‘Marbhántacht an státchórais’ ag cur bac ar an nGaeilge a bheith áirithe ina cuid d’fholláine na tíre

Beidh trí bliana eile ann sula mbeidh aon seans ann an Ghaeilge agus cúrsaí cultúir a chur san áireamh i gcreat náisiúnta a bhfuil mar aidhm aige folláine mhuintir na tíre seo a mheas

‘Marbhántacht an státchórais’ ag cur bac ar an nGaeilge a bheith áirithe ina cuid d’fholláine na tíre

‘Doicheall’ an státchórais is cúis leis an Ghaeilge agus cúrsaí cultúir a bheith fágtha ar lár ó chreat náisiúnta a bhfuil mar aidhm aige folláine mhuintir na hÉireann a mheas.

Tá ‘teanga agus cultúr’ san áireamh i gcreat folláine na Breatnaise, na Nua-Shéalainne agus thíortha eile agus tá an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh ag iarraidh go ndéanfaí amhlaidh i gcás chreat folláine na hÉireann.

Údar díomá d’Ó Cathasaigh go mbeidh trí bliana eile ann sula mbeidh aon seans ann an Ghaeilge agus cúrsaí cultúir a chur san áireamh sa chreat.

Anuraidh a seoladh an Creat Folláine Náisiúnta, creat a gealladh sa chlár rialtais agus a bhfuil sé mar aidhm aige folláine an náisiúin a mheas bunaithe ar chritéir éagsúla, seachas ar chúrsaí eacnamaíochta amháin.

Ní mó ná sásta atá Ó Cathasaigh, a raibh ról lárnach aige i bhforbairt an Chreata Folláine Náisiúnta, faoin “doicheall” atá ar airí agus ranna rialtais cúrsaí teanga agus cultúir a chur san áireamh sa chreat.

Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt Ó Cathasaigh gur bhraith sé go raibh “easpa tiomantais” agus “marbhántacht institiúideach” an státchórais ag cur bac ar chritéir an chreata a leathnú.

“D’ardaigh mé an cheist seo go minic sa Dáil agus phléigh mé an cheist le hairí éagsúla. Tá comhairle á cur orthu ag státseirbhísigh go bhfuil sé deacair an critéar teanga agus cultúir a chur leis an chreat mar gheall nach bhfuil na staitisticí ann. Dáiríre sílim gur doicheall institiúideach is cúis leis sin.

“Tá leibhéal áirithe marbhántacht institiúideach sa státchóras faoin gceist seo ach ní dóigh liomsa gur chóir creat náisiúnta a bhunú ar na sonraí a bhfuil teacht agat orthu go héasca amháin. Is amhlaidh a cheapann tú creat náisiúnta folláine agus éilíonn tú na sonraí atá de dhíth ort chuige sin ach tá drogall ar dhaoine sa chóras sin a dhéanamh.

“I dtíortha eile, an Ghearmáin mar shampla, nuair nach mbíonn sonraí ar leith ar fáil, cuireann siad sonraí ábhartha eile isteach go sealadach ina n-ionad. D’fhéadfaí an cur chuige sin a úsáid sa tír seo i gcás na Gaeilge agus cúrsaí cultúir.”

Amhail tíortha eile, tá Creat Folláine na hÉireann bunaithe cuid mhór ar Better Life Index an OECD, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

Faoi láthair sa tír seo, tá 11 critéar luaite sa Chreat Folláine Náisiúnta, ach níl aon tagairt do chúrsaí teanga ná don fháil atá ag daoine ar imeachtaí cultúir nó ar shaibhreas cultúir.

“Tá táscairí cultúir sa chreat againn ach níl á thomhas leo ach ar fhulaing tú claontacht nó ciníochas i rith tréimhse áirithe ama. Ní tomhas maith ar chultúr é sin, ní thomhaiseann sé ar éirigh leat freastal ar sheisiún maith ceol traidisiúnta sa teach tábhairne áitiúil nó an raibh tú ag an amharclann i mbliana,” a dúirt Ó Cathasaigh.

Tugadh le fios i bhfreagra ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, ar cheist Dála a chuir Ó Cathasaigh uirthi nach mbeadh aon leasú á dhéanamh ar chritéir an chreata go dtí go ndéanfaí athbhreithniú oifigiúil air.

Tá an t-athbhreithniú sin beartaithe i gceann trí bliana, a dúradh.

Dúirt an tAire Martin áfach go raibh obair ar bun ag a roinn féin chun “creat folláine ar leith” a fhorbairt bunaithe ar na hearnálacha atá faoina cúram – cultúr, ealaín, Gaeltacht, spórt agus na meáin – agus go mbeadh cúrsaí teanga agus cultúir lárnach san obair sin.

Dúradh i bhfreagra an Aire go rachadh an obair sin chun leasa an athbhreithnithe a bheas á dhéanamh ar an chreat náisiúnta.

Dúirt Ó Cathasaigh gur deacair a shamhlú go mbeadh aon tionchar ag tuarascáil taighde na roinne ar chúrsaí buiséid.

“Caithfimid obair mhór a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh ról lárnach ag an gCreat sa phróiseas Buiséid.

“Is maith an rud go bhfuil réamhobair ar siúl don athbhreithniú ar an gcreat náisiúnta. Ach is deacair a shamhlú go mbeadh aon tionchar ag an tuarascáil sin ar phróiseas an bhuiséid,” a dúirt Ó Cathasaigh.

Dúirt sé go raibh samplaí idirnáisiúnta ann a dhíríonn aird ar fholláine cultúir agus teanga ar chóir dúinn a leanúint.

“Tá samplaí maithe idirnáisiúnta againn faoin gceist seo agus ba chóir dúinn sampla a dhéanamh díobh. Tá cur chuige iontach ag muintir na Breataine Bige i leith na teanga. Áiríonn siadsan an teanga agus an cultúr i ngach aon táscaire eile atá acu ina gcreat folláine.

“Má fhéachann tú ar an Nua-Shéalainn, tá creat náisiúnta acu a oibríonn go maith. Tá 12 táscaire acusan, 11 atá againne. Cinntíonn siadsan go ndéantar an rud ar fad taobh istigh de chomhthéacs an bhuiséid. Ní tuarascáil atá acusan atá amuigh aisti féin, scoite ó gach gné eile.

Is luamhán nó inse í laistigh de phróiseas.”

Fág freagra ar '‘Marbhántacht an státchórais’ ag cur bac ar an nGaeilge a bheith áirithe ina cuid d’fholláine na tíre'

  • Seán Mag Leannáin

    Ar luachanna an mhargaidh amháin atá meas ar bith ag na ceannairí polaitíochta ach oiread leis na hardstátseirbhísigh.