Macallaí de scéal na Gaeilge i gcúrsaí teanga na hÚcráine

Tá cainteoirí Rúisise san Úcráin ag athrú go dtí an Úcráinis agus ag tabhairt cúl le teanga an ionróra

Macallaí de scéal na Gaeilge i gcúrsaí teanga na hÚcráine

Tá macallaí de scéal na Gaeilge agus de stair choilíneach agus iarchoilíneach na hÉireann i go leor a bhaineann le cúrsaí teanga san Úcráin. Bhí sin le sonrú go mór i gcomhrá spéisiúil idir triúr iarchainteoirí Rúisise ón Úcráin le déanaí ar an bPodchraoladh Ukrainian Spaces. Deirim iarchainteoirí Rúisise mar gurb é sin a thugann siad orthu fhéin. Is cuid iad den ghrúpa daoine atá ag athrú ón Rúisis go dtí an Úcráinis, athrú ar scríobh mé faoi anseo cheana.

Is í an t-oibrí cearta daonna le Amnesty International Valeriia Voshchevska agus an t-iriseoir Maksym Eristavi láithreoirí rialta Ukrainian Spaces. Is as Cív do Valeriia agus as cathair Zaporizhia in oirthear na hÚcráine do Maksym. Tá an chathair féin fós faoi smacht na hÚcráine ach tá an chuid is mó den oblast den ainm céanna ina bhfuil sé suite gafa ag na hionraitheoirí. Is as Zaporizhia freisin don aoichainteoir Sasha Dovzhyk.

Deir Sasha gur shainigh cultúr impiriúil na Rúise an Rúisis mar ‘luach coiteann’ agus an Úcráinis mar rud ‘corr, ait agus áitiúil’ agus gurbh í ‘an choir is measa a rinne impiriúlachas na Rúise ná gur chur sé ina luí orm a cheapadh nárbh í an Úcráinis mo theanga ná m’oidhreacht’.

Níor thuig sí gurbh í an Úcráinis a ‘máthairtheanga’ go dtí níos déanaí ina saol. Shíl sí agus í níos óige go raibh baint ag cultúr agus litríocht na hÚcráine ‘le cineál éigin kitsch eitneach náisiúnta’ agus níor thuig sí ‘go bhféadfadh an Úcráinis a bheith mar theanga ardchultúir.’

Thosaigh turas teanga Sasha i dtreo na hÚcráinise ar dtús in 2014 le linn na n-eachtraí ar a dtugann muintir na hÚcráine ‘Réabhlóid na Dínite’.

‘I rith na dtrí mhí go raibh Úcránaigh ag troid i gcoinne a n-uachtarán agus a rialtas cam pro-Rúiseach, bhí an Rúis ag dumpáil a cuid bolscaireachta orainn agus is ansin a thuig mé go raibh rud éigin mícheart leis an togra impiriúlach Rúiseach.’

Nuair a ghabh an Rúis seilbh ar an gCrimé agus nuair a thosaigh an t-ionradh ar oirthear na hÚcráine in 2014 deir sí gur thuig sí go raibh an teanga a shíl sí a bheith mar chéad teanga agus mar mháthairtheanga aici ‘in úsáid mar uirlis chogaidh’.

Ceann de na cúiseanna a thug an Rúis leis an ionradh seo ná go raibh siad ag cosaint cainteoirí Rúiseacha in oirthear na hÚcráine ó réabhlóidithe radacacha Náisiúnacha. Ciallaíonn sé sin, dar le Sasha, go raibh na Rúisigh ag maíomh ‘go raibh siad ag iarraidh mé a chosaint orm féin – cainteoir Rúisise agus náisiúntóir Úcránach a ghlac páirt i Réabhlóid na Dínite’. Ina dhiaidh sin deir sí gur thuig sí nach bhféadfadh sí Rúisis a labhairt níos mó agus thosaigh sí ag athrú de réir a chéile ón Rúisis go dtí an Úcráinis. Níor tharla an t-aistriú thar oíche. Thosaigh sí ag labhairt Úcráinise lena cairde agus ag an obair ach i Rúisis a labhair sí go fóill lena tuismitheoirí. Tar éis an mhór-ionraidh anuraidh, deir sí nach bhféadfadh sí an Rúisis a úsáid in aon suíomh. ‘Mhúscail sé frithghníomh láidir ionam. Domsa feasta is í an Rúisis teanga an fhoréigin.’

Deir Maksym go ndearna sé fhéin iarracht Úcráinis a labhairt ar dtús tar éis na chéad réabhlóide daonlathaí san Úcráin, an ‘Réabhlóid Oráiste’ in 2004. D’aistrigh sé ar ais go dtí an Rúisis ina dhiaidh sin agus fiú tar éis Réabhlóid na Dínite in 2014 choimeád sé an Rúisis mar phríomhtheanga mar bhí sé ‘ag iarraidh an pointe a dhéanamh nach leis an Rúis an Rúisis’. Mothaíonn sé anois áfach gur botún a bhí ansin agus tá aiféala air ‘mar nuair a tháinig an cinedhíothú ba í an teanga sin teanga an chinedhíothaithe, agus dúirt an bholscaireacht gur Rúiseach a bhfuil gá aige le cosaint na Rúise ab ea gach cainteoir Rúisise, ní hamháin san Úcráin ach in áit ar bith eile.’

