Idirdhealú le déanamh ag an CSO idir ‘Seán’ agus ‘Sean’ agus ‘Órla’ agus ‘Orla’

Tá eolas á chur ar fáil ag an CSO ó 1999 faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ach níor áirigh an córas a bhíodh in úsáid acu an síneadh fada

Idirdhealú le déanamh ag an CSO idir ‘Seán’ agus ‘Sean’ agus ‘Órla’ agus ‘Orla’

Tabharfaidh an CSO aitheantas den chéad uair d’ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu nuair a fhoilseofar a liostaí bliantúla d’ainmneacha páistí ag deireadh na míosa seo.

Tá eolas á chur ar fáil ag an CSO ó 1999 faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ach ní áiríonn an córas a bhí in úsáid acu ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu.

Tugadh le fios sa Dáil anuraidh gur seandeacrachtaí “teicniúla” maidir leis an síneadh fada a “ionchur go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ríomhaire” ba chúis le Seán a bheith ina Sean agus Órla a bheith ina hOrla sna liostaí ainmneacha a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Thug iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil anuraidh go raibh bogearra clárúcháin nua faighte ag an CSO a cheadódh dóibh cuntas a choimeád ar ainmneacha ina bhfuil sínte fada.

Dúirt sé, áfach, nach raibh sé i gceist an uirlis nua sin a chur ag obair ar bhunachar na n-ainmneacha mar go mbeadh briseadh sa taifead dá dtarraingeofaí an síneadh fada isteach sa scéal ag an tráth seo.

Tuairiscíodh ar an Irish Times inniu gur chinn ardbhainistíocht an CSO mí Iúil seo caite go n-aithneofaí an síneadh fada agus go ndéanfaí idirdhealú dá réir idir leithéidí ‘Seán’ agus ‘Sean’ agus ‘Órla’ agus ‘Orla’.

Dúirt an CSO gur léir ó aiseolas a fuair siad faoina bpolasaí ar an síneadh fada go raibh “cainteoirí Gaeilge áirithe” míshásta faoi agus iad ag iarraidh go mbeadh aitheantas ag an fada.

Tá uasdátú déanta chomh maith ag an CSO ar liostaí ainmneacha na bliana seo caite agus an síneadh fada curtha san áireamh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill “gur fearr go deireanach ná go brách” cinneadh an CSO faoin síneadh fada ach nár cheart “go dtarlódh sé seo ar an gcéad dul síos.”

Dheimhnigh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí le déanaí go bhfuil fiosrúchán ar bun acu féachaint an bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland. Mhaígh Ó Cofaigh gur shárú é seo ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

Faoin GDPR is gá go gcoinneodh eagraíochtaí stáit, bancanna agus comhlachtaí eile eolas agus sonraí pearsanta cruinn beacht.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.

Is minic daoine míshásta le comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha nach mbíonn aon aird acu ar an síneadh fada.

Bhí sé ina raic an mhí seo caite, mar shampla, mar gheall ainmneacha Gaeilge daoine a bheith ámílitriú ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar chártaí Leap.

Fág freagra ar 'Idirdhealú le déanamh ag an CSO idir ‘Seán’ agus ‘Sean’ agus ‘Órla’ agus ‘Orla’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dá mbeadh an fada ar fáil sa chéad áit, mar a dúirt Rónán Ó Domhnaill, ní bheadh aon mílitriú ann. Nach raibh am ann agus cha raibh leithéid ann agus an fada?…