Chrith an teach ag 3.10pm. Ansin bhí torann uafásach ann. B’in Buama na hÓmaí ag pléascadh, 400 slat uaim ar an 15 Lúnasa 1998.
Rith mé síos, agus bhí mé féin agus Rosetta Donnelly (nach maireann) ar an chéad bheirt iriseoirí ar an láthair. Mairfidh an boladh go deo i mo chuimhne. Meascán d’ábhar pléascach agus coirp dhaonna. Bhí orm imeacht.
De réir mar a chuaigh an t-am thart, fógraíodh ainmneacha na marbh. Is cuimhin liom a bheith ar thrí thórramh san aon lá amháin: san Eaglais Chaitliceach, in Eaglais na hÉireann agus san Eaglais Mhodhach.
Bhí an baile trína chéile ar feadh seachtaine. Chonaic muid an chuid is fearr den saol. Tháinig altraí agus dochtúirí as achan chearn chun cuidithe. Thug tiománaithe tacsaí gaolta chuig ospidéil chomh fada chun siúil le Béal Feirste, saor in aisce. Thug gnóthaí bia saor in aisce do na fairí.
Bhí difear idir Buama na hÓmaí agus tragóidí eile. Ba mhná iad 17 den 29 duine a maraíodh, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc. Bhí Caitlicigh agus Protastúnaigh ina measc. Daoine ó áiteanna éagsúla ina measc, beirt as Bun Cranncha, beirt as an Spáinn, daoine gur trí thimpiste a tharla ar an bhaile iad.
D’fhág an buama tráma. Ba iad an Fíor-IRA ba chiontach. D’íobartaigh náisiúnacha, d’fhág sin gur daoine ó thraidisiún s’acu féin ba chiontach. Ansin, fuair íobartaigh Aontachtacha amach go ndearnadh faillí orthu. Dheimhnigh tuarascáil ó Ombudsman na bPéas go raibh an fiosrúchán lochtach ó bhun go barr. Deimhníodh gur cuireadh glaoch fóin ar na péas ar an Ómaigh ar an 4 Lúnasa. Dúradh sa ghlaoch sin go raibh an IRA Leanúnach le hionsaí a dhéanamh ar an bhaile ar an 15 Lúnasa. Ar an 12 Lúnasa, thug an brathadóir Peter Keely le fios dá chuid láimhseálaithe go raibh an Fíor-IRA ag déanamh buama fá thuaisceart chontae Lú. Bhí an buama le cur ó thuaidh.
Ansin, dhá bhliain ó shin, rialaigh Ard-Cúirt an Tuaiscirt go raibh go leor eolais ag na fórsaí slándála chun stop a chur leis an bhuama.
Is dá bharr sin atá Fiosrúchán Poiblí le bheith ann. Tá seans ann go dtabharfar freagra ar cheisteanna. Níor míníodh go fóill cad chuige nach raibh péas ar bith ar dualgas i lár an bhaile nuair a phléasc an buama. Bhí dhá phatról amuigh: ceann faoin dtuath, ceann eile ar an taobh ó thuaidh den bhaile.
Ba ghnách le haonad, ina raibh 25 péas, a bheith ar patról faoi éide i gcarranna sibhialta fán cheantar. Ar an 15 Lúnasa bhí 15 acu as láthair. Bhí an deichniúr eile le cur chuig paráid ar an Chill Chaoil ar an Dún. Tá sin beagnach ar an bhall sa Tuaisceart is faide ón Ómaigh. Níor míníodh cad chuige nach raibh péas ar fáil níos cóngaraí don áit.
D’uireasa péas i lár an bhaile, bhí rudaí trína chéile nuair a cuireadh trí rabhadh ar an fhón, chuig na Samaritans agus chuig UTV. Bhí an tríú ceann beacht go maith.
Cibé faoi sin, beidh an fiosrúchán crua ar íobartaigh. Ní labhraímse ar a son. Déanann an Omagh Support and Self-Help Group, agus Families Moving On, freastal ar chuid de na gaolta. Níl a dtromlach bainteach le grúpa ar bith.
Tá sin amhlaidh mar nach bhfuil gaolta ar aon intinn. Tá súil ag cuid acu faoiseamh a fháil trí theacht ar fhírinne éigin. Tá siad ann gurbh fhearr leo uafás an bhuama a fhágáil ina ndiaidh chomh maith agus ab fhéidir. Tá roinnt Aontachtaithe ann a bhfuil imní orthu gur iarracht é seo leis an locht a chur ar na fórsaí slándála in ionad ar an Fhíor-IRA.
Cinnte, beidh tráma ag baint leis an fhiosrúchán do go leor sa phobal.
Fág freagra ar '‘Mairfidh an boladh go deo i mo chuimhne’ -Buama na hÓmaí, 25 bliain ó shin'