‘Tá Facebook agus Google anseo againn, ach ní féidir síneadh fada a chur in ainm Gaeilge’ – míshástacht faoi ‘dhímheas’ an CSO ar an teanga

Tá cáineadh géar déanta ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar an CSO agus ar Aire Stáit na Gaeltachta mar gheall ar an ‘dímheas’ a deir sé atá léiriú acu ar ainmneacha Gaeilge

‘Tá Facebook agus Google anseo againn, ach ní féidir síneadh fada a chur in ainm Gaeilge’ – míshástacht faoi ‘dhímheas’ an CSO ar an teanga

Léaráid: Tuairisc.ie/CÓS

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta gur seandeacrachtaí “teicniúla” maidir leis an síneadh fada a “ionchur go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ríomhaire” is cúis le Seán a bheith ina Sean i liostaí ainmneacha a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Tá eolas á chur ar fáil ag an CSO ó 1999 faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ach ní áiríonn an córas atá in úsáid ó shin acu ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu.

Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív ceist ar an Taoiseach an tseachtain seo faoin easnamh seo ar chóras an CSO agus faoi cén fáth a bhfuiltear ag áireamh ainmneacha “ar nós Seán (John) mar, Sean (old)”.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta freagra ar an gceist Dála scríofa sin thar ceann an Taoisigh agus dúirt gur thuig sé d’imní an Teachta Uí Chuív faoin scéal.

Thug sé le fios chomh maith go raibh bogearra clárúcháin nua faighte le déanaí ag an CSO a cheadódh dóibh cuntas a choimeád ar ainmneacha ina bhfuil sínte fada , ach dúirt sé nach bhfuil sé i gceist an uirlis nua sin a chur ag obair ar bhunachar na n-ainmneacha mar go mbeadh briseadh sa taifead dá dtarraingeofaí an síneadh fada isteach sa scéal ag an tráth seo.

“Ach ní féidir an tsraith stairiúil a choigeartú go cúlghabhálach, siar go dtí an bhliain 1998, ós rud é, maidir leis an bhfoilseachán, go ndírítear aird go príomha ar rangú agus ar líon túsainmneacha ar leith.

“Ar mhaithe le cúrsaí inchomparáideachta, is gá leanúint den tsraith láithreach, gan briseadh sna sonraí a thabhairt isteach,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “gealltanas” tugtha ag an CSO go ndéanfaidh siad “breithniú” ar “tháblaí breise” a fhoilsiú amach anseo de na hainmneacha Gaeilge is coitianta agus an síneadh fada orthu nuair is ceart sin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, áfach, nach mbeadh “aon mhaith” ann liostaí breise ainmneacha le sínte fada a chur amach agus go raibh sé “an-mhíshásta” leis an “dímheas” ar an nGaeilge a léirigh an tAire Stáit agus an CSO sa chás seo, dar leis.

Dúirt sé gur “aisteach leis” agus an oiread sin cainte ann faoi cé chomh mealltach is atá Éire do chomhlachtaí ar nós Facebook agus Google nach bhféadfadh an CSO freastal ar an síneadh fada féin ar “bhunchuid é de litriú agus foghraíocht na Gaeilge”.

“Ní mar a chéile ainm duine gan an síneadh fada agus is rud an-tábhachtach do dhaoine a gcéadainm agus bíonn daoine an-churtha amach nuair a léirítear dímheas ar a n-ainm.

“Tar éis go ndúirt an tAire Stáit liom gur thuig sé don imní a bhí orm faoin scéal, is cosúil nach bhfuil sé chun aon rud a dhéanamh faoi agus nach bhfuil aon tuiscint aige ar an dímheas atá á léiriú ar dhaoine agus ar an nGaeilge sa chás seo. Dímheas atá i gceist freisin leis an  gcaint faoi ainmneacha Gaeilge a chur ar tháblaí astu féin seachas ar an mbunliosta ainmneacha,” a dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir.

Fág freagra ar '‘Tá Facebook agus Google anseo againn, ach ní féidir síneadh fada a chur in ainm Gaeilge’ – míshástacht faoi ‘dhímheas’ an CSO ar an teanga'