Labhraíonn Sasha faoina dheacra atá an t-aistriú teanga ina caidreamh lena tuismitheoirí. Deir sí go bhfuil ‘a lán den nádúr agus greann caillte againn’ mar go raibh na rudaí sin ‘fréamhaithe i dteanga an namhad’. Deir sí gurb in ceann de na cúiseanna go n-airíonn cainteoirí Rúisise na hÚcráine deacair é athrú go dtí an Úcráinis.

Deir Valeriia go dtagadh frustrachas uirthi go minic nuair a d’athraigh sí go dtí an Úcráinis mar nach raibh foclóir chomh leathan aici inti is a bhí sa Rúisis nó sa Bhéarla. Casann sí fós ar na mBéarla in amanta. Maíonn daoine atá aineolach ar an Rúisis agus an Úcráinis uaireanta gur beag difríocht atá eatarthu, ach tá an dá theanga chomh difriúil óna céile is atá, mar shampla, an Pholainnis nó an tSeicis nó an Rúisis óna chéile.

Dar ndóigh tá sciar mór Rúisiseoirí Úcránacha a thacaíonn lena dtír ach nach bhfuil tar éis casadh ar an Úcráinis mar phríomhtheanga. Deir Sasha go bhfuil go leor acu ar mhaith leo aistriú go hÚcráinis ach go bhfuil rudaí níos práinní ag dó na geirbe acu – a sábháilteacht féin, sábháilteacht a muintire agus an tráma atá á fhulaingt acu mar gheall ar an gcogadh. ‘B’fhéidir go dtiocfaidh an t-aistriú teanga níos déanaí nuair a mhothaíonn siad sábháilte. B’fhéidir nach dtiocfaidh an t-aistriú teanga go deo agus gurb í an chéad ghlúin eile de mhuintir na hÚcráine a bheidh ábalta Úcráinis a labhairt agus diúltú don Rúisis.

‘Is dóigh liom, agus na tosca atá sa tír faoi láthair, nach bhfuil sé críonna ná féaráilte ná cineálta breithiúnas a thabhairt ar Úcránaigh a labhraíonn Rúisis.’

Deir Valeriia nach bhfuil Úcránaigh a labhraíonn Úcráinis ‘níos Úcránaí’ ná na hÚcránaigh nach labhraíonn í ach creideann sí óna taithí féin ‘go gcabhraíonn sé go mór leat má labhraíonn tú Úcráinis nasc a dhéanamh le do fhréamhacha ar shlí atá ar leibhéal iomlán difriúil’.

Labhair an triúr faoina bhfrustrachas faoin tráchtaireacht a dhéanann daoine lasmuigh den Úcráin ar chúrsaí teanga na tíre agus iad ag déanamh athrá, dar leo, ar na rudaí a deir an Rúis faoi chainteoirí Rúisise san Úcráin. Deir Valeriia go gcabhraíonn sé scéalta pearsanta a roinnt le heachtrannaigh.

‘Nuair a roinneann tú do thuras teanga féin leo cabhraíonn sé leo a thuiscint go bhfuil siad ag breathnú ar iarchainteoir Rúisise Úcránach a rinne aistriú teanga.

‘Agus ar ndóigh is féidir leat iarracht a dhéanamh a mhíniú conas mar a oibríonn impiriúlachas teangeolaíoch agus is féidir leat caint faoi thaithí iarchoilíneachtaí eile a dhiúltaigh do theanga na himpireachta…

‘Cabhróidh sé leo a thuiscint go bhfuil an oidhreacht choilíneach seo ag an Úcráin freisin.’

Deir Maksym gur minic a chuirtear ceist ar líne air faoi cad a dhéanfaidh an Úcráin leis na cainteoirí Rúisise ar fad tar éis an chogaidh agus go ngoilleann an cheist sin air.

‘Fiafraím díobh cad a rinne siad san India le hIndiaigh a labhair Béarla nuair a d’fhág na Sasanaigh agus cad a rinne siad le hÉireannaigh a labhair Béarla nuair a bhí an Bhreatain imithe…’

Deir sé go ndúirt éisteoir amháin as Éirinn leis gur thuig sé go maith cé chomh seafóideach is a bhí an cheist seo ‘mar nuair a labhraíonn daoine Béarla in Éirinn ní thugtar Sasanaigh nó Briotanaigh orthu – tugtar Éireannaigh orthu agus is rud é sin gur gá do dhaoine a fhoghlaim faoi oidhreacht an choilíneachais agus an impiriúlachais’.

Fág freagra ar 'Macallaí de scéal na Gaeilge i gcúrsaí teanga na hÚcráine'

  • Eoghan Ó Néill

    Ghlac muidne teanga na hImpirechta agus lig muid uainn an ghaelig rud a sháinneann muid i mbosca Anglo in ár Weltanschauung.