Tráchtaireacht Ghaeilge á cur ar fáil ag RTÉ do chomórtas an tSár-Ochtair

Deir RTÉ gur thug leagan amach nua na craoibhe peile deis dóibh tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí agus tá an tseirbhís Ghaeilge le fáil anois ar chóras Virgin den chéad uair

Tráchtaireacht Ghaeilge á cur ar fáil ag RTÉ do chomórtas an tSár-Ochtair

Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do 13 cluiche i gcraobhacha peile agus iomána na hÉireann i mbliana, trí chluiche sa bhreis ar sholáthar na bliana seo caite.

Tá an tseirbhís Ghaeilge le fáil ar chóras Virgin den chéad uair i mbliana chomh maith.

Deir RTÉ gur thug leagan amach nua na craoibhe peile deis dóibh tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí. Beidh an tseirbhís ar fáil do na cluichí leathcheannais agus ceannais uilig sa dá chraobh.

Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil do na cheithre chluiche a chraolfar ar RTÉ an deireadh seachtaine seo.

Beidh an rogha ar fáil Dé Sathairn don chluiche ceathrú ceannais iomána idir contae an Chláir agus Loch Garman agus don chluiche peile idir Áth Cliath agus Dún na nGall. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil don dá chluiche ar an Domhnach chomh maith, an cluiche ceathrú ceannais iomána eile, idir Cill Chainnigh agus Luimneach, agus an cluiche mór peile idir Ciarraí agus Gaillimh.

Cuireadh tús leis an tseirbhís Ghaeilge in 2015 nuair a cuireadh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil do chluichí ceannais na hÉireann agus tá curtha léi gach bliain ó shin.

Tá na sonraí maidir le conas teacht ar an tráchtaireacht Ghaeilge do mhórchluichí iomána agus peile an tsamhraidh curtha ar fáil chomh maith ag RTÉ:

SAORVIEW


Roghnaigh Language-Irish-OK

SKY


Brúigh Help – Switch Audio Description OFF

Ar an gcianrialtán, brúigh Services – System Setup [nó Options] – Language&Subtitles [nó Accessibility] – Favourite Language (roghnaigh Gaeilge) – Save New Settings.

Téigh ar ais ag Help agus cas Switch Audio Description go dtí ON.

EIR


Select Menu – Settings – OK

Select Display Format – Default Audio Track – Irish

VIRGIN


Roghnaigh OK  →  Subtitles & A/V  →  Audio  →  GLE-Stereo

Fág freagra ar 'Tráchtaireacht Ghaeilge á cur ar fáil ag RTÉ do chomórtas an tSár-Ochtair'