Ba chóir an Ghaeilge a bheith mar chuid d’aon Better Life Index

Tá geallta ag an Rialtas Creat Folláine náisiúnta a fhorbairt. Ba chóir go mbeadh folláine na Gaeilge i measc na gcritéar a úsáidtear chun folláine an náisiúin a mheas

Ba chóir an Ghaeilge a bheith mar chuid d’aon Better Life Index

Ar cheann de na gealltanais tharraingteacha i gClár an Rialtais bhí gealltanas go leagfaí síos critéir nua le ‘folláine’ an náisiúin a mheas –saghas Better Life Index.

Gealladh go ndéanfaí ‘tacar táscairí a fhorbairt chun comhthéacs níos leithne a chruthú le haghaidh ceapadh beartais, lena n-áirítear sraith innéacsanna folláine chun léargas iomlán [a thabhairt] ar ár sochaí.’

Tá sé le tuiscint sa ghealltanas sin nach féidir gach rud atá luachmhar a thomhas trí chritéir eacnamaíocha ar nós GDP [olltáirgeacht intíre], mar bíonn a leithéid sin dall, ar lámh amháin, ar an saibhreas a chruthaímid inár bpobal agus, ar an lámh eile, ar an dochar atá á dhéanamh ag ár gcóras eacnamaíoch dár dtimpeallacht nádúrtha.

Mar a dúirt Robert F. Kennedy os cionn 50 bliain ó shin, ‘ní áirítear san olltáirgeacht náisiúnta sláinte ár bpáistí, cáilíocht a gcuid oideachais ná áthas a gcuid súgartha. Ní áirítear ann áilleacht ár bhfilíochta nó láidreacht ár bpóstaí, intleacht ár ndíospóireachta poiblí nó ionracas ár n-oifigeach poiblí. Ní thomhaiseann sé ár n-éirim ná ár misneach, ár n-eagna ná ár bhfoghlaim, ár gcomhbhá ná ár ndílseacht dár dtír, tomhaiseann sé gach ní i mbeagán focal, ach amháin an rud a dhéanann fiúntach an bheatha.’

Tá roinnt dea-oibre déanta laistigh den rialtas go dtí seo chun an Creat Folláine sin a fhorbairt. Tá an obair bunaithe cuid mhór ar Better Life Index an OECD, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Déanann an Better Life Index folláine a thomhas in 11 réimse, ó bhearta eacnamaíocha traidisiúnta amhail ioncam agus saibhreas go bearta níos suibiachtúla amhail rannpháirtíocht shibhialta agus naisc shóisialta. 

Is dea-theimpléad le leanúint é, i mo thuairim, é srianta go leor chun scór a thabhairt a bhfuil ciall leis agus leathan go leor chun radharc níos iomláine a thabhairt ar ár sochaí.

Ach is é an rud nach ndéanann creatlach an OECD go maith ná na gnéithe dár sochaí a bhaineann le cultúr agus teanga a thomhas. Agus i mo thuairim féin, ní bheidh pictiúr iomlán ar fáil i gCreat Folláine nach gcuireann san áireamh neart ár gcluichí, ár gceol, ár ndrámaí, ár bhfilíocht agus, go háirithe, ár dteanga.

Aithníodh agus tugadh aghaidh ar an laige sin sa Nua-Shéalainn, tír atá roinnt blianta chun cinn orainne ó thaobh bearta folláine a ríomh. Chuir siad an dara táscaire déag le teimpléad sin an OECD, ceann a thomhaiseann líon na gcainteoirí Te Reo Māori agus cumas agus compord mhuintir na Nua-Shéalainne lena bhféiniúlacht a chur in iúl. 

Tá Creatlach na Breatnaise níos láidre fós ina chur chuige agus bláthú na Breatnaise agus an chultúir lárnach dá gcreat.  Leagtar amach sa Bhreatain Bheag fís do ‘Sochaí a chothaíonn agus a chosnaíonn an cultúr, an oidhreacht agus an Bhreatnais, agus a spreagann daoine le páirt a ghlacadh sna healaíona, sa spórt agus i gcaitheamh aimsire.’

Creidim go n-oirfeadh an cur chuige sin go han-mhaith do chomhthéacs na hÉireann. Is cuid bhunúsach dár bhféiniúlacht náisiúnta ár dteanga agus ár gcultúr, féiniúlacht a chreidimse atá muiníneach agus cuimsitheach go leor chun snáitheanna nua-aimseartha agus traidisiúnta a chuimsiú inár scéal náisiúnta. 

Dá n-éireodh linn táscaire sonrach a neadú inár dTáscaire Folláine chun folláine teanga agus cultúr a thomhas, creidim go mbeadh uirlis chumhachtach againn a bheadh ar leas na teanga agus na sochaí. Chabhródh a leithéid lena chinntiú go léireodh polasaithe an rialtais seo agus rialtais eile tuiscint ar an tábhacht mhór a bhaineann le cúrsaí teanga agus cúrsaí féiniúlachta d’fholláine na tíre.

Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais é Marc Ó Cathasaigh

Fág freagra ar 'Ba chóir an Ghaeilge a bheith mar chuid d’aon Better Life Index'

  • Eoghan Ó Néill

    Má bhreathnaíonn orainn féin mar Anglos agus an tír seo mar chuid den Anglosféar agus an béarla buacach ar fud na cruinne tig linn cibé rian den ghaelig atá fós thart a ghlanadh uainn agus bheith aon-teangach béarlach feasta. Ach …….!

  • Seán Ó Buachalla

    Moladh fiúntach, a Mhairc. Maith thú!

  • Pól

    Imeoidh an Ghaeilge agus mise in éineacht léi. Tá an béarla i réim agus tá mé ag tosú a bheith sásta leis an saol sin anois. Is pinsinéir mé. Is mó an chloch ar mo phaidrín na laethannta seo bealach a fháil maireachtáil gan bheith chomh huafásach fuar sa teach agus atá mé.

  • Eoghan Ó Néill

    Insliú agus sorn maith le connadh a bhfuil níos lú ná 20% taise ann a bhainfeadh an fuacht as an teach. Tá gá le 35% de thalamh na tíre a chuir faoi chrainn mheasctha chun gnó troscán, tógála agus neamhspleachas connaidh bheith ar fáil sna blianta romhainn.
    Tharla go raibh mé ag caint le hIodálach inniu adúirt go raibh Éireannaigh níos oscailte do theangacha eile ná mar a bhíonn daoine i Sasana áit inna raibh cónaí air cúpla bliain. Dearfainn gur chuimhne éigin ar theanga ár sinsear ba chúis lena leithéid.