Margadh na Bruiséile: nótaí iriseora

Níl comhthuiscint Bhreatimeachta bainte amach fós maidir le cúrsaí na hÉireann, cúrsaí airgeadais ná an chuid is mó de na ceisteanna a bhaineann le cearta saoránach

Margadh na Bruiséile: nótaí iriseora

Tá an margadh a d’fhógair Theresa May agus Jean Claude Juncker sa Bhruiséil go moch ar maidin Dé hAoine cúig leathanach déag ar fad. Níor réitigh an margadh ceist ar bith, cé go bhfuil mianach réitigh ann.

Tá mianach síor-argóna sa cháipéis, ainneoin an chaint ar fad a bhí riachtanach roimh ré. Dáiríre, níl sa cháipéis a cuireadh os comhair an tsaoil Dé hAoine ach comhchosaint ar bhunriachtanais Theresa May, Leo Varadkar agus an Aontais Eorpaigh.

Ní beag san, ach níl comhthuiscint Bhreatimeachta bainte amach fós maidir le cúrsaí na hÉireann, cúrsaí airgeadais ná an chuid is mó de na ceisteanna a bhaineann le cearta saoránach.

Tá dul chun cinn déanta, ach deimhníonn débhrí agus doiléire na cáipéise (ar féidir í a léamh anseo  nach mbeifear ábalta fiú mórcheist amháin a chur i leataobh sna cainteanna achrannacha atá romhainn.

Tá rud amháin cinnte: éiginnteacht ar feadh i bhfad. Cá bhfios cé mhéad cor agus casadh a bheidh sa scéal seo sara gcuirfear (má chuirtear) deireadh foirmiúil le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san AE ar an 29 Márta 2019?

Níl ciall ar bith mar sin le breithiúnas róchinnte a thabhairt ar an “dul chun cinn” a fógraíodh sa Bhruiséil Dé hAoine. Is éard atá sa liosta seo a leanas mar sin nótaí nó réamhthuairimí an iriseora seo faoin margadh agus a thábhacht.

1. Níor ghéill rialtas na hÉireann agus margadh na Bruiséile á dhéanamh, ach níl cath ar bith buaite acu fós. Beidh ceist na teorann agus Chomhaontú Aoine an Chéasta ina cnámh spairne arís amach anseo.

2. Is léir anois nach bhfuil seans dá laghad ann go dtiocfar ar chomhréiteach iomlán faoi Bhreatimeacht roimh 2019. Thóg sé breis agus bliain ar rialtas na Breataine réamh-mhargadh teoranta dhéanamh leis an AE. Beidh ar an dá thaobh síneadh ar thréimhse ballraíochta na Breataine a phlé go luath.

3. Tháinig Theresa May slán ón gcéad bhabhta de na cainteanna ar Bhreatimeacht, ach ní choinneoidh margadh na Bruiséile i gcumhacht í go cinnte ach ar feadh cúpla mí. Tá leathghaisce déanta aici, ach beidh sí i gcontúirt arís ar ball. An bhunchúis: ní bheidh sí ábalta na Breatimeachtóirí ina páirtí féin a shásamh.

4. Tá na polaiteoirí sa pháirtí Caomhach agus i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain atá i bhfabhar an Bhreatimeachta ag séanadh na fírinne le tamall, ach nochtfar í sula i bhfad. Ní thairgfear margadh bog (nó “soft deal” mar a thugtar air thall) dóibh, toisc nach féidir leis an AE a leithéid a thairiscint de réir dlí.

5. Is dlúthchuid de dhlí iomlán nó acquis an AE é an barántas go gceadaítear saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, caipitil agus earraí. Ní féidir na cearta sin a chur i leataobh ná a mhaolú ar mhaithe le margadh a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe.

6. Bhí tacaíocht an fhreasúra don rialtas follasach sa Dáil i rith na seachtaine. Teastaíonn comhthuiscint dá leithéid nuair a bhíonn leas na tíre sa mheá.

7. Ainneoin gach deacracht a tháinig sa mhullach ar an rialtas le tamall, agus ainneoin Taoiseach óg (38) nár toghadh ach sé mhí ó shin a bheith i gceannas, bhí toradh na gcainteanna réasúnta sásúil ó thaobh na hÉireann de. Tá moladh tuillte ag na polaiteoirí agus ag na státseirbhísigh a bhí páirteach san idirbheartaíocht leis an AE agus le rialtas na Breataine.

8. Is fearr veto Eorpach a bheith ag tír ná é a úsáid. Bhí an rialtas ábalta an fód a sheasamh agus leas na tíre, thuaidh agus theas, a chosaint gan veto a bhagairt. Is fearr a oireann cur chuige dá leithéid dár gcás san fhadtéarma. Beidh tacaíocht ó thíortha eile de dhíth nuair nach mbeidh veto ag an rialtas.

9. Bhí an rialtas ábalta achrann Angla-Éireannach a sheachaint agus leas na hÉireann á chosaint acu. Is léir fós an baol achrainn, ach is fearr eascairdeas a sheachaint más féidir.

10. Ceist ar deireadh: an bhfuil seans níos fearr ann anois go dtiocfar ar chomhréiteach ó thuaidh idir Sinn Féin agus an DUP, toisc go bhfuil mór-ábhar achrainn réitithe, nó leathréitithe? Caolseans, is dócha.

Fág freagra ar 'Margadh na Bruiséile: nótaí iriseora'

  • Traolach

    Déanann na margaí airgeadais scáthánú ar an éiginnteacht sin inniu agus cúlú obann déanta i dtéarnamh £.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Preasráiteas GA ón AE ina thaobh seo
    http://europa.eu/rapid/press-release_IP-17-5173_ga.htm