Más gráin ar Shinn Féin an spreagadh, b’fhéidir go rachadh sé ina n-aghaidh

Bhí an dá thaobh fíochmhar ina gcuid ionsaithe ar a chéile sa Dáil an tseachtain seo agus ní raibh aon cheilt acu ar an naimhdeas a bheidh lárnach san olltoghchán seo romhainn

Más gráin ar Shinn Féin an spreagadh, b’fhéidir go rachadh sé ina n-aghaidh

Nuair a d’fhógair an Bhreatain i mí Meán Fómhair 1939 go raibh siad ag dul chun cogaidh ina aghaidh na Gearmáine thóg sé roinnt míonna sular thosaigh an trodaíocht i ndáiríre. Tugadh an cogadh bréige ar an tréimhse sula ndeachaigh na comhghuaillithe agus an Ghearmáin i mbun doirteadh fola. Is minic a úsáidtear an focal céanna sin, bréige, sa gcomhthéacs polaitiúil nuair a thuigeann an uile dhuine go bhfuil toghchán ar an mbealach ach nach bhfuil dáta fógartha. 

Ní raibh tada bréige faoin gcoimhlint sa Dáil an tseachtain seo nuair a pléadh rún muiníne an rialtais/rún mímhuiníne Shinn Féin san Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee. Bhí an dá dhream fíochmhar ina gcuid ionsaithe ar a chéile agus ní raibh aon cheilt acu ar an naimhdeas a bheidh lárnach san olltoghchán seo romhainn. 

Botún a bhí ann ag Sinn Féin an rún a mholadh, a dúirt go leor tráchtairí mar gur thug sé deis do pháirtithe an rialtais – agus Fine Gael go háirithe – iad a ionsaí faoi cheisteanna a bhain le riar na córa. Labhraíodh faoin easpa muiníne i gcumas an pháirtí tabhairt faoin Roinn Dlí agus Cirt, rinneadh tagairt arís agus arís eile d’eachtraí ar nós dúnmharú Gardaí agus feachtas míleata an IRA. Shamhlófá ar feadh píosa go raibh a gcuid cloigne fúthu ag an bpáirtí. Chaill siad an vóta mar a tuaradh a dhéanfadh. An bhfuil dochar fadtéarmach déanta do thacaíocht an pháirtí? Sin an cheist a bheidh le freagairt sna míonna seo romhainn. 

Is cinnte gur thug an díospóireacht deis d’Fhine Gael agus Fianna Fáil iad féin a chur i láthair mar rialtas aontaithe. Tá roinnt mhaith ama caite acu ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh eatarthu roimh thoghcháin na bliana seo chugainn. Tá misneach faighte acu ó na pobalbhreitheanna le roinnt seachtainí a léiríonn tacaíocht Shinn Féin a bheith ag laghdú de réir a chéile. Caithfidh siad cinneadh a dhéanamh anois. An bhfuil siad ag iarraidh iad féin a chur i láthair an phobail mar mhalairt rialtais? Ní oibríonn pleananna mar sin go minic mar a thuigeann Fine Gael ó chomhaontú an Mhuilinn Chearr fadó. Is deacair a shamhlú go mbeadh fonn ar Fhianna Fáil iad féin a cheangal le páirtí eile agus scaoileadh leis an aisling go mbeidh siad i rialtas leo féin arís. 

Más gráin ar Shinn Féin an spreagadh atá acu b’fhéidir go rachadh sé ina n-aghaidh ach a mbeidh na vótaí comhairthe. Tá an dá dhream ar a míle dícheall ag cinntiú nach mbeidh Sinn Féin sa gcéad rialtas eile. Céard a tharlóidh má deir an pobal rud éigin eile ag na bothanna?  

Fág freagra ar 'Más gráin ar Shinn Féin an spreagadh, b’fhéidir go rachadh sé ina n-aghaidh'

  • Seán Mag Leannáin

    Beidh le feiceáil. Tá na toghcháin i bhfad uainn fós.