Meastar go bhfaigheann teanga amháin bás sa gcoicís…

Tá imeachtaí ar siúl agus ceiliúradh á dhéanamh ar theangacha ar fud an domhain mhóir inniu, Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha 2019

Meastar go bhfaigheann teanga amháin bás sa gcoicís…

Inniu an lá atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe chun an t-ilteangachas a chur chun cinn agus ceiliúradh a dhéanamh ar gach uile theanga.

Mí Feabhra sa bhliain 2000 a chuir UNESCO tús le lá idirnáisiúnta na Máthairtheangacha chun an éagsúlacht teanga agus chultúir a chur chun cinn agus comhar, caoinfhulaingt agus caidreamh a chothú idir pobail. 

Is minic muid ag clamhsán nach mbíonn teacht ag daltaí anseo in Éirinn ar oideachas trí Ghaeilge ach measann UNESCO nach bhfuil teacht ag 40% de phobal an domhain ar oideachas i dteanga a dteallaigh.

Tá 43% den thart ar 6,000 teanga a labhraítear sa domhan i mbaol, dar le UNESCO agus níl ach cúpla céad teanga a bhfuil stádas poiblí acu agus áit acu i gcórais oideachais. Thart ar 100 teanga a bhíonn in úsáid sa domhan digiteach agus meastar go bhfaigheann teanga amháin bás sa gcoicís.

Ní dóigh le UNESCO gur rud fánach bás teanga mar aithníonn siad nach taobh le focail a bhíonn teanga. Cumarsáid, féiniúlacht, meon, imeascadh sóisialta, oideachas agus forbairt – sin cuid de na gnéithe a bhíonn fite fuaite le teanga phobail, dar le UNESCO.

Is minic ráite nach mar a chéile muid ach féach go bhfuil an t-ilchineálachas sin i mbaol nó á phlúchadh ar fad ag an domhandú. Acmhainní luachmhara iad na bealaí éagsúla cainte agus smaointeoireachta, na traidisiúin agus seanchuimhne na muintire a bhíonn ar fáil dúinn in aon teanga agus cailltear iad sin uilig nuair a chailltear teanga. Is lú agus is boichte an ilchineálacht chultúrtha dá bharr.

Beidh imeachtaí agus ceiliúradh á dhéanamh ar theangacha ar fud an domhain mhóir inniu, Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha 2019, agus arís amárach agus Dé Sathairn.

I gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath beidh na filí Ciara Ní Eanacháin, Sara Margrethe Oskai, agus Matyas Le Brun ag cur oíche filíochta thrítheangach i láthair i nGaeilge, Briotáinis agus Sáimis agus pléifear filíocht mhionteangacha agus feachtais teanga ina dhiaidh.

I nGaillimh a bheidh Féile na Máthairtheangacha ar siúl i mbliana agus í mar chuid de Galway2020 agus beidh sí ar siúl amárach agus Dé Sathairn, 22 agus 23 Feabhra. Beidh formhór na n-imeachtaí agus na gceardlann ar siúl sa Taibhdhearc agus in Áras na nGael. Beidh Cúla 4 agus Molscéal ó TG4 i láthair agus tá gach eolas faoin gclár ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Meastar go bhfaigheann teanga amháin bás sa gcoicís…'

  • Claire C

    Nílim cinnte go bhfuil an ilchineálacht culturtha an fadhb anseo.