Meon difriúil ag Louise Ní Mhuircheartaigh agus Ciarraí

Is ag bláthú agus ag forbairt atá painéal Átha Cliath ach tá an chuma ar Chiarraí nach gcuireann puinn isteach orthu

Meon difriúil ag Louise Ní Mhuircheartaigh agus Ciarraí

Pé dul chun cinn a thaibhsítear dóibh a bheith déanta óna dtreascairt i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, beidh tástáil mhaith ar dhintiúir Chiarraí in aghaidh Átha Cliath amárach.

Bhí an babhta idir an dá chontae i bPáirc Parnell i lár mhí an Mheithimh chomh taitneamhach de choimhlint is a chonac le tamall fada agus tá iarsmaí den gcoimhlint sin, ina raibh dhá phointe farasbairr ag Ciarraí, fós le braistint inniu.

Is geall le cogadh na mbó maol an priocadh is an leibhéal atá idir bainistíocht Chiarraí, Declan Quill agus Darragh Long agus bainisteoir Átha Cliath, Mick Bohan, le coicíos anuas ach níl aon amhras ná go raibh teannas ceart eatarthu ar an dtaobhlíne sa Mheitheamh.

Bhuaigh Ciarraí an cluiche sin 2-8 le 1-9 ach bhí orthu luí amach orthu féin ag déanamh ar dheireadh na himeartha, iad i dtaobh le trí dhuine dhéag tar éis cártaí buí a bheith fachta ag Kayleigh Cronin agus Emma Costello. Ba le linn an dara leath sin, is dóigh liom, a bhraith Mick Bohan go raibh an cúinne casta aige leis an mbuíon imreoirí seo ó Áth Cliath tar éis dóibh tréimhse fhada a chaitheamh ag iarraidh a mbuille a aimsiú agus gan aon fhianaise ann go bhféadfaidís san a dhéanamh.

Carla Rowe ©INPHO/Laszlo Geczo

Le Hannah Tyrell agus an captaen Carla Rowe á dtiomáint chun tosaigh agus Lauren Magee á spreagadh ós na cúil, ídíodh an farasbarr a bhí ag Ciarraí i dtús an dara leath agus cé gur shábháil báideoir Chiarraí, Ciara Butler, cic éirice ó Carla Rowe, bhí sé ag dul dian ar chosantóirí Chiarraí dul ar an gcloch is airde ón dtaoide ghorm a bhí chuchu.

Má thug Ciarraí na cosa leo ar éigean tuigfidh siad féin chomh maith le Mick Bohan go bhfuair Áth Cliath oiread ón gcluiche sin is a fuaireadar féin.

Ó shin i leith tá Áth Cliath ag imirt le sprid dhifriúil, tá an chomhimirt eatarthu dulta i bhfeabhas agus más aon slat tomhais a mbua tréan ar Chorcaigh sa chluiche leathcheannais i Staid Semple coicíos ó shin, táid tagtha ar mhúnla imeartha a oireann dos na tréithe atá acu.

Má táthar chun an cluiche éachtach úd sa Mheitheamh a úsáid mar shlat tomhais, is deacair éalú chomh maith ón dtuairim go bhfuil buntáiste eile ag Áth Cliath amárach.

Nuair ba dhéine an choimhlint agus nuair ba mhó a bhí an brú ag teacht ar Chiarraí sna deich nóimeat deireanacha, ba í a gcaptaen Síofra O’Shea ba mhó a stiúraigh chun cuain iad. Tar éis báide a aimsiú le bos na láimhe luath sa dara leath, thit bean Uíbh Ráthaigh siar i measc na gcúlaithe sa tréimhse chinniúnach sin roimh dheireadh agus shocraigh sí a comhghleacaithe le pasanna tomhaiste amach as an dtranglam agus amach as an anaithe.

Ní bheidh O’Shea ar fáil do Chiarraí amárach agus cé go ndein a comhghleacaithe neamhní dá héagmais sa chluiche leathcheannais in aghaidh Mhaigh Eo coicíos ó shin, beidh babhtaí amárach go mbraithfidh siad a hintleacht chaide uathu go géar.

Má tá easnamh agus éagmais ag Ciarraí óna gcoimhlint deireanach le hÁth Cliath, is ag bláthú agus ag forbairt atá painéal Átha Cliath. Is fiú a chur san áireamh nach raibh Jennifer Dunne ar fáil d’Áth Cliath sa Mheitheamh. Tá bean Chuala acu anois, agus bunaithe ar a ceithre phointe ón imirt ó lár a’ ghoirt agus báide dlisteanach eile nár ceadaíodh, in aghaidh Chorcaí is léir go mbeidh a ndóthain cúraim ar bheirt lár páirce Chiarraí, Lorraine Scanlon agus Louise Galvin, srian a choimeád ar Dunne agus ar a páirtí Eilish O’Dowd amárach.

