Má tá aiféala orm faoi rud amháin i mo shaol, is é an t-airgead ar fad a chuir mé amú ar phúdar próitéine é

B’fhearr don andúileach aclaíochta díriú ar iompar a choirp ná airgead a chaitheamh ar fhorlíonta bia, dar lenár gcolúnaí.

Má tá aiféala orm faoi rud amháin i mo shaol, is é an t-airgead ar fad a chuir mé amú ar phúdar próitéine é

Má tá aiféala orm faoi rud amháin i mo shaol, seo é: an t-airgead ar fad a chuir mé amú ar phúdar próitéine agus forlíonta bia eile in iarracht na matáin a thógáil a d’fhágfadh cuma ‘fhoirfe’ ar mo cholainn.

Easpa airgid, thar aon ní eile, a d’fhág gur éirigh mé as an meadhg, as an gcréitín agus as na haimínaigéid tuairim is dhá bhliain ó shin. Choinnigh mé orm leis na meáchain chomh dúthrachtach céanna san ionad aclaíochta, ach shocraigh mé go mbeadh ar mo ghnáthaiste bia an cothú a sholáthar dom a theastódh uaim.

Inniu, tá mo cholainn nach mór mar a bhí dhá bhliain ó shin – rud a léiríonn, dar liom, nach raibh de thoradh ar an airgead ar fad ba ghnáth liom a chaitheamh ar fhorlíonta spóirt ach mún agus cac an-daor.

Ach ní cumas thionscal an bhia spóirt earraí a dhíol linn nach dteastaíonn uainn is ábhar don cholún seo ach an cheist seo: céard is áilleacht ann, dáiríre?

An lá cheana, bhí mé ar an trá le dlúthchara de mo chuid. Bhí frescobol á imirt againn, spórt a bhfuil an-tóir air sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, agus a gcuirfinn síos air mar seo: leadóg bhoird gan aon bhord ná líon.

Bhí cara eile de mo chuid ar an trá freisin, agus theastaigh uaidh siúd seit a imirt. Bhí fonn scíthe orm féin faoin am seo agus lig mé dó m’áit a thógáil. Shuigh mé síos ar an ngaineamh ag breathnú ar an mbeirt eile agus an liathróidín á bualadh sall is anall acu.

Níorbh fhada nó gur rith smaoineamh liom.

Dá n-iarrfá ar mo bheirt chairde seasamh in aice lena chéile agus dá bhfiafrófá de dheichniúr trághráthóirí a phiocfá go randamach cé acu den bheirt ab áille, déarfadh an deichniúr sin leat d’aon ghuth gur ag an dara duine – ag an bhfear a thóg m’áit sa chluiche – a bheadh an bua sa chomórtas áilleachta áirithe sin.

Fear é a d’fheicfeá ar leathanaigh irisí spóirt nó faisin; go deimhin, bíonn sé ag obair mar mhainicín ó am go chéile. Tá matáin mhóra air agus níl unsa saille, a bhuíochas sin do dhiantraenáil agus sáraiste bia a bhfuil forlíonta spóirt mar chuid di.

Níl unsa saille ar an gcéad duine – an fear a raibh mé ag imirt leis sular tháinig fear na matán mór – ach an oiread. Ní sáraiste bia is cúis leis sin ach a mhalairt; tá sé dífhostaithe le leathbhliain anuas agus bíonn sé ag streachailt chun greim a chur ina bhéal. Nílim ag dul thar fóir ach beagán má deirim gur fear é an chéad duine a d’fheicfeá in iris faoi thograí carthanachta sa tríú domhan.

Agus iad ina seasamh in aice le chéile, chaillfeadh an creatachán pé comórtas áilleachta don mhainicín. Ach dá bhfeicfeadh an deichniúr céanna a bhí mar mholtóirí agam sa sampla thuas mo bheirt chairde i mbun imeartha, thabharfainn an leabhar go ndéarfadh an deichniúr sin d’aon ghuth gurbh é an chéad duine – an fear nach bhfuil feoil ar bith air – ab áille. 

Agus é ar a mhíle dícheall gan ligean don diabhal liathróidín titim sa ghaineamh, bhí smacht iomlán ag an gcéad duine ar chuile orlach dá cholainn. Bhí cuma mhaorga, ghrástúil – mháistriúil – air. Níorbh amhlaidh i gcás an dara duine. Dá méad a mhatáin agus dá láidre iad, shílfeá go raibh siad sa bhealach air. Bhí cuma mhístuama air dá réir.

Rith sé liom ansin gur i ngluaiseachtaí an duine agus in iompar an choirp atá cuid mhór de rún na háilleachta. 

Rinne mé cinneadh láithreach feabhas a chur ar mo staidiúir féin: an té a choinníonn a cheann in airde, is lú an boilgín a bhíonn air! 

Fág freagra ar 'Má tá aiféala orm faoi rud amháin i mo shaol, is é an t-airgead ar fad a chuir mé amú ar phúdar próitéine é'

  • Máiread

    Tá an cheart agat.