Meon na seirbhíse poiblí léirithe sa diúltú rabhadh i nGaeilge a chur ar dheochanna meisciúla – Ó Cuív

Tá diúltaithe ag an Roinn Sláinte leas a bhaint as reachtaíocht chun a chinntiú go gcaithfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge a bheith ar dheochanna meisciúla

Meon na seirbhíse poiblí léirithe sa diúltú rabhadh i nGaeilge a chur ar dheochanna meisciúla – Ó Cuív

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go léiríonn diúltú na Roinne Sláinte rabhadh sláinte Gaeilge a chur ar dheochanna meisciúla an meon atá ag cuid mhaith den státseirbhís i leith na teanga.

Tá diúltaithe ag an Roinn Sláinte leas a bhaint as reachtaíocht chun a chinntiú go gcaithfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge a bheith ar dheochanna meisciúla.

Nuair a bhí an Bille um Shláinte Poiblí (Alcól) á phlé sa Dáil in 2018, dúradh nach bhféadfaí glacadh le leasú a cheadódh rabhadh sláinte Gaeilge ar na deochanna mar go gcuirfeadh a leithéid moill mhór ar achtú an Bhille.

Thug an Roinn le fios do Tuairisc an mhí seo, áfach, nach bhfuil na rialacháin a bhaineann leis an lipéadú dréachtaithe fiú go fóill, ceithre bliana ó pléadh an dréachtreachtaíocht agus ó dúradh nach raibh dóthain ama ann le plé le ceist an rabhaidh i nGaeilge.

Nuair a chuir an Teachta Éamon Ó Cuív ceist arís ar an Aire Sláinte faoin scéal, níor tugadh aon soiléiriú maidir le cén uair a thabharfaí na rialacháin isteach agus dúradh arís nach mbeadh dualgas reachtúil ann maidir le rabhadh sláinte dátheangach ar na deochanna.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc go raibh “an-díomá” air leis an dearcadh atá léirithe ag an Roinn Sláinte ar an gceist.

Mar fhreagra ar cheist Uí Chuív, dúirt an Roinn nach ndéarfaí sna rialacháin go gcaithfeadh an t-eolas sláinte ar na lipéid a bheith i nGaeilge agus i mBéarla ach go mbeadh sé ar fáil go dátheangach ar fhógraí in áitribh cheadúnaithe agus ar shuíomhanna gréasáin a dhíolann deochanna meisciúla.

“Níl fonn orthu é a dhéanamh. Tá an rud seo ann go mbeidh na póstaeir agus fógraí ar na suíomhanna idirlín i nGaeilge, go mbeidh sé sin sách maith ag na Gaeilgeoirí. Tá sé náireach,” a deir Ó Cuív.

“Ar thaobh amháin, tá an tOireachtas ag achtú achtanna teanga ach, ar an taobh eile den scéal, mura bhfuil gach rud clúdaithe sa dlí, tá cuid mhaith eile den tseirbhís phoiblí ag déanamh a laghad agus is féidir leo [ó thaobh na teanga de].”

Nuair a bheidh na rialacháin maidir leis an lipéadú dréachtaithe, caithfear iad a chur faoi bhráid Choimisiún na hEorpa lena chinntiú go dtagann siad le prionsabail an mhargaidh aonair. Deir Ó Cuív gur ag an bpointe sin a chaithfí gníomhú chun an Ghaeilge a chur san áireamh agus nach bhfuil sé i gceist aige scaoileadh leis an scéal.

“Sin an t-am chun brú a chur orthu anseo agus san Eoraip,” a deir Ó Cuív. “Tá sé náireach nach mbeadh an dá theanga oifigiúil sa stát le feiceáil ar na rabhaidh.

“Tógfaidh sé seo ar fad tamall ach má cheapann siad go bhfuil an eilifint seo chun dearmad a dhéanamh air tá dul amú orthu.”

Measann Ó Cuív go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh go fóill rabhadh i nGaeilge a chur ar na lipéid. Cé nach bhfuil an Ghaeilge luaite sa chuid sin den reachtaíocht, dúirt Ó Cuív cheana go mbeadh sé de chumhacht ag an aire rialachán a leagan síos a chinnteodh go mbeadh an rabhadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Bhí Ó Cuív ar dhuine de Theachtaí Dála Fhianna Fáil a mhol an leasú maidir leis an lipéadú dátheangach in 2018. Bhí an leasú freisin in ainm Stephen Donnelly, atá anois ina Aire Sláinte.

Tharraing Fianna Fáil siar an leasú toisc gur thug an tAire Sláinte ag an am, Simon Harris, le fios go gcuirfeadh a leithéid moill roinnt míonna ar an reachtaíocht.

An dara cúis a luaigh Simon Harris lena chinneadh diúltú don leasú ar an mBille a mhol Fianna Fáil in 2018 ná torthaí taighde faoi lipéid dhátheangacha a léirigh, dar leis, go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine.

Léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, áfach, nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív gur chuir Simon Harris “daoine amú faoi dhó sa Dáil” faoi cheist na lipéad Gaeilge.

Fág freagra ar 'Meon na seirbhíse poiblí léirithe sa diúltú rabhadh i nGaeilge a chur ar dheochanna meisciúla – Ó Cuív'

  • Pádraig O'hEipicín

    Bhí Simon Harris ró gnótha ag brú an ghinmhilleadh ar aighaidh an t-am sin. Náire air.

  • Éilís Ní Anluain

    ‘moill’ agus ‘mearbhall’ = leithscéalta maslacha gan náire

  • AnRógaire

    Nach raibh Ó Cuív ina Aire Sinsearach ar feadh na mblianta? Comhionnanas fós ceillte ar phobal labhartha na gaeilge ón earnáil phoiblí agus phríobháideach ar aon.

  • Dreamhan le Déistin

    Tír dhátheangach is ea Éire agus an Ghaolainn mar phríomhtheanga oifigiúil aici de réir an Bunreachta.

    Ba chóir go mbeadh gach uile rud sa tír seo dátheangach – ní hamháin gur chóir gach rud a bheith dátheangach, ach feictear dom gur sárú Bunreachta is ea é caitheamh le teanga oifigiúil amháin de chuid an Stáit (.i. an Ghaolainn) ar bhealach éagsúil mar a chaitear le teanga oifigiúil eile an Stáit (.i. Béarla).

    Mo náire sibh Conradh na Gaeilge atá sásta airgead a fháilt ón Stát aonteangach frith-Ghaolainn seo ach nach bhfuil sé de mhisneach agaibh an dlí a chur ar an Stát céanna chun go gcomhlíonfadh sé na dualgais teangan atá air de réir an Bunreachta.

  • Proinnsias O hUrmoltaigh

    Tá an cheart iomlán ag an Teachta Éamon Ó Cuiv. Masla agus náireach is ea an scéal seo .
    Is fiú brú leanúnach a chur ar an Roinn Sláinte, mar gur, ag tarraingt na gcos atá ar siúl anseo chomh le an – chuid earnáil eile.

  • Séamus Ó Súileabháin

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus brón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaih na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    —– agus tusa a Éamaon, a Chara uasail, ag iarraidh ‘rabhadh sláinte Gaeilge a chur ar dheochanna meisciúla’ !!! Caithfidís (An Stát) a bheith ar meisce le sin a dhéanamh !!!

    Dónall Mac Billings

    Focal scoir :- Lá Breithe Sona do Dhónall Mac Billings(mé fein) i bPríosún Phort Laoise 30/06/2022. An Príosúnach Poblachtach is sine ag aois 72 bliain sa ‘SaorStáit’ ag troid go fóill ar son ceannasaíochta na tíre seo a bheith i lámha Éireannacha mar áta ar siúl san Úcráin dá gceannasaíócht féin agus a dteanga.

  • Concubhar

    Ní dócha go gcuirfeadh sé go mór le costas na ndeochanna rabhadh dhá theangach a chur ar bhuidéil ach nach fánach an beart é chun an Ghaeilge a chur i mbéal an phobail! Nár cheart féachaint go cúramach ar cad a bhionn Gaeil ag lorg ó thaobh tacaíocht do leaganacha Gaeilge de chaipéisí oifigiúla? In áit a bheith ag lorg leaganacha Gaeilge de chaipéisí nach léighfear i dteanga ar bith, nár cheart tacaíocht níos mó a lorg do leabhair,irisí, nuachtáin is suíomhanna Gaeilge, ábhar Gaeilge atá leitheoirí ann do gan amhras. Má chuirimíd le líon na leitheoirí sa tslí sin, beidh éileamh níos mó ar chaipéisíocht Ghaeilge oifigiúil. Tá an rud ar fad droim ar ais agus bun os cionn agus is chun aimhleasa na Gaeilge agus pobal na teanga atá sé.

  • Seán Ó Murchú

    Mar a bhíonn i gcónaí tá an ceart ag Éamon Ó Cuív, fear uasal Gaelach.