Tá cosúlachtaí áirithe idir cluiche an lae amárach agus cluiche ceannais na bhfear coicíos ó shin sa mhéid is go bhfuil foireann amháin (Ciarraí) ag imirt ina ndara cluiche ceannais as a chéile le ceann des na tosaithe is fearr amuigh agus an fhoireann eile ar dalladh ag iarraidh blaiseadh a fháil an athuair ar na laethanta meala tar éis dhá bhliain a bheith caite sa bhfásach acu féin.

Tá cosúlachtaí eile ann chomh maith ach ní mór is féidir le mná Chiarraí a dhéanamh faoin ngoile diamhair atá sa chontae briseadh croí na bhfear a chúiteamh lena lucht leanúna. Ní hé a n-ualach é le hiompar. Beidh a gcúiseanna féin ag mná Chiarraí amárach ach deinim amach go mbeidh níos mó Ciarraígh ná mar a bhí riamh cheana i láthair ag cluiche peile na mban toisc go bhfuil gradam na muintire gointe agus leonta.

Níl aon fhianaise againn óna gcluiche ceathrú ceannais (in aghaidh na Mí) agus a gcluiche leathcheannais i gcoinne Mhaigh Eo go bhfuil ag éirí le Ciarraí dul i ngleic leis na deacrachtaí atá á leanúint agus á gcéasadh le dhá bhliain. Táid fós ag tosnú cluichí go tréan agus agus ag críochnú na gcluichí céanna ag iarraidh a ngreim a choimeád. An t-aon sólás atá do Chiarraí feadh na bliana ná go bhfuil an chuma ar an scéal anois nach gcuireann puinn isteach orthu agus go bhfuilid dulta i dtaithí ar a bheith compordach leis an suaitheadh ar fad a ghabhann chuchu. Ní hionann agus Áth Cliath atá ag dul i bhfeabhas ó cheathrú go ceathrú agus ó bhabhta go babhta i gcaitheamh na craoibhe. Cé acu is fearr, scóip chun feabhais nó gaoth sna seolta ag déanamh ar an lá mór?

Focal scoir agus scagadh scoir ar na figiúirí, mar sin, féachaint an bhféadfaimis dealú éigin a dhéanamh idir na foirne:

Is é seo an 50ú cluiche ceannais i gcraobh peile na mban. Má bhuann Ciarraí, beidh siad dealaithe glan amach ós na contaetha eile le dhá chraobh déag ach tá 30 bliain ó bhuadar ceann. Tar éis 30 bliain ag treabhadh an iomaire ar chúl stáitsí, tá Ciarraí tar éis bheith ag imirt cúig bhabhta i bPáirc a’ Chrócaigh le dhá bhiaiste anuas. Ainneoin a ngaisce i gcluiche ceannais na sraithe san earrach, níor aimsigh Ciarraí ach 1-7 sa chluiche ceannais craoibhe in aghaidh na Mí anuraidh.

Le fiche bliain anuas, níor éirigh ach le hÁth Cliath in 2014 (2-12) agus le Corcaigh in 2018 (1-12) níos mó ná dhá phointe dhéag a aimsiú agus iad ag cailliúint sa chluiche ceannais. Tá Ciarraí ag aimsiú 2-12 ar an meán ina gcluichí craoibhe go nuige seo ach tá 1-11 á ghéilleadh leis acu. I gcás Átha Cliath 2-13 an meán scórála atá acu ach níl ach 1-6 géillte ar an meán in a sé cinn de chluichí.

D’aimsigh laoch Chorca Dhuibhne, Louise Ní Mhuircheartaigh, 1-6 ina gcoinne í féin sa chluiche úd i bPáirc Parnell agus tá 4-24 ar fad aimsithe sa chraobh go dtí seo aici. Má éiríonn le hÁth Cliath agus le Leah Caffrey í a cheansú, mar a dhein córas cosanta na Mí anuraidh, beidh an lá leo. Tá rud éigin ana-dhifriúil fé mheon an Mhuircheartaigh i mbliana, áfach, agus b’fhéidir go mbeadh sé i ndán di tar éis 15 bliain i ngeansaí sinsir Chiarraí a céad bhonn uile-Éireann a bhuachtaint.

Sin í an uimhir is tábhachtaí ar fad.

 

 

Fág freagra ar 'Meon difriúil ag Louise Ní Mhuircheartaigh agus Ciarraí'