d’aonghuth scor na parlaiminte a chur ar neamhní go hiomlán agus ordaíodh gur faoi Spéicéir na parlaiminte agus ceannaire Theach na dTiarnaí anois é cinneadh a dhéanamh cruinnithe den dhá theach a ghairm arís.

Dúirt uachtarán na Cúirte Uachtaraí, an Bhantiarna Hale, agus í ag fógairt an bhreithiúnais go raibh sé mídhleachtach an pharlaimint a scor mar gur chuir sin stop le cúram dlistineach na parlaiminte a dualgais bhunreachtúla a chomhlíonadh.

Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing go bhfuil cinneadh na cúirte á mheas acu faoi láthair. Tá Boris Johnston féin i Nua-Eabhrac áit a bhfuil sé ag freastal ar thionól na Náisiún Aontaithe.

Chinn Boris Johnson moladh do Bhanríon Shasana an pharlaimint a scor ar feadh tréimhse cúig seachtaine fad is a bhí clár rialtais nua á chur le chéile aige.

Chinn an Chúirt Uachtarach, áfach, tar éis éisteacht a mhair trí lá, go raibh an bunús a thug an Priomh-Aire don scor míbhailí.

Ag labhairt dó ag Comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre, dúirt Jeremy Corbyn go raibh sé in am ag Príomh-Aire na Breataine éirí as a phost.

Tá sé deimhnithe ag Spéicéir na Parlaiminte John Bercow go bhfuil faoi teagmháil a dhéanamh le ceannairí na bpáirtithe le socruithe a dhéanamh an pharlaimint a aisghairm ar bhonn práinne.

 

Fág freagra ar 'Mídhleathach parlaimint Westminster a dhíscor – cinneadh na Cúirte Uachtaraí'

  • An Teanga Bheo

    Filleann an feall ar an feallaire! ………..agus anois tá taking back control i gceist ?

  • An Teanga Bheo

    Filleann an feall ar an fheallaire ?