Más bráithre iad na Gaeil, is é an tÉireannach a fuair an toirtín mór, ach fós…

FRIOTAL: Tá ceachtanna aistriúcháin le foghlaim againn ó Ghaeil na hAlban, de réir ár gcolúnaí

The Gaels Have a Word For It

Bíonn iarracht den uasal le híseal sa chaidreamh idir Gaeil na hÉireann agus na hAlban. Bíonn na hÉireannaigh maíteach as a bpríomhtheanga náisiúnta, gona stádas teanga oibre san Eoraip. Más bráithre iad na Gaeil, is é an tÉireannach a fuair an toirtín mór agus an bheannacht. Ach fós…

An té a léifeadh an páipéar Official Gaelic: Problems in the Translation of Public Documents, le Wilson McLeod, aithneoidh sé gurb ionann cás dúinn abhus agus taobh thall de Shruth na Maoile – go bhfuilimid ag iarraidh an dátheangachas a thógáil ar dhúshraith an aistriúcháin. Agus aiste McLeod á léamh agam, ba dhoiligh dom gan cuimhneamh ar na mílte aistriúchán a fáisceadh trí inneall Acht na dTeangacha Oifigiúla sa tír seo:

…it is important to ensure that Gaelic is not used in this area as mere tokenism, for, as Joshua Fishman warns, such empty public symbolism can readily become ‘the ultimate retreat into meaninglessness vis-à-vis the daily life of human beings.

Wow, mar a dúirt bean uasal, tráth. Is ráiteas é sin a théann go croí chás na Gaeilge in Éirinn.

Ní duairceas ar fad é: molann McLeod chomh beag beann is a bhíonn aistritheoirí na hAlban ar bhéarlagair nach n-iompraíonn brí ar bith:

‘As a result of an increasingly integrated approach’ becomes iad anist ag obrachadh còmhla barrachd. (Anois agus iad ag obair le chéile níos mó ná riamh…)

Ceist agam oraibh: an mó aistritheoir in Éirinn a mbeadh sé de mhuinín aige a leithéid sin a scríobh seachas leagan aistriúcháinise den chineál seo: ‘De thoradh ar chur chuige atá níos mó is mó comhtháite’? Tá eagla orm go bhfuil freagra na ceiste sin ar eolas agaibh cheana.

Tharla go bhfuil réim fhoirmiúil Ghaeilge forbartha ag Rannóg an Aistriúcháin agus ag institiúidí eile a chuireann ar a gcumas dóibh achtanna agus conarthaí agus ionstraimí reachtúla a aistriú. Is é an rud nár éirigh linn a chruthú ná stíl chumarsáideach aistriúcháin a thabharfadh a gceart don chruinneas agus don éascaíocht i dtéacsanna a chuirtear i lámha gnáthdhaoine. Is é an ball laige ná doiciméid phoiblí nach bhfuil tromchúis an dlí ag baint leo: bileoga eolais, suíomhanna gréasáin, tuarascálacha bliantúla. An Chrua-Ghaeilge chasta chéanna a bhíonn i gconarthaí Eorpacha agus i mbileog eolais faoi vacsaín fliú.

Is deacair é sin a chur ina cheart nuair atá tús áite á thabhairt don aistriúchán oifigiúil. A chomhartha sin gur fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an tÚdarás um Ardoideachas le déanaí nach maoineofar aon chúrsa faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge ach na cúrsaí sin atá dírithe ar aistritheoirí oifigiúla a sholáthar don Eoraip.

Beart díchéillí dúinn neamart a dhéanamh in oiliúintí aistritheoirí a bheidh ag plé le scripteanna teilifíse, le téacsleabhair, le saothair litríochta, le hábhair atá dírithe ar shaoránaigh na hÉireann.

Corruair, bím in éad le Gaeil an toirtín bhig.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

 

Fág freagra ar 'Más bráithre iad na Gaeil, is é an tÉireannach a fuair an toirtín mór, ach fós…'

  • Feardorcha

    Alt breá

  • Colmán

    Alt breá go cinnte – níos mó den chineál seo lbd