Má bhreathnaíonn scéim rómhaith le bheith fíor, gach seans go bhfuil…

Is casta an scéal a bhaineann leis an gcaimiléir agus a cheird, ó ‘Phrionsa na Nigéire’ go dtí an ‘Tinder Swindler’

Má bhreathnaíonn scéim rómhaith le bheith fíor, gach seans go bhfuil…

Bhí sé ina scéal mór nuachta ansin le gairid – an líon daoine a thagann faoi thionchar caimiléirí i ngan fhios dóibh féin agus a chailleann riar mór airgid dá bharr.

Chuile bhliain, thart ar an am céanna, Lá’l Vailintín, foilsíonn na Gardaí Síochána figiúirí faoi na caimiléirí a chuireann an dubh ina gheal ar dhaoine soineanta, agus a fhaigheann suimeanna móra airgid uathu. Nuair a nochtar an fhírinne, bíonn sé ródheireanach, bíonn an cuntas bainc glanta amach acu.

Agus gach bliain nuair a fheicim na scéalta seo, agus ní bhíonn mórán d’athrú ar chnámha an scéil, cuirim an cheist chéanna orm féin, cén chaoi nach bhfaca an duine soineanta céard a bhí i gceist leis an scéim chaimiléireachta agus cén fáth nár chuireadar stop leo féin sular aistrigh siad suim mhór airgid as a gcuntas bainc chuig an ngadaí?

Agus ansin cuimhním nach sna nuachtáin amháin a fheicim na scéalta seo. Tagann siad gar don chnámh anois is arís. Tá cara liom atá amach sna blianta, agus a bhfuil scileanna airgid den scoth aige – shíl mé. Tá a chuid airgid déanta aige, teach deas i mBaile Átha Cliath aige agus ioncam chomh maith le pinsean maith aige.

Ach mo léan, fuair sé an ríomhphost a bhí thar a bheith mealltach agus a raibh cuma na fírinne air. Teachtaireacht bhéasach, chairdiúil ag beannú dó agus ag déanamh comhghairdis leis as a raibh bainte amach aige i rith a shaoil. Agus an mbeadh spéis aige i scéim infheistíochta a d’íocfadh ráta ard brabúis in achar réasúnta gearr?

Má bhreathnaíonn scéim rómhaith le bheith fíor, tá gach seans go bhfuil sé ‘rómhaith’. Ach níor chuimhnigh mo chara ar an tseanchomhairle infheistíochta sin. Ina dhiaidh sin féin, níor chaill sé ach cúpla míle euro. Tá scéalta i bhfad níos measa ná sin nochta le tamall.

Is dócha go bhfaca cuid agaibh na sraitheanna teilifíse de chuid Netflix The Tinder Swindler agus Inventing Anna.

An rud ab iontaí ar fad faoi scéal Anna Delvey ná go raibh sí in ann bréag i ndiaidh bréag a inseacht fúithi féin i Nua-Eabhrac agus bhí ar a cumas suimeanna ollmhóra airgid a ghoid ó bhainc agus ó dhaoine saibhre ansin agus ón iliomad óstán mór le rá sa gcathair chéanna.

Bhí an ‘scam’ bunaithe ar an múnla céanna a mbaineann na caimiléirí úsáid as go minic – sé sin, tá saibhreas airgid ag an duine seo agus tá sé ‘ag fanacht’ ar íocaíocht nó caithfidh sé fanacht go dtí lá áirithe agus beidh an ‘oidhreacht’ mhór mhillteach seo le teacht chuige. Idir an dá linn, bíonn air ‘iasacht’ a fháil nó bíonn air fanacht in óstán galánta éicint, gan a bhille a bheith íoctha aige, agus beidh gach rud ina cheart nuair a thiocfas an t-airgead.

Tá na scéalta faoin ‘Tinder Swindler’ agus Anna Delvey sách dona ach ar bhealach inchreidte nuair a fheiceann tú na cláracha faisnéise. Ach tá múnla eile caimiléireachta ann a fheictear chomh minic sin go bhfuil sé thar a bheith deacair a chreidiúint go gcuireann sé dallamullóg ar dhaoine.

Tugtar an ‘Prionsa ón Nigéir’ ar an gcineál seo caimiléara, cé nach as an Nigéir a thagann an chuid is mó de na teachtaireachtaí is cosúil. Fuair mé féin roinnt teachtaireachtaí ar an múnla seo thar na blianta. Faigheann tú ríomhphost ón duine seo, a ligeann air gur Prionsa de chuid Teaghlach Ríoga na Nigéire é, agus má fhaigheann sé suim réasúnta airgid uait, beidh ar a chumas teacht ar a oidhreacht ríoga agus tú a íoc ar ais – agus brabach deas san áireamh.

Deirtear go minic gur fearr a éireoidh le caimiléir sna cúrsaí seo má dhíríonn sé ar na daoine is airde, na daoine is saibhre agus má luann sé suimeanna móra millteacha airgid.

Sin é a rinne an fear a chuir ina luí ar dhaoine ar fud an domhain go raibh an t-eolas aigesean agus aigesean amháin, faoin áit ar chuir an Ceannaire Kwame Nkrumah, Uachtarán Ghána, a shaibhreas faoi cheilt.

Ar ndóigh chaithfeadh daoine a chreidiúint go raibh saibhreas sa chéad áit ag Nkrumah. Tá a fhios ag daoine anois nach raibh mórán aige nuair a bhásaigh sé thairis an méid a fuair sé mar dhleachta óna chuid leabhar. Ach bhíodh scéalta sa timpeall ar feadh i bhfad go raibh saibhreas ag rialtas Ghána agus go raibh sé goidte ag an Uachtarán. Sa mbliain 1966, chuir tíortha ón iarthar brú ar réimeas Nkrumah, cuireadh as oifig é agus chuaigh sé ar deoraíocht go dtí an Ghuine.

Chaith an Dr John Ackah Blay-Miezah as Gána a shaol ag scaipeadh an scéil gur aigesean amháin a bhí an t-eolas rúnda faoin áit ar chuir Nkrumah an ‘saibhreas’ seo. Tugadh an ‘Oman Ghana Trust Fund’ ar an saibhreas airgid arbh fhiú $27 billiún é, dúradh.

Bhí an scéim an-chosúil le scéim an Phrionsa ón Nigéir. Sé sin, níor theastaigh ó Blay-Meizah ach suim réasúnta airgid chun ‘déileáil le dlíodóirí agus roinnt constaicí taidhleoireachta’ a shárú, agus ansin scaoilfí an t-airgead.

Chuir sé leis an gcuma réalaíoch a bhí ar an scéim nuair a d’fhógair sé go gcaithfí an saibhreas ar mhaithe le muintir Ghána agus pé airgead a bheadh fágtha ina dhiaidh sin, go n-íocfaí na hinfheisteoirí – gheall sé go mbeadh an tsuim airgid chomh mór sin go mbeadh  brabach 100% ann agus go raibh sé buíoch as an bhfoighid a bhí acu.

Ar feadh 20 bliain, choinnigh sé an bhréag ag imeacht, agus bhain sé na céadta milliún dollar ó infheisteoirí ar fud an domhain. Chreid na ‘hinfheisteoirí’ ar fad na bréaga a bhí inste agus scaipthe sna nuachtáin, faoin saibhreas pearsanta a bhí ‘sciobtha’ ag Nkrumah.

Bhí daoine ciallmhara anseo is ansiúd a rinne iarracht an scéim chaimiléireachta a stopadh – an Dr Henry Kissinger agus an tAmbasadóir Shirley Temple ina measc. Rinneadh an clár 60 Minutes faoi i Meiriceá. Ach bhí daoine eile – ar nós John Mitchell, a bhí ina Aturnae Ginearálta ag an Uachtarán Richard Nixon tráth (agus é scaoilte saor ón bpríosún mar gheall ar Scannal Watergate faoin am seo) a lean Blay-Miezah agus a chreid go hiomlán ann. Gealladh $733 milliún as an gciste dó siúd.

Bhain an clár 60 Minutes na cosa de agus thit gach rud as a chéile. In 1992 fuair sé bás i nGána. Sa chlár 60 Minutes deir infheisteoir amháin as Meiriceá gur thug sé $7 milliún do Blay-Miezah agus nach bhfuair sé pingin ar ais. Fiafraíonn an tuairisceoir de céard leis a bhí sé ag súil ón scéim.

‘Bhuel,’ a deir sé (agus fear mór gnó mar chosúlacht air), ‘ní airgead go hiomlán é, ach bheinn sásta go raibh mé ceart.’

Fág freagra ar 'Má bhreathnaíonn scéim rómhaith le bheith fíor, gach seans go bhfuil…'