‘Lockdown! Lockdown! Lockdown!’ – ag freastal ar chluiche caide aimsir an choroínvíris

B’fhéidir nach bhfuil blas ná dath le fáil as an ócáid, ach níl an cluiche caide gan a thréithe féin faoi láthair

‘Lockdown! Lockdown! Lockdown!’ – ag freastal ar chluiche caide aimsir an choroínvíris

Bhí 38 nóimeat agus 30 soicind caite sa dara leath den chluiche idir Ciarraí agus Dún na nGall i dTrá Lí tráthnóna inné ach a gcuala an scréach ó Thadhg Morley, lánchúlaí tréan Chiarraí – “Lockdown! Lockdown! Lockdown!”

Gan ach tríocha soicind fágtha san imirt, bhí Morley, glacaim leis, ag impí ar a chomhghleacaithe gan aon scór eile a ghéilleadh.

Níor bhaol dó.

Bhí an cluiche imithe ó mhaith le tamall agus greim docht daingean ag Ciarraí ar an uile ghné den imirt agus iad ar tí an tSraith Náisiúnta a bhuachtaint don gcéad uair ó 2017, an t-aonú babhta is fiche acu ar fad.

N’fheadar an amhlaidh go bhfuil téarmaíocht na linne dulta go smúsach ionainn ach sin é a chuala lem’ dhá chluais féin agus mé im chaonaí aonair ar an ardán inné. Chuala i bhfad níos mó ná san leis.

Babhta eile, chuala captaen Chiarraí, David Clifford, ag tabhairt treorach do Tom O’Sullivan an Daingin agus an Súilleabhánach i seilbh na caide agus é ag meá is ag tomhas a raibh le feiscint os a chomhair amach. “Mismatch on Seánie Shea, mismatch on Seánie Shea,” a dúirt an Clúmhánach fé dhó agus chomh siúráilte is atá cros ar asal, cad a bhí istigh ar imeall na cearnóige bige ach Seanie O’Shea agus Paddy McGrath ar a chroí díchill ag iarraidh coimeád leis le leathacra spáis os a chomhair amach.

Cé nár baineadh earraíocht as an mbuntáiste coisíochta is toirt a bhí istigh an uair seo, chuaigh m’aigne ag fánaíocht siar ar bhóithrín na smaointe go dtí an chéad chúpla nóimeat idir an dá fhoireann chéanna i gcluiche ceannais na bliana 2014. An uair úd, ba é Paul Geaney a bhí istigh ar imeall na cearnóige bige nuair a thuirling an chaid idir é féin agus McGrath, ghreamaigh agus shuncáil Geaney i gcúl na Canálach í. Sin é mar a bhíonn ag an gcuimhne. Tugann sé ar aistir aisteacha an duine nuair is mó nach bhfuiltear ag súil leis agus bhí fuílleach aga inné againn chun ligint don aigne dul ag fánaíocht. Sin é an sórt lae a bhí ann.

Sea, siad Ciarraí curaidh na Sraithe Náisiúnta 2020. Bronnadh corn ar David Clifford agus caithfidh gurb é an t-aon bhabhta le mo chuimhne é ná raibh óráid ó chaptaen ar ócáid bhronnta coirn náisiúnta ná go deimhin grianghraf leis an gcorn nuabhronnta. Is é seo gan dabht, an cor is déanaí sa chath in aghaidh Covid-19 agus ó thús deireadh tráthnóna inné, ba léir gurb é seachaint na haicíde an chloch ba mhó ar phaidrín na n-imreoirí agus an chraobh ar lic an tairsigh againn.

Bhí tamall ann gur gheall le gnás earraigh é beag is fiú a dhéanamh de bhua sraithe. ‘Dhera a chroí, níl ann ach an tsraith’ an cor cainte ba choitianta i gCiarraí aon uair a buadh cheana í. Bí siúráilte gurb shin é a bheidh le clos ó bhainisteoir Chiarraí, Peter Keane, sa choicíos amach romhainn chomh maith, ach má leanann siad ag imirt mar atá beidh sé deacair a chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil feabhas thar cuimse tagtha ar imirt Chiarraí ón dtaca seo anuraidh.

Tá mórán cainte déanta le seachtain anuas ar chóras cosanta nua Chiarraí agus ar a chnuaisciúnaí is atá cníopairí ar nós Thaidhg Morley, Tom O’Sullivan, Paul Murphy agus Peter Crowley. Ní dóigh liom, áfach, gurb amhlaidh go bhfuil feabhas tagtha ar a scileanna sa ghleic ach go bhfuilid ag oibriú ábhar beag níos crua ná mar a bhídís dona chéile. Ceithre phointe dhéag a ghéill an t-aonad cosanta in aghaidh Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus deich bpointe suarach inné. Tá comharthaí ann go bhfuilid ag dul sa treo ceart agus nuair a chuirtear le chéile an dá scór a aimsíodh ón dtaobh eile den bpáirc le dhá chluiche anuas, 2-35, is léir go bhfuil gaoth ina seolta.

Dá fheabhas iad chun tosaigh, áfach, beidh sé ag dó na geirbe acu oiread deiseanna ar chúil bheith á gcruthú agus gan ach dhá cheann tógtha. Sa chéad leath amháin chuireadar ceithre dheis ghlórmhar ar chúil i bfaighid trí chúilíní a thógaint.Dara Moynihan agus Tony Brosnan fé thrí ba chiontaí, más ciontacht atá i gceist. Dá ghile an t-éadach is ea is fusa é a shailiú agus más ag lorg lochtaí agus laigí atáthar, bhí fianaise inné ann go bhfuil na cosa ag teip ar David Moran, dá fheabhas é agus nochtfar bearnaí má théann Ian Maguire, Paul Walsh nó Ruairí Deane ar a gcamruathair i bPáirc Uí Chaoimh fé cheann coicíse. Ach b’fhéidir ná fuil ansan ach suaraíocht agus róscagadh. Beidh sé deacair Ciarraí a chloí cois Laoi.

B’fhéidir nach bhfuil blas ná dath le fáil as an ócáid, as an uair a chloig roimis ná tar éis an chluiche i mbailte móra na tíre na laethanta seo, ach níl sé gan a thréithe féin ach an oiread. Is deas an uile bhéic a dheineann na himreoirí a chlos. Is deas gach treoir a fhaigheann siad ón dtaobhlíne a chlos agus fiú muna gcloiseann siad féin na gártha molta nó an cor cáinteach ós na hardáin is na seastáin, bíodh a fhios ag imreoirí an lae inniu go bhfuilid ag tabhairt ábhar misnigh is cúis chadarála agus allagair dúinn.

Bímis buíoch as an méid sin féin.

 

 

Fág freagra ar '‘Lockdown! Lockdown! Lockdown!’ – ag freastal ar chluiche caide aimsir an choroínvíris'

  • John M.O`Donoghue

    ARD MOLTA TUILLTE AG GACH IMREOIR A DIMIR AN TSEACHTAIN SEO.