Lucky you! Cúis áthais é go bhfuil vóta againn i reifreann amárach

Bhí an ceart aige. Is ceart agus pribhléid é gach deis vótála. Bain leas as amárach. Vótálaigí!

Lucky you! Cúis áthais é go bhfuil vóta againn i reifreann amárach

Pictiúr: RollingNews.ie

Dá dhonacht cúrsaí polaitíochta sa tír seo scaití, cuireann reáchtáil reifrinn dea-ghiúmar i gcónaí ar chuid againn, is cuma cén cheist a chuirtear.

Cén fáth? Toisc go gcuireann gach reifreann i gcuimhne dár máistrí i dTeach Laighean cé atá i gceannas.

Roghnaítear agus cuirtear Teachtaí Dála as oifig aimsir thoghcháin, ach cuirtear srian daonlathach eile orthu an t-am ar fad.

Ní féidir le Rialtas ar bith gníomhú taobh amuigh d’fhorálacha an Bhunreachta, agus ní féidir an Bunreacht a athrú gan cead an phobail. Is i reifreann amháin a thugtar nó a dhiúltaítear an cead sin.

Sin ráite, léiríonn gach reifreann laigí agus buanna an chórais, agus is amhlaidh an cás an babhta seo.

Mar sin féin, is fiú ar chúis a phléitear thíos, an fhoráil den Bhunreacht atáthar a mholadh a chur ar ceal Dé hAoine a chur i gcló, chomh maith leis an bhforáil nua atá molta ina háit:

Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht faoi láthair:

‘Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint agus a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

‘Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile.

‘Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil sa Stát maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile ach sin faoi chuimsiú cibé coinníollacha a leagfar síos le dlí.’

Airteagal 40.3.3 má leasaítear é sa Reifreann:

‘Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil.’

Doiléire an pháipéir vótála

Ba chóir go mbeadh an dá mhír sin ar an bpáipéar vótála, ionas nach mbeidh amhras ar dhuine ar bith faoin rogha atá le déanamh. 

Mhol polaiteoirí agus saineolaithe éagsúla roimhe seo go mbeadh cibé leasú ar an mBunreacht a mholfaí i reifreann le feiceáil ar na páipéir bhallóide, ach tugadh an chluas bhodhar dóibh.

Ní bheidh, mar sin, ach an cheist chasta seo a leanas ar an bpáipéar vótála: 

‘An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite?’

I ndiaidh na ceiste sin, beidh na focail seo a leanas ‘An Bille um an Séú Leasú ar an mBunreacht’, agus treoir go gcuirfí X in aice le ‘TÁ’ má thoilíonn tú leis an leasú, nó X in aice le ‘NÍL’ mura dtoilíonn.

Aistriúchán: má aontaíonn tú leis an leasú, vótáil ‘TÁ’. Mura n-aontaíonn, vótáil ‘NÍL’.

Cúis áthais, dáiríre?

Thug iriseoir as Sasana agus breitheamh Ultach ‘rud iontach’ ar an reifreann agus an scéal á phlé acu le scríbhneoir an cholúin seo. Dar leis an mbeirt gur cúis mórtais í gur faoin bpobal abhus, agus fúthu amháin, atá sé cinneadh mór polasaí mar seo a dhéanamh.

Dar leis an mbeirt gur fearr agus gur folláine ceist chomh bunúsach le ginmhilleadh a chur faoi bhráid an phobail in ionad í a choinneáil faoi smacht na bpolaiteoirí.

“Tá go leor daoine ó thuaidh in éad libh, agus scata aontachtaithe ina measc,” arsa an tUltach, “toisc go bhfuil deis agaibhse a cheiltear orainne.”  

“Ní thugtar deis dá leithéid dúinne riamh,” arsa an Sasanach, “is é sin má fhágtar an reifreann faoin mBreatimeacht as an áireamh.”

“Tig libhse vótáil ar cheisteanna móra,” a dúirt sé, “ agus fiú teacht ar mhalairt intinne mar náisiún uaireanta faoin gceist chéanna – lucky you!”.

Bhí an ceart aige. Is ceart agus pribhléid in éineacht é gach deis vótála. Bain leas as amárach. Vótálaigí!

Fág freagra ar 'Lucky you! Cúis áthais é go bhfuil vóta againn i reifreann amárach'

  • Jimmy Grisewood

    Tá an ceart agat a Chathail. Is saghas spóirt í an vótáil ach tuigimid go maith freisin tábhacht an reiftinn seo. Ó lucky muid!