Litir ón bPiarsach a chuir trína chéile mé….

Chreid mé i gcónaí gur ag deartháir mo sheanathar, as Ros Muc, a sheol an Piarsach an litir áirithe seo…

Litir ón bPiarsach a chuir trína chéile mé….

Cóip de litir a foilsíodh san iris Biseach a chuir mo dhóthain cantail orm nó, ar a laghad ar bith,  a chuir trína chéile mé. Iris mhaith í Biseach a fhoilsítear i gCois Fharraige.  Dúradh inti gurbh é Pádraig Mac Piarais a scríobh an litir agus gur chuig fear as Cois Fharraige a chuir sé í.

Ba dheacair domsa é sin a thuiscint mar gur chreid mé i gcónaí gur ag deartháir mo sheanathar, Colm Ó Gaora as Ros Muc, a sheol sé í.

Bhí údar maith agam lena cheapadh. Cairde maithe leis an bPiarsach ba ea Colm Ó Gaora agus a athair Seán.

Nuair a scríobh  Colm an leabhar Mise bhí sé chomh bródúil as an litir sin gur chuir sé ina luí ar na foilsitheoirí  cóip di a chur i lár an leabhair.

I 1943 a tháinig an chéad chló amach.

Maidir leis an ábhar atá sa litir is fiú an méid seo a bhaint as an gcuntas a thug Colm féin ina leabhar:

‘I ngeimhreadh na bliana sin a thosaíos ag tabhairt iarrachta ar Ghaeilge a scríobh as mo chonlán féin. Thugainn cineál scríobh ar na seanscéalta a bhíodh á n-insint ag na daoine thart san áit. Léinn an Claidheamh Soluis an tráth seo, mar chuireadh an Piarsach chugainn in aisce é. B’fhacthas dom nach mbeadh mac ar mo mo chine ba shaibhre ná mé dá mbeinn in ann píosa a scríobh don Chlaidheamh. Babhta amháin dá raibh an Piarsach ar saoire san áit seo, thug mo ghnó mé in aon turas go dtí é agus beart de mo chuid scríbhinní agam. Thaispeáin mé dó iad agus cheadaigh mé é. Thug sé gach uile mhisneach dom leanúint orm. Chomhairligh sé dom ceann de na seanscéalta a chur chuige. Ghlacas a chomhairle agus ba é an ceann a thit isteach i m’intinn a chur chuige: Scolb Glas Mac Rí in Éirinn. Ó m’athair a thógas síos an scéal céanna. Leis an aimsir chuir an Piarsach faoi chló ina pháipéar é. Ní fhaca tú riamh mac ba ríméadaí ná mise nuair a chonaic mé mo scéal féin ar an gClaidheamh ina dhiaidh sin. Scéal fada a bhí ann, agus chaith sé seacht nó ocht de sheachtainí ag rith tríd an bpáipéar.’

Bhí duine ag iarraidh a chur ina luí orm an lá faoi dheireadh go mb’fhéidir go ndearna an Piarsach dhá chóip den litir agus gur chuir sé ceann go Cois Fharraige agus an ceann eile go Ros Muc.

Ní cheapfainn é ar bhealach eicínt.

Fág freagra ar 'Litir ón bPiarsach a chuir trína chéile mé….'