Luimneach réidh le dul céim níos faide in aghaidh na gCat

D’fhéadfadh gurb iad Contae an Chláir agus Luimneach a bhainfidh áit amach sna babhtaí leathcheannais

Luimneach réidh le dul céim níos faide in aghaidh na gCat

Kyle Hayes agus Jack O'Grady (Luimneach) le Pat Lyng (Cill Ceannaigh). Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Is deacair a shamhlú nach bhfuil ach cúpla cluiche mór iomána fágtha againn. Amárach díbreofar dhá chontae eile ón stáitse mór agus ní bheidh fágtha ach ceithre fhoireann. Níor chuala mé mórán ag rá nach mbeadh an Ghaillimh ar cheann de na ceithre fhoireann. Thugadar an-taispeántas uathu seachtain ó shin i nDurlas Éile. Bhíodar i bhfad níos fearr ná mar a bhíodar an Domhnach roimhe sin. Tá siad fós mar rogha láidir na coitiantachta chun an corn a ardú arís i mbliana.

Ach léirigh Corcaigh go bhfuil siad níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh agus iad mar an dara rogha anois ag na geallghlacadóirí don phríomhdhuais.

I gcluiche ceannais na Mumhan bhí contae an Chláir an-mhaith ar feadh tríocha nóiméad.

Agus iad ocht gcúilín chun tosaigh bhí an chuma ar an scéal go mbeadh bua éasca agus bua cuimsitheach acu. Ach taobh istigh de nóiméad amháin, díreach roimh leath ama, chinntigh Corcaigh nach raibh ach farasbarr ceithre phointe acu. Is deacair a shamhlú nach bhfuil aon chraobh cúige buaite ag an gClár ó 1998.  Bhíodar go mór in uachtar i gcoinne Chorcaí don chéad leathuair sin ach chuir na fir cois Laoi stop le seachadadh na liathróide isteach go dtí John Conlon a bhí i mbun gaisce scórála istigh don chéad leathuair an chloig. Mar a deir an seanrá ‘Buaigh nó foghlaim’ agus tá ceachtanna le foghlaim ag Contae an Chláir, go háirithe ar an taobhlíne. Seo an dara bliain as a chéile ar bhuaigh Corcaigh orthu ó thaobh teaicticí de. Anuraidh theip orthu aon athrú chun feabhais a dhéanamh chun tionchar pocanna amach Anthony Nash a laghdú agus coicís ó shin ní raibh aon phlean B acu chun an liathróid a chur isteach go dtí an líne lántosach sa dara leath nó chun an cheannasaíocht a bhí ag Corcaigh sa trian láir den pháirc a bhriseadh.

Cuirfidh Loch Garman, faoi stiúir Davy FitzGerald, fear mór teaicticí, tuilleadh ceisteanna orthu um thráthnóna. Ní fhéadfá a rá go raibh na Carmanaigh go hiontach seachtain ó shin i gcoinne na hIarmhí ach bhuadar an cluiche. Beidh tine ar a gcraiceann amárach agus Davy i gcoinne a chontae dúchais. Is deacair a rá cé a bhuafaidh ach measaim go bhfuil an Clár níos fearr mar fhoireann.

Sa cluiche ceathrú ceannais eile, tá Cill Chainnigh ar an mbóthar arís agus iad i gcoinne Luimnigh. Cuireadh cor i scéal Luimnigh ina gcluiche deireanach cúige, i gcoinne chontae an Chláir, mar go dtí sin bhíodar thar barr. Tá an-sos faighte anois acu agus go leor ceachtanna foghlamtha acu, mheasfá. Bhíodar i bhfad níos fearr ná Ceatharlach seachtain ó shin. Ach an mbíonn sé riamh éasca buachan ar Chill Chainnigh? Ambaiste,  ní bhíonn. Mar sin féin, tá na Cait faoi míbhuntáiste mar go bhfuil dhá dhianchath curtha díobh acu le coicís anuas.Tá sé thar a bheith deacair ar imreoirí amaitéaracha imirt trí seachtaine i ndiaidh a chéile agus a bheith chomh lán brí an tríú seachtain agus a bhíodar an chéad seachtain. Léiríodh go paiteanta sna cluichí cúige i mbliana go bhfuil sé beagnach dodhéanta teacht slán an tríú seachtain. Ach seo Cill Chainnigh agus amadán a chromfadh ar a dtuairisc bháis a scríobh. Ar a shon sin uile, is cinnte go mbeidh sé deacair orthu amárach.

Seo cluiche mór millteach do Luimneach. Tá dul chun cinn á dhéanamh acu agus tá painéal láidir acu ach ní bheinnse sásta mura mbeadh ann amárach ach taispeántas maith eile. Ní dóigh liom go mbeadh a mbainisteoir John Kiely ná leantóirí na foirne sásta ach oiread mura mbuann siad. 

Tá an t-am tagtha anois nach mór dóibh a léiriú go bhfuil siad réidh an chéad chéim eile a thógaint. Ceapaim go bhfuil siad réidh. 

Fág freagra ar 'Luimneach réidh le dul céim níos faide in aghaidh na gCat'