Lig tú féin i gcathú sa Ghaillimh, bain lán na súl as Scott agus Farrell agus faigh síob ar Bhus na Leabhar….

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Lig tú féin i gcathú sa Ghaillimh, bain lán na súl as Scott agus Farrell agus faigh síob ar Bhus na Leabhar….

ÓCÁID

Lá i gCathú – slí an úrscéil Lig Sinn i gCathú

Don dara bliain as a chéile beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag eagrú siúlóid lae i nGaillimh bunaithe ar an úrscéal clasaiceach Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir.

Leanfaidh an tslí mapa atá déanta amach de na háiteanna atá luaite sa leabhar agus iad ag tosú ag Cearnóg na hOllscoile in Ollscoil na Gaillimhe. Tá Lig Sinn i gCathú ar cheann de dhornán úrscéalta atá suite i gcathair na Gaillimhe.

Foilsíodh an leabhar den chéad uair i 1976 agus deirtear gur díoladh amach i siopa leabhar Kenny’s i nGaillimh an lá ar seoladh é agus go leor, más fíor, ag iarraidh fáil amach an raibh siad ann!

Baile an Chaisil an t-ainm bréige a thug Ó hEithir ar chathair na Gaillimhe san úrscéal ach is furasta go leor de na háiteanna atá luaite sa leabhar a aithint fiú go dtí an lá atá inniu ann; ina measc An Taibhdhearc agus Óstán an Bhóthair Iarainn (The Hardiman Hotel anois).

Tá an scéal suite i nGaillimh i gcaitheamh dheireadh seachtaine na Cásca 1949, an bhliain ar fógraíodh Éire ina poblacht. Leanann an scéal mac léinn ollscoile Máirtín Ó Méalóid ar a chuid rámhaillí fad is atá móreachtraí i stair na tíre ag dul ar aghaidh sa gcúlra.

Bíonn an tsiúlóid ar bun ar an Satharn atá díreach i ndiaidh an tríú hAoine san Aibreán mar gheall ar dhátaí na Cásca i 1916 agus 1949. I mbliana, is ar an Satharn, an 20 Aibreán a bheidh sí ar bun agus tosóidh sí i gCearnóg na hOllscoile ag 12:30 i.n. Gealltar “Cuimhní, scéalta, sleachta as an leabhar, éadaí na 1940idí, crúibíní, comhluadar agus comhrá.”

SRUTHÚ

Scott agus Farrell chugainn

Tá beirt d’aisteoirí móra na hÉireann chugainn ar an scáileán beag agus dhá shraith mhóra ar na hardáin sruthaithe. Andrew Scott atá chugainn i dtosach in Ripley atá á sheoladh inniu, Déardaoin, ar Netflix.

Dubh agus bán atá Ripley agus cuma álainn ar an tsraith atá bunaithe ar an dúnmharfóir cáiliúil a chruthaigh Patricia Highsmith ina húrscéal The Talented Mr. Ripley. Tá ardmholadh faighte ag Scott as a chuid féin a dhéanamh de ról seanbhunaithe.

Chugainn amárach ar Apple TV+ tá Colin Farrell agus é ina chadhan aonair de bhleachtaire sa tsraith nua film noir le Mark Protosevich, Sugar. Ach oiread le Scott, tá Farrell molta go hard sna léirmheasanna luatha. Deirtear go bhfuil casadh sa scéal i lár slí a thaitneoidh le daoine áirithe ach a chuirfidh daoine eile le báiní.

Tá Andrew Scott le feiceáil faoi láthair chomh maith ar Disney+ sa scéal grá tochtmhar All Of Us Strangers agus é i dteannta réalta eile as Éirinn, Paul Mescal, ar éirigh leis an Ghaeilge a thabhairt slán agus é faoi agallamh ar an gcairpéad dearg ag na gradaim BAFTA anuraidh.

Ábhar machnaimh i ‘3 Body Problem’

Seo ar ais déantóirí Game of Thrones agus scéal ficsean eolaíochta ina ngabháil acu. 3 Body Problem an t-ainm atá ar an gclár agus é le feiceáil ar Netflix. Tá an scéal suite trasna i dtíortha éagsúla, tréimhsí ama éagsúla agus réaltachtaí fíorúla.

Tá an tsraith seo bunaithe ar an úrscéal Síneach The Three-Body Problem le Liu Cixin a bhuaigh Gradam Hugo, duais idirnáisiúnta a bhronntar ar an úrscéal ficsean eolaíochta is fearr.  Ar fhadhb fisice, nach bhfuil aon réiteach uirthi agua atá ag dó na geirbe (is cosúil) ag réaltfhisiceoirí leis na céadta bliain, a bunaíodh teideal an leabhair.

Fadhb mhór ag ‘Body Problem’ – na carachtair agus an scéal slogtha ag na maisiúcháin

Meas tú an gcruthóidh an clár seo don réaltfhisic mar a rinne scannáin ar nós Jurassic Park agus Indiana Jones don tseandálaíocht?

Tá an clár an-fhísiúil agus na héifeachtaí speisialta slachtmhar snasta. Scéal mór leathan atá ann ina bhfuil iarracht á déanamh téamaí móra a chíoradh – cúrsaí creidimh, an cultas pearsan, an tírghrá, agus díothú na timpeallachta.

Is deacair a rá an éireoidh leo an scéal a thabhairt chun críche ar bhealach sásúil. Idir an dá linn, is fiú breathnú air ar son na siamsaíochta tarraingtí, an fhísiúlacht. Agus an t-ábhar machnaimh.

TURAS

Laureate na nÓg ar thuras bus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Cuirfidh Laureate na nÓg Patricia Forde tús leis an Whole Wide World Bus Tour ar an Luan 15 Aibreán agus an bus ag taisteal an bealach ar fad ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid.

Tá an turas ar cheann de thograí móra Forde le linn a tréimhse mar Laureate na nÓg agus í ag iarraidh an scéalaíocht agus an léitheoireacht a thabhairt chomh fada le léitheoirí óga na tíre.

“Tá mé ag iarraidh an dá ghrúpa daoine is deise liom a thabhairt le chéile – páistí na hÉireann agus na scríbhneoirí agus maisitheoirí iontacha atá againn – chun scéalta nua a chruthú agus seanscéalta a roinnt,” a dúirt Patricia Forde agus í ag déanamh cur síos ar an rud a spreag í le tabahirt faoin togra.

“Go simplí tá muid ag tabhairt leabhair agus na daoine a dhéanann iad chuig lucht éisteachta nach bhfaigheann an deis bualadh leo rómhinic. Níl an splanc don chéad scéal eile i bhfad uait riamh agus leis an turas seo tá súil againn é a thabhairt níos gaire dúinn arís.”

Beidh scríbhneoirí agus ealaíontóirí ag taisteal ar an turas is ag stopadh i mbailte ar an mbealach chun imeachtaí litríochta a chur ar bun do dhaoine óga agus do theaghlaigh. I Scoil Naomh Muire Cionn Mhálanna a bheidh an chéad ócáid, Leabharlann Ghaoth Dobhair ina dhiaidh sin agus leanfaidh an turas ar aghaidh ar feadh coicíse nó go ndéanfaidh siad a mbealach chomh fada le Cionn tSáile i gCo. Chorcaí

Stopfaidh an bus i Sligeach, Gaillimh, Co. an Chláir, Co. Luimnigh, Ciarraí agus Co. Chorcaí agus beidh ócáidí do pháistí ar bun ag gach ceann de na háiteanna sin.

Tá gach eolas ar shuíomh idirlín Laureate na nÓg.

Fág freagra ar 'Lig tú féin i gcathú sa Ghaillimh, bain lán na súl as Scott agus Farrell agus faigh síob ar Bhus na Leabhar….'