Meascán Mearaí 14 – Cur in Ord

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 14 – Cur in Ord
  • Thíos tá alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.
  • Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.
  1. Tráchtaireacht Ghaeilge á cur ar fáil ag RTÉ do chomórtas an tSár-Ochtair

    1. Deir RTÉ gur thug leagan amach nua na craoibhe peile deis dóibh tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí. Beidh an tseirbhís ar fáil do na cluichí leathcheannais agus ceannais uilig sa dá chraobh.
    2. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do 13 cluiche i gcraobhacha peile agus iomána na hÉireann i mbliana, trí chluiche sa bhreis ar sholáthar na bliana seo caite.
    3. Beidh an rogha ar fáil Dé Sathairn don chluiche ceathrú ceannais iomána idir contae an Chláir agus Loch Garman agus don chluiche peile idir Áth Cliath agus Dún na nGall.
    4. Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil do na ceithre chluiche a chraolfar ar RTÉ an deireadh seachtaine seo.
    5. Tá an tseirbhís Ghaeilge le fáil ar chóras Virgin den chéad uair i mbliana chomh maith.
    6. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil don dá chluiche ar an Domhnach chomh maith, an cluiche ceathrú ceannais iomána eile, idir Cill Chainnigh agus Luimneach, agus an cluiche mór peile idir Ciarraí agus Gaillimh.

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 14 – Cur in Ord'

  • Saoirse b

    2 5 1 4 36