‘Náireach’ – ceithre bliana ag fanacht ar rabhadh sláinte nach bhféadfaí Gaeilge a chur ann ‘ceal ama’

Ceithre bliana ó shin dhiúltaigh aire sláinte do mholadh go mbeadh lipéid dhátheangacha ar dheochanna meisciúla mar go raibh práinn ag baint leis an scéal.  Níl na rialacháin réitithe go fóill…

‘Náireach’ – ceithre bliana ag fanacht ar rabhadh sláinte nach bhféadfaí Gaeilge a chur ann ‘ceal ama’

Ceithre bliana ó dúradh nach bhféadfaí rabhadh sláinte Gaeilge a áireamh i reachtaíocht faoi dheochanna meisciúla ceal ama, níl tásc ná tuairisc go fóill ar an reachtaíocht sin.

Nuair a bhí an dréachtreachtaíocht á plé sa Dáil in 2018, dúirt Simon Harris, a bhí ina aire sláinte ag an am, gurbh í an phríomhchúis nach bhféadfaí glacadh le leasú a cheadódh rabhadh sláinte Gaeilge ar na deochanna ná go gcuirfeadh a leithéid moill mhór ar achtú an Bhille.

Tá deimhnithe ag an Roinn Sláinte do Tuairisc, áfach, nach bhfuil na rialacháin a bhaineann leis an lipéadú dréachtaithe fiú go fóill. Dúirt an Roinn gur chuir an phaindéim isteach ar an obair ach go raibh sí tosaithe arís anois.

Nuair a bheidh an obair sin curtha i gcrích, caithfear na rialacháin a chur faoi bhráid Choimisiún na hEorpa lena chinntiú go dtagann siad le prionsabail an mhargaidh aonair.

Nuair a bhí an dreáchtreachtaíocht á plé, bhí an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar dhuine de Theachtaí Fhianna Fáil a mhol go mbeadh an lipéadú ar dheochanna meisciúla i nGaeilge agus i mBéarla agus deir sé go bhfuil sé “náireach” nach bhfuil na rialacháin tagtha isteach fós agus gur léir gur i mBéarla amháin a bheidh siad.

“Ar an gcéad dul síos, tá sé náireach nár tugadh isteach go fóill na foláirimh ar an lipéadú agus, uimhir a dó, tá sé náireach nach raibh siad le bheith dátheangach ón tús,” arsa Ó Cuív. 

“Is léir anois nach raibh ann ach leithscéal ag an Roinn nuair a dúradh nach raibh dóthain ama ann mar go raibh deifir leo seo.”

Tharraing Fianna Fáil siar an leasú maidir leis an lipéadú dátheangach in 2018 toisc gur thug an tAire Sláinte le fios go gcuirfeadh a leithéid moill roinnt míonna leis an reachtaíocht.

Deir Ó Cuív go bhfuil sé i gceist aige an scéal a phlé anois leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly. Bhí Donnelly ar dhuine eile de na Teachtaí Dála a mhol an leasú go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach mar chuid den reachtaíocht.

Measann Ó Cuív go bhféadfaí cinneadh a dhéanamh go fóill rabhadh i nGaeilge a chur ar na lipéid. Cé nach bhfuil an Ghaeilge luaite sa chuid sin den reachtaíocht, deir Ó Cuív go mbeadh sé de chumhacht ag an aire rialachán a leagan síos a chinnteodh go mbeadh an rabhadh i nGaeilge agus i mBéarla.

An dara cúis a luaigh Simon Harris lena chinneadh diúltú don leasú ar an mBille a mhol Fianna Fáil in 2018 ná torthaí taighde faoi lipéid dhátheangacha a léirigh, dar leis, go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine.

Léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, áfach, nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív gur chuir Simon Harris “daoine amú faoi dhó sa Dáil” faoi cheist na lipéad Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Náireach’ – ceithre bliana ag fanacht ar rabhadh sláinte nach bhféadfaí Gaeilge a chur ann ‘ceal ama’'

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Is léir nár chóir d’Oráistigh a bheith róbhuartha faoi aontú leis an stát “Béarla” ó dheas, chomh fada is a bhaineann leis an nGaeilge de. Ach cheapfá go dtuigfeadh airí mar Simon Harris go laghdaíonn meon frithGhaeilge mar seo tacaíocht pholaitiúil dá bpáirtithe i dtoghcheantair éagsúla ar fud na tíre. Beidh gach vóta tábhachtach. Agus úsáideann cuid againn gach bosca, síos go bun an liosta.

  • Kevin Tuohy

    Níl aon duine sa Dáil chomh tácúil chuig an Gaeilge, agus chomh tuisceannach faoi chúrsaí Gaeilge sa phobal, ná Éamonn Ó Cuív. Is gaiscíoch é don oidhreacht!
    Ar an lámh eile, Mo náire thú, Simon Harris, don dímheas a thaispéanann tú chuig an Gaeilge lá i ndiadh lae!