Manchester Utd v Manchester City: Cé acu a bhfuil an méid airgid is mó curtha amú acu?

Tá os cionn billiún euro caite ag an dá fhoireann le cúig bliana anuas ach ní féidir a rá go bhfuil luach a gcuid airgid faighte acu. Rinne Tuairisc.ie liosta gairid de na himreoirí is mó ar cuireadh airgead amú orthu

Chaith Utd agus City airgead mór ar Carlos Tevez ach tá na milliúin curtha amú acu ar imreoirí eile. Pictiúr: INPHO/Getty Images
Chaith Utd agus City airgead mór ar Carlos Tevez ach tá na milliúin curtha amú acu ar imreoirí eile. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Ón séasúr 2009/2010, cúig bliana ó shin, tá €1,162,000,000 caite ag Manchester United agus Manchester City ar imreoirí. Ach in ainneoin an chaiteachais seo de os cionn billiún euro,is deacair smaoineamh ar imreoirí go bhféadfaí a rá fúthú gur éirigh go hiontach leo.

Don €701M a chaith City le linn na tréimhse sin, d’fhéadfaí a rá go bhfuair siad margadh maith i gcás Yaya Toure, David Silva agus Sergio Aguero. Tá an iomarca ceisteanna fós faoin gcuid eile a ceannaíodh. Is é an cás céanna é le Utd. Leis an méid airgid atá caite acu, ní fhéadfá a rá go bhfuil luach ar airgead faighte cheana acu ach i gcás David de Gea, Robin Van Persie agus Antonio Valencia.

Dhá imreoir a léiríonn teip an dá chlub ó thaobh aistrithe de ná Falcao agus Eliaquim Mangala. Tugadh an bheirt acu isteach ag tús an tséasúir seo agus ní haon áibhéil a rá nach bhfuil luach a gcuid airgid faighte ag United ná City fós.

Utd City flops

Anders Lindgaard – €5M

Lena cheart a thabhairt do Lindegaard, ní an cúl báire is measa ar domhan é. Ar a shon sin, tá níos lú 20 cluiche sraithe imeartha aige le cúig bliana anuas. Anois agus David de Gea agus Victor Valdes tugtha isteach ag United, ní dhealraíonn sé go bhfuil sé chun an oiread sin cluichí eile a fháíl..

Stefan Savic – €12M

Nuair a cheannaigh City Savic ó Partizan Belgrade i 2011, dúradh gurbh é ceann de na cosantóirí óga ab fhearr san Eorap é. Níorbh shin é an chuma a bhí ar an scéal nuair a roghnaíodh go tobann é tar éis gortú a bheith bainte do Vincent Kompany. Ag streachailt go dona a bhí sé amuigh ar an bpáirc an lá úd. D’fhág sé tar éis séasúr amháin agus 11 chluiche.

Eliaquim Mangala – €40M

B’fhéidir go bhfuil sé róluath measúnú a dhéanamh ar Mangala ach ó na taispeántais atá tugtha uaidh aige go dtí seo, dealraíonn sé gur íoc City €40M ar imreoir nach fiú €10M é. Gan é ach 24, áfach, tá dóthain ama ag an bhFrancach le cruthú go bhfuil dul amú orainn ar fad. Neosfaidh an aimsir.

Jolean Lescott – €28M

Chaith Lescott cúig shéasúr ag an Etihad ach níor imir sé i mbeagnach leath de na cluichí sraithe le linn na tréimhse sin agus dála Savic, nuair a d’fhág sé ag deireadh an tséasúir seo caite ní bhfuair an club pingin air.

Wilfried Zaha – €12M

Bhí lucht leanúna Utd ag súil go mór le teacht Zaha i 2013 ach ní raibh muinín ag David Moyes as an imreoir óg agus níor imir Zaha ach dhá uair do Utd sula ndeachaigh sé ar ais chuig Palace i mbliana.

Jack Rodwell – €15M

Nuair a d’fhág Rodwell Everton, bhí amhras ar dhaoine nach n-imreodh sé a dhóthain cluichí ag City chun bláthú mar imreoir. Sin díreach a tharla dó agus níor imir sé ach 16 cluiche sraithe in imeacht dhá bhliain. Is é an rud is iontaí faoin dtréimhse a thug Rodwell i Manchester ná go raibh Sunderland sásta €12M a íoc nuair a tháinig deireadh léi.

Javi Garcia – €20M

Fearacht slám mór imreoirí eile a cheannaigh City le roinnt blianta anuas, is imreoir maith a bhí in Garcia. Faraor, ní raibh sé sách maith chun áit ar an bhfoireann a bhaint amach dó féin. Bhí imithe tar éis dhá bhliain agus é dearmadta ag an gcuid is mó de dhaoine anois.

Shinji Kagawa – €16M

Bhí an Seapánach i measc na n-imreoirí is fearr sa Ghearmáin sular cheannaigh Utd é i 2012. Ar an drochuair do Kagawa, ní bhfuair sé deis cheart faoi Alex Ferguson ná David Moyes agus díoladh ar ais chuig Dortmund é tar éis dhá bhliain ar leath an phraghas a d’íoc siad air.

Roque Santa Cruz – €21M

Ba é an t-aon uair a scóráil Santa Cruz níos mó 15 cúl in aon bhliain amháin ná le Blackburn i 2007/2008. Spreag sé sin City chun €21M a chaitheamh ar an Sileach. Ceithre bliana agus trí chúl níos déanaí, d’fhág sé an Etihad agus pingin ní bhfuair City air.

Falcao – €7.6M* (Táille iasachta)

Chaith Utd beagnach €8M chun Falcao a thabhairt chuig Old Trafford ar iasacht. Agus é ag fail breis agus €20M in aghaidh na bliana, beidh costas de bheagnach €30M ar an mbliain a thug Falcao ag Utd. Agus ceithre chúl aimsithe go dtí seo aige, ní hiontach an margadh é.

Bebé – €8.8M

Bhí Bebé ina chónaí ar na sráideanna cúpla bliain sular cheannaigh Utd é i 2010. Is maith an rud nach raibh a phá ag brath ar chúil mar níor aimsigh sé ach péire do Utd sna ceithre bliana a chaith sé i Sasana.

Fág freagra ar 'Manchester Utd v Manchester City: Cé acu a bhfuil an méid airgid is mó curtha amú acu?'