Fadhb mhór ag ‘Body Problem’ – na carachtair agus an scéal slogtha ag na maisiúcháin

In ‘3 Body Problem’ ar Netflix tá ceardaithe ‘Game of Thrones’ imithe ó iomaire na fantaisíochta go hiomaire an fhicsin eolaíochta

Fadhb mhór ag ‘Body Problem’ – na carachtair agus an scéal slogtha ag na maisiúcháin

Is iad David Benioff agus D.B Weiss na saoistí a sheol Game of Thrones chugainn. Cé go raibh críoch na sraithe sin patuar go maith áirítear é mar chloch mhíle theilifíse. Ní nach ionadh mar sin go mbeadh dúil ag an lucht féachana sa chéad saothar eile uathu.

Do 3 Body Problem (Netflix) léimeann siad ó iomaire na fantaisíochta go dtí iomaire an fhicsin eolaíochta do shraith ocht gclár. Chaitheadar blianta ag ionramháil saothair le George R.R. Martin agus anois tugann siad faoi thríológ leis an údar Síneach, Liu Cixin. Bunaíodh an chéad séasúr seo ar an úrscéal den teideal céanna ón tsraith trí leabhar Remembrance of Earth’s Past. Arís eile táid ag plé le leabhar agus scéal nach fuirist a thabhairt chuig an scáileán.

I dtosach an chéad ghála táimid in Beijing na Síne sa bhliain 1966 mar a bhfuil an Réabhlóid Chultúrtha faoi lán seoil. Tugtar réaltfhisiceoir ar stáitse le hé a náiriú agus a mharú go brúidiúil. Tá a iníon Ye Wenjie (Zine Tseng) sa slua, níos faide anonn déantar í a sheoladh chuig an Ion-Mhongóil ag gearradh crainn ar mhaithe lena ‘hathoiliúint’.

Réaltfhisiceoir is ea í féin agus diaidh ar ndiaidh faigheann sí post i mbunáit mhíleata eolaíochta rúnda.

Bíonn impleachtaí ag a cuid oibre ansin ar na glúnta atá le teacht ar fud na cruinne. Fuaireas ana-bhlas ar an toise seo, suan na muice bradaí is mistéir á cothú i rith an ama agus dríodar cainte eolaíochta á scaoileadh chugainn píosa ar phíosa.

Snáithe eile den scéal ná an méid atá ag tarlú i Londain sa lá atá inniu ann. Eolaithe éagsúla ag cur lámh ina mbás féin agus tuiscintí na heolaíochta curtha bunoscionn ar fud an domhain ag torthaí tionscnaimh i luasaire cáithníní. Bleachtaire le Benedict Wong agus eolaí le Eiza González ag iarraidh ciall a bhaint as cúrsaí. Treabhann an chuid seo den scéal leis go cuíosach gan a bheith maíteach.

Is maith liom bleachtaire Wong, áfach, é seanbhlastúil, searbhasach go mórmhór agus gach re sea aige lena bhas Thomas Wade (Liam Cunningham); is cinnte go bhfeicimid a thuilleadh den Éireannach. Ní hé Cunningham amháin atá tugtha isteach ó Game of Thrones mar go bhfuil róil thánaisteacha ag Jonathan Pryce agus John Bradley.

Gné amháin den scéal nár thaitin liom in aon chor ná míreanna na réaltachta fíorúla. Anseo a thosaigh rudaí ag imeacht chun áiféise an iomarca. Tosnaíonn na maisiúcháin ag slogadh na gcarachtar agus an scéil.

Is mithid do Benioff agus Weiss gan dearmad a dhéanamh ar bhunchlocha Game of Thrones – carachtair mhealltacha agus snáitheanna scóipiúla scéil. Sin an rud is tábhachtaí agus tá na maisiúcháin ann le tacú leo seachas an tslí eile timpeall. Caithfear na bunchlocha a leagadh i gceart agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin déanta anseo.

Fág freagra ar 'Fadhb mhór ag ‘Body Problem’ – na carachtair agus an scéal slogtha ag na maisiúcháin'