‘Mí-úsáid’ bainte as an nGaeilge ag go leor polaiteoirí agus gá le ‘tús nua’ – Alliance

Tá polasaí teanga nua seolta ag an Alliance Party ó thuaidh ina moltar go gcuirfí seirbhísí ateangaireachta ar fáil do chomhairleoirí Bhéal Feirste

‘Mí-úsáid’ bainte as an nGaeilge ag go leor polaiteoirí agus gá le ‘tús nua’ – Alliance

Linda Ervine agus Gordon McCoy ón eagraíocht TURAS, agus an Comhairleoir Michael Long ó Pháirtí an Chomhaontais

Tá moladh déanta ag Páirtí an Chomhaontais go gcuirfí seirbhísí ateangaireachta ar fáil do chomhairleoirí cathrach i mBéal Feirste ar mhaith leo a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge ag cruinnithe na Comhairle.

Seoladh  A New Chapter: Tús maith, leath na hoibre i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich in iarthar na cathrach ar maidin le “dul i ngleic le ceist na dteangacha ar fud Bhéal Feirste”. Tá moltaí sa pholasaí nua do chur chun cinn na Gaeilge, na hUltaise agus mionteangacha eile sa chathair.

Maítear sa pholasaí nuasheolta go n-aithníonn Alliance “tábhacht na Gaeilge do shaol Bhéal Feirste” agus deirtear go gcreideann an páirtí gur cheart an teanga a chur chun cinn mar gheall ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chathair agus “oidhreacht shaibhir chultúir” na teanga i mBéal Feirste.

Gealltar go dtabharfar aird ar na treoracha dea-chleachtais atá leagtha amach ag Foras na Gaeilge do chur chun cinn na Gaeilge agus go mbreathnófar freisin ar pholasaithe Gaeilge sna comhairlí ceantair eile.

Tá ceithre bhunaidhm luaite sa pholasaí: úsáid agus feiceálacht na Gaeilge a mhéadú i seirbhísí, áiseanna agus imeachtaí na Comhairle Cathrach; poiblíocht a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge na Comhairle; tionscnaimh chultúir agus turasóireachta Gaeilge a chur chun cinn; agus an Ghaeilge a chur chun cinn i measc “úsáideoirí neamhthraidisiúnta” sa chathair.

Moltar go gceapfaí Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle Cathrach a bheadh freagrach as plean aicsin a fhorbairt chun an teanga a chur chun cinn.

Moltar freisin go bhfreagrófaí comhfhreagras a fhaightear i nGaeilge sa teanga sin agus go mbeadh “seirbhís aisghlaoigh” ann do ghlaonna fóin ó chainteoirí Gaeilge – is é sin le rá go dtabharfadh duine le fios gur seirbhís i nGaeilge atá uaidh agus go nglaofadh oibrí le Gaeilge de chuid na Comhairle ar ais air.

Tá moltaí eile ann do chur chun cinn na teanga i measc eagraíochtaí spóirt sa chathair, do “chosán Gaeilge” do thurasóirí. Moltar freisin go dtacódh an Chomhairle leis an nGaelscolaíocht i mBéal Feirste.

Maítear sa cháipéis go bhfuil “mí-úsáid” bainte as an nGaeilge ag go leor polaiteoirí i gcaitheamh na mblianta agus go bhfuil Alliance ag iarraidh “tús nua” a thabhairt don teanga sa Chomhairle Cathrach.

“In order to achieve this, we believe that there should be promotion and educational support provided particularly to sections of our community who would have had less opportunities to learn Irish. This would include those from a Protestant or Unionist background,” a deirtear.

Deirtear go ndéanfadh an tOifigeach Gaeilge “socrú ar leith” le himeachtaí a reáchtáil don phobal aontachtach, ina measc cuairteanna ar scoileanna nach múintear an teanga iontu, agus “cláir for-rochtana” faoin teanga agus a stair.

Agus an polasaí á sheoladh ar maidin, dúirt ceannairei Halla na Cathrach Alliance, an Comhairleoir Michael Long, go bhfuil “dóchas” aige gurb í seo uair na faille le dul i ngleic le ceist na dteangacha i mBéal Feirste.

“Roghnaíomar an áit seo mar ainmníodh í as Robert McAdam, Preispitéireach a chuir an teanga chun cinn sa 19ú haois, agus an Cairdinéal Ó Fiaich, agus léiríonn sé sin gur le gach duine an Ghaeilge.

“Aithnímid gurb é an Béarla príomhtheanga Bhéal Feirste, ach tá ról tábhachtach ag teangacha agus cultúir eile inár gcathair. Creideann Alliance gur cheart go mbeadh iachall ar chomhlachtaí poiblí measúnú a dhéanamh ar an ngá le seirbhísí i dteangacha nach Béarla iad lena chinntiú nach bhfuil duine ar bith faoi mhíbhuntáiste,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Mí-úsáid’ bainte as an nGaeilge ag go leor polaiteoirí agus gá le ‘tús nua’ – Alliance'

  • Pól Ó Codlata

    Forbairt an-dearfach é seo chun dearcadh uilíoch a chruthú don teanga sa Tuaisceart. Ba cheart a chuimhniú go raibh suim láidir ag Phrotastúnaigh Uladh sa teanga roimh an t-Eirí Amach, agus ba dheas dá bhféadfadh an t-oidhreacht sin a h-athbheochadh arís!

  • Concubhar

    Is maith ann an pholasaí seo. Is maith freisin gur seoladh sa Chultúrlann é.
    DAS, ní hé Michael Long an ceannaire ar Alliance. Is í Naomi Long an ceannaire. Is comhairleoir cathrach i mBéal Feirste é Michael. Seans gurb é an ceannaire ar an bpáirtí sa Chomhairle sin.

  • Dónall

    Más mall is mithid. An ionann mí-úsáid na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge? An bhfuil mí-úsáid bainte as an Bhéarla ag páirtithe polaitiúil chomh maith?