‘Liam’ agus ‘Fiadh’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta in 2018 agus a shíneadh fada ag ‘Seán’

Tá liosta na n-ainmneacha is coitianta a tugadh ar ghasúir an stáit in 2018 foilsithe inniu ag an CSO agus aitheantas tugtha acu den chéad uair don síneadh fada in ainmneacha amhail ‘Seán’

‘Liam’ agus ‘Fiadh’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta in 2018 agus a shíneadh fada ag ‘Seán’

Is iad ‘Liam’ agus ‘Fiadh’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar leanaí in Éirinn anuraidh de réir an liosta ainmneacha is déanaí atá foilsithe ag an CSO.

Tá liosta na n-ainmneacha is coitianta a tugadh ar ghasúir an stáit in 2018 foilsithe inniu ag an bPríomhoifig Staidrimh agus aitheantas tugtha acu den chéad uair don síneadh fada in ainmneacha amhail ‘Seán’.

Tá ‘Seán’ é féin ar an dara hainm Gaeilge is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in 2018. Sa 13ú háit ar an mórliosta a bhí ‘Seán’ i mbliana agus an t-ainm sin tugtha ar 317 leanbh. Sa chúigiú háit a bhí ‘Sean’ anuraidh, nuair nár thug córas an CSO aitheantas don síneadh fada. Sa 74ú háit atá  ‘Sean’ ar an liosta is déanaí agus tugadh ‘Sean’ ar 91 buachaill anuraidh.

Ní raibh aon ainm Gaeilge i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar liosta na mbuachaillí do 2018 agus ‘Fiadh’ an t-aon ainm Gaeilge a bhí i measc na ndeich n-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní. Sa deichiú háit ar an mórliosta a bhí ‘Fiadh’ in 2018, i gcomparáid leis an 21ú háit in 2017 .

Tugadh ‘Liam’ ar 338 buachaill a rugadh sa stát anuraidh, rud a d’fhág go raibh an t-ainm sin san 11ú háit ar liosta iomlán na n-ainmneacha. Sa 15ú háit a bhí ‘Liam’ an bhliain roimhe sin, 2017. Tugadh ‘Fiadh’ ar 306 cailín a rugadh sa stát anuraidh.

Ar na hainmneacha Gaeilge eile a bhain áit amach i measc an 20 ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in 2018, bhí Fionn (14), Oisín (15), Cillian (17) agus Tadhg (20).

Chaill ‘Darragh’, a bhí sa 17ú háit in 2017, amach ar áit i measc an 20 ainm is coitianta in 2018 agus é sa 21ú háit.

Seachas ‘Fiadh’ bhí dhá ainm Gaeilge eile i measc an 20 ainm is coitianta a tugadh ar chailíní in 2018. Bhí ‘Aoife’ sa 17ú háit in 2018, mar a bhí anraidh, agus thit Saoirse ón 15ú háit in 2017 go dtí an 20ú háit in 2018. 

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte inniu roimh an scéala go raibh aitheantas tugtha ag an CSO den chéad uair ina liostaí bliantúla d’ainmneacha páistí d’ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu.

Tá eolas á chur ar fáil ag an CSO ó 1999 faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ach ní áiríodh an córas a bhí in úsáid acu ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu.

Ba iad ‘Jack’, ‘James’ agus ‘Noah’ na hainmneacha is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in Éirínn anuraidh agus ‘Emily’, ‘Grace’ agus ‘Emma’ na hainmneacha ba choitianta a tugadh ar chailíní.


Fág freagra ar '‘Liam’ agus ‘Fiadh’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta in 2018 agus a shíneadh fada ag ‘Seán